Ceol éan na nGael! Éistigí anseo leis!

Canfar breis agus 300 amhrán a bhaineann le héin an Bhealtaine seo le linn sraith ceolchoirmeacha agus seisiúin amhránaíochta timpeall na tíre atá á reáchtáil mar chuid den ‘Bird Song Project’

folk

Is tionscadal ceoil agus taighde ar leith é ‘The Bird Song Project’ a dhéanann ceiliúradh ar amhráin sa traidisiún amhránaíochta Gaeilge agus Béarla, a bhfuil éin nó ceiliúr éin luaite iontu.

Curtha i láthair ag féile ‘Bealtaine’, tá clár de chúig cheolchoirm á reáchtáil sna ceithre chúige ó thús na míosa a thugann amhránaithe gradamúla le chéile agus iad ar fad ag canadh faoi éin.

Chomh maith leis sin, tá gréasán de chiorcail amhránaíochta (15 san iomlán) ar fud na tíre ag díriú ar an ábhar céanna.

“Ábhar iontais an oiread amhrán i dtraidisiún amhránaíochta na hÉireann a bhaineann le héin agus bhí ar intinn agam le fada an lá tionscadal amhránaíochta a dhéanamh bunaithe ar an ábhar,” arsa Michael Fortune, duine de léiritheoirí ‘The Bird Song Project’.

Is iad Micheal Fortune agus Aileen Lambert atá á léiriú, lánúin atá ag obair ar fhiontair amhránaíochta éagsúla le cúige bliana anuas, i gcomhpháirt le Taisce Cheoil Dúchais Éireann agus An Leabharlann Náisiúnta. Is as an gcomhoibriú céanna a d’eascair an tionscadal ceoil is déanaí seo.

“Cuid thábhachtach de na tograí ceoil go dtí seo í an fhoghlaim. Go dtí seo, bhí muid ag díriú ar thionscadail a iarrann ar amhránaithe gabháil céim níos faide, bíodh sé i dtaobh an taighde nó na cumadóireachta de,”arsa sé.

Ar cheann de na tionscadail ba rathúla bhí ‘Man, Women agus Child’, clár ceolchoirme a reáchtáladh i 2013 a chuir beirt amhránaithe (fear agus bean) le chéile agus iad ag canadh a rogha amhrán ó bhailiúchán Francis J Child.

“Ba bhailitheoir é Child a chruinnigh stór mór amhrán in Albain agus i Sasana idir 1882 1898, bailiúchán nár tugadh mórán suntas dó in Éirinn.”

“Léirigh na hamhránaithe a bhí páirteach sa tionscadal go bhfuil amhráin Ghaeilge agus Bhéarla go leor ann, agus dhá oiread leaganacha d’amhrán, ó bhailiúchán Child fós beo i dtraidisiún amhránaíochta na tíre seo,” arsa sé.

Rinneadh na ceolchoirmeacha agus na seisiúin amhránaíochta ar fad a thaifeadadh agus tá bailiúchán Child anois ar fáil don phobal ar shuíomh an tionscadail anseo.

Is ar an mhúnla céanna atá ‘The Bird Song Project’ bunaithe, ach an iarraidh seo tá idir cúigear agus seisear amhránaithe páirteach i ngach ceolchoirm.

Bhí Pádraigín Ní Uallacháin i measc na n-amhránaithe a bhí ar ardán sa Leabharlann Náisiúnta Dé Céadaoin seo caite do cheolchoirm Chúige Laighean.

“An bua is mó atá ag tionscadal ceoil mar seo ná go dtugann sé ardán poiblí do na hamhráin thraidisiúnta agus seans do na hamhránaithe casadh gan tionlacan os comhair an phobail,” ar sí.

“Is deas an rud ‘éanlaith’ a bheith mar théama mar go dtugann sé deis do dhuine machnamh agus ceiliúradh a dhéanamh ar an nádúr mar a rinne na filí fadó.”

Táthar ag súil go mbeidh bailiúchán suntasach d’amhráin éin curtha ar fáil ar shuíomh ‘The Bird Song Project’ i mí Iúil.

Tabhair cluas éisteachta do chuid dá raibh á cheol ag Ceolchoirm Laighean Dé Céadaoin, 6 Bealtaine.

Leagan Oirialla ‘An Bonnán Buí’ le Pádraigín Ní Uallacháin

Westlin Winds’ le Gerry Cullen

‘The Magpie’s Nest’ le Alanna O’Kelly

Beidh ceolchoirm Bhaile Átha Cliath ar siúl le ‘Luke Cheevers, Niamh Parsons, Francy Devine, Tony McGaley, Tom Finn, Eugene Mac Eldowney agus Anne Buckley’, Dé Céadaoin 13 Bealtaine, ag a 8in, sa Leabharlann Náisiúnta, Sráid Chill Dara, Baile Átha Cliath. Cead isteach: £4.00 Tuilleadh eolais anseo

Fág freagra ar 'Ceol éan na nGael! Éistigí anseo leis!'