30 láthair seandálaíochta aimsithe taobh amuigh de Bhaile Bhuirne

Tá lios a tógadh le linn na Cré-Umhaoise ar cheann de na séadchomharthaí a fuarthas le linn an charta

30 láthair seandálaíochta aimsithe taobh amuigh de Bhaile Bhuirne

Thángthas ar 30 láthair seandálaíochta taobh amuigh de Bhaile Bhuirne i nGaeltacht Chorcaí le linn na hoibre atá ar bun sa cheantar leis an mbealach a réiteach don N22 nua.

Tá lios a tógadh le linn na Cré-Umhaoise ar cheann de na séadchomharthaí a fuarthas le linn an charta.

De réir tuairisce ar an nuachtán The Irish Examiner fuarthas na láithreacha seandálaíochta le radar ar dhá thrian den bhealach 22km idir Maigh Chromtha agus Baile Bhuirne, agus táthar le tochailt seandálaíochta cheart a thosú go luath.

Is iad Rubicon Heritage, Earthsound Archaeological Geophysics agus TVAS Ireland a bheidh i mbun na hoibre seandálaíochta, agus beidh suirbhéireacht ar an talamh agus ón aer á déanamh.

“Go dtí seo, tá dhá thrian den bhealach fiosraithe agus thángthas ar 30 láthair seandálaíochta nach raibh a fhios againn fúthu cheana. Tá poill cuaillí agus poill mhóra ann, a thugann le fios go raibh lonnaíocht ann, chomh maith le lios, áith agus fulacht fia,” a dúirt Deirdre McCarthy, príomhsheandálaí an togra.

Ba i mBaile Bhuirne a rinneadh na chéad tochailtí ar láithreacha dá leithéid seo riamh, agus b’ann a tháinig an tOllamh Michael J O’Kelly ar an teoiric gur áis chócaireachta a bhí san fhulacht fia.

Táthar ag súil go ndéanfar tochailt seandálaíochta ar gach ceann de na 30 láthair agus go mbeidh an tochailt sin curtha i gcrích faoi dheireadh na bliana seo chugainn.

Fág freagra ar '30 láthair seandálaíochta aimsithe taobh amuigh de Bhaile Bhuirne'

  • Ursa Minor

    ”b’ann a tháinig an tOllamh Michael J O’Kelly ar an teoiric gur áis chócaireachta a bhí san fhulacht fia.”
    Ní fíor sin; bhí a fhios na céadta bliain ó shin gur le haghaidh cócaireachta an fulacht fian (mar a thugtaí orthu freisin). Tá an tseanlitríocht breac le trácht orthu …
    Ní dóigh liom gur ‘lios’ atá i gceist, dála an scéil, ach ‘ráth’.

  • Samuel

    An fulachta fia a athchoiriu mar choras cocaireachta nua-aimseartha? Dealraionn se an-slaintiuil, an-aiceanta mar choras. Bitear ag siorlorg nualaiochta ar na meain, da aifeisi sea is fearr, agus an fulachta a phoibliu ar Bake Off, mar shampla!