3,680 cás nua den víreas fógartha, laghdú beag ar líon na n-othar sna hospidéil

D’fhógair Roinn Sláinte an Tuaiscirt inniu go raibh seisear eile a raibh an Covid-19 orthu tar éis bháis

3,680 cás nua den víreas fógartha, laghdú beag ar líon na n-othar sna hospidéil

3,680 cás eile den Covid-19 a d’fhógair an Roinn Sláinte tráthnóna.

543 othar atá buailte ag an ngalar atá sna hospidéil, ochtar níos lú ná mar a bhí i gceist inné. Tá 97 díobhsan in aonad dianchúraim, ochtar níos mó ná mar a bhí ansin inné.

D’fhógair Roinn Sláinte an Tuaiscirt inniu go raibh seisear eile a raibh an Covid-19 orthu tar éis bháis. 1,462 cás nua a fógraíodh.

387 othar Covid-19 atá in ospidéil an Tuaiscirt agus 37 díobhsan atá in aonad dianchúraim.

Dúirt an tAire Sláinte Stephen Donnelly nach raibh aon chaint ag an Rialtas iarraidh ar dhaoine oibriú ón mbaile ná na pasanna vacsaíne a éileamh ar ócáidí breise.

Dúirt sé gur theastaigh ón Rialtas go gcoinneofaí gnóthaí ar oscailt ach dúirt sé go gcaithfeadh daoine na cruinnithe sóisialta a laghdú.

Beidh cruinnithe rialta ag an bhFoireann Náisiúnta um Éigeandáil sa tSláinte Phoiblí le comhairle a chur ar an Rialtas faoin Covid-19 agus faoin obair ón mbaile.

Dúirt an Príomhoifigeach Leighis, an Dr Tony Holohan inné go raibh an Roinn Sláinte tar éis ceannaireacht a thaispeáint agus a rá leis an bhfoireann an obair ar fad a dhéanamh ón mbaile arís. Bhí ar gach fostaí lá amháin a chaitheamh san oifig le tamall ach tá deireadh leis sin anois.

Léiríonn na figiúirí is déanaí ón Institiúid Taighde Eacnamaíochta agus Sóisialta (ESRI) go bhfuil leath fhostaithe na tíre ar ais ag obair san ionad oibre.

Dúirt an Dr Mary Favier, comhairleoir na ndochtúirí teaghlaigh faoin gcoróinvíreas, go raibh an-bhrú ar an gcóras sláinte ach go raibh sé “ag coinneáil a chúrsa, ar éigean”. Dúirt sí go gcaithfí a bheith an-chúramach as seo go Nollaig agus gearradh siar ar na hócáidí sóisialta as seo go ceann coicíse.

Tá áthas ar Chumann Múinteoirí Éireann faoin gcinneadh tástálacha antaigine a chur ar fáil do scoileanna go luath, rud a mhaolóidh an brú agus an imní ar mhúinteoirí agus ar dhaltaí.

Fág freagra ar '3,680 cás nua den víreas fógartha, laghdú beag ar líon na n-othar sna hospidéil'