319 cás eile den víreas fógartha, 23 duine in aonad dianchúraim

Ag cruinniú ghrúpa an G7 i gCorn na Breataine, tá gealltanais á dtabhairt go gcuirfidh na tíortha saibhre seo vacsaíní ar fáil do thíortha bochta sa domhan

319 cás eile den víreas fógartha, 23 duine in aonad dianchúraim

319 cás eile den choróinvíreas a d’fhógair an Roinn Sláinte tráthnóna.

60 othar atá buailte ag an ngalar atá sna hospidéil agus tá 23 acusan in aonad dianchúraim.

Bhí dea-scéal le fógairt ag Príomhfheidhmeannach an HSE inniu agus é ag giolcaireacht go raibh ocht n-ospidéal do dhaoine fásta sa tír inniu nach raibh aon othar istigh iontu de bharr an Covid-19. Ní raibh an víreas ar aon ghasúr sna trí ospidéal leanaí i mBaile Átha Cliath ach an oiread.

D’fhógair Roinn Sláinte an Tuaiscirt tráthnóna go bhfuair duine amháin eile a raibh an Covid-19 air bás le lá anuas. 121 cás eile den ghalar a fógraíodh.

D’eisigh an Lárionad Faire um Chosaint Sláinte figiúirí inniu a léirigh gur deimhníodh 5,370 cás den choróinvíreas sa tír sa gcoicís roimh an gCéadaoin seo caite agus gurbh í meánaois na ndaoine a tholg é ná 28 bliain. Ní raibh aon chomharthaí ar dhuine as triúr acu sin agus ó ghartheagmhálaithe a fuair 70% acu an víreas.

Ag cruinniú ghrúpa an G7 i gCorn na Breataine, tá gealltanais á dtabhairt go gcuirfidh na tíortha saibhre seo vacsaíní ar fáil do thíortha bochta sa domhan.

Gheall Joe Biden go gcuirfeadh na Stáit Aontaithe 500 milliún dáileog de vacsaín Pfizer ar fáil do 92 tír atá ar an mbeagán. Cuirfear 200 milliún dáileog ar fáil I mbliana agus 300 milliún an bhliain seo chugainn.

Dúirt Boris Johnson go gcuirfeadh an Bhreatain 100 milliún dáileog atá d’fhuílleach acu féin ar fáil as seo go ceann bliana agus go gcuirfí 5 mhilliún díobh sin ar fáil sna seachtainí beaga seo.

Gheall an tSeapáin go gcuirfidís 30 milliún dáileog  dá vacsaíní féín ar fáil trí COVAX chomh maith leis an 1.24 vacsaín AstraZeneca a thabharfaidís saor in aisce don Téaváin.

Gheall Ursula von der Leyen go gcuirfeadh an tAontas Eorpach 100 milliún vacsaín ar fáil do thíortha nach raibh ina n-acmhainn roimh dheireadh na bliana seo.

Údar imní don Eagraíocht Dhomhanda Sláinte chomh malltriallach agus atá na tíortha saibhre ag cur vacsaíní ar fáil do thíortha atá I mbéal forbartha. “Neamh-chomhionannas scannalach” a thug stiúrthóir an WHO, Tedros Adhanom Ghebreyesus ar an moill vacsaíní a roinnt leis an domhan mór agus dúirt gurb amhlaidh a bhí a mhoill sin ag buanú an choróinvíris.

I seacht dtír an G7 a tugadh amach 560 milliún den 2.2 milliún snáthaid atá faighte ag daoine ar fud na cruinne. Fágann sin go bhfuil thart ar 5.6 milliún duine sa domhan fós nach bhfuair aon vacsaín.

 

 

Fág freagra ar '319 cás eile den víreas fógartha, 23 duine in aonad dianchúraim'