3,692 cás nua den víreas fógartha, 4,347 cás eile cláraithe ar thairseach an HSE

D’fhógair Roinn Sláinte an Tuaiscirt inniu go raibh duine amháin eile ar a raibh an Covid-19 tar éis bháis

3,692 cás nua den víreas fógartha, 4,347 cás eile cláraithe ar thairseach an HSE

3,692 cás nua den Covid-19 a d’fhógair an Roinn Sláinte tráthnóna, bunaithe ar thástálacha PCR.

Fógraíodh freisin gur chláraigh 4,347 duine a raibh toradh deimhneach antaigine faighte acu ar thairseach Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte.
885 othar atá buailte ag an ngalar atá sna hospidéil, 40 duine níos mó ná mar a bhí ansin inné. Bhí 76 díobhsan in aonad dianchúraim, triúr níos lú ná mar a bhí ann inné.

D’fhógair Roinn Sláinte an Tuaiscirt inniu go raibh duine amháin eile ar a raibh an Covid-19 tar éis bháis. 3,932 cás nua a fógraíodh ansin inniu.
371 othar Covid-19 atá in ospidéil an Tuaiscirt agus 23 díobhsan atá in aonad dianchúraim.

Fág freagra ar '3,692 cás nua den víreas fógartha, 4,347 cás eile cláraithe ar thairseach an HSE'