3,000 Acht curtha le gaois.ie agus 43 milliún focal anois sa chorpas

Tá mórbhailiúchán de os cionn 3,000 Acht ón tréimhse 1922–2003 ar fáil anois ar gaois.ie

3,000 Acht curtha le gaois.ie agus 43 milliún focal anois sa chorpas

Tá 3,000 Acht ón tréimhse 1922–2003 curtha leis an gCorpas comhthreomhar Béarla-Gaeilge ar gaois.ie.

Rannóg an Aistriúcháin i dTithe an Oireachtais, a chuir an mórbhailiúchán de os cionn 3,000 Acht ón tréimhse 1922–2003 ar fáil do Fiontar agus Scoil na Gaeilge, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath.

Fágann an fhorbairt seo go bhfuil os cionn 3,100 Acht anois i gcorpas gaois.ie agus go bhfuil ábhar na n-achtanna sin ar fad ar fáil do lucht cuardaigh an tsuímh.

Thart ar 43 milliún focal atá i gcorpas gaois.ie anois, 22 milliún focal Gaeilge agus 21 milliún focal Béarla, ina measc focail ó reachtaíocht phríomha agus reachtaíocht thánaisteach na hÉireann agus reachtaíocht an Aontais Eorpaigh.

Tá gaois.ie dírithe go háirithe ar  aistritheoirí, eagarthóirí, iriseoirí agus taighdeoirí a bhíonn ag iarraidh na leaganacha Béarla agus Gaeilge d’fhocail agus d’fhrásaí a chur i gcomparáid lena chéile.

I ráiteas a d’eisigh Fiontar agus Scoil na Gaeilge, dúradh go méadódh an mórbhailiúchán nua reachtaíochta príomha seo an “réimse ábhair” atá ar fáil sa chorpas agus go gcuirfeadh sé le “beachtas agus le héagsúlacht na dtorthaí cuardaigh dá réir”.

Fág freagra ar '3,000 Acht curtha le gaois.ie agus 43 milliún focal anois sa chorpas'