275 cás den choróinvíreas deimhnithe anois in Éirinn agus Plean Gnímh Náisiúnta fógartha

Dúirt an Taoiseach Leo Varadkar gurb amhlaidh atáthar ag súil le méadú 30% ar líon na gcásanna deimhnithe gach lá sa tréimhse romhainn amach agus go bhféadfadh 15,000 cás a bheith ann ó dheas faoi dheireadh na míosa

275 cás den choróinvíreas deimhnithe anois in Éirinn agus Plean Gnímh Náisiúnta fógartha

275 cás den choróinvíreas atá deimhnithe anois in Éirinn agus Plean Gnímh Náisiúnta chun dul i ngleic leis an víreas fógartha.

223 cás ar fad a deimhníodh go dtí seo ó dheas den teorainn agus 54 cás nua a deimhníodh anocht.

52 cás a deimhníodh ó thuaidh go dtí seo, seacht gcinn nua ina measc.

Táthar den tuairim go bhfógrófar ardú suntasach eile ar líon na gcásanna sna laethanta amach romhainn.

Dúirt an Taoiseach Leo Varadkar gurb amhlaidh atáthar ag súil le méadú 30% ar líon na gcásanna deimhnithe gach lá sa tréimhse romhainn amach agus go bhféadfadh 15,000 cás a bheith ann ó dheas faoi dheireadh na míosa. Ní bheidh gá ag formhór de na daoine a bheidh buailte ag an ngalar le cúram san ospidéal ach beidh dianchúram leighis ag teastáil ó roinnt acu, a dúirt sé.

Ar na beartais nua atá fógartha sa Phlean Gnímh, tá mórfheachtas earcaíochta do na seirbhísí sláinte.

Dúirt Príomh-Oifigeach Leighis na Roinne Sláinte Tony Holohan anocht nach dócha go mbeifí ag filleadh “ar an 29 Márta ar an saol mar a bhí”.

Tuairiscíodh níos túisce tráthnóna go raibh Páirc an Chrócaigh le bheith ina hionad tástála náisiúnta do Covid-19.

Ionad tástála carrsheirbhíse a bhunófar i gceannáras Chumann Lúthchleas Gael agus beidh gá le coinne chun tástáil a fháil.

Tiocfaidh ardú “suntasach” ar líon na ndaoine a gcuirfear tástáil orthu do Covid-19 an tseachtain seo agus ionaid tástála á mbunú sa phobal chun tástáil a chur ar dhaoine.

Dúirt Príomh-Oifigeach Leighis na Roinne Sláinte, an Dr Tony Holohan, inniu go mbeadh a ndéanfaí sna seacht lá romhainn amach “fíorthábhachtach” san iarracht bac a chur le scaipeadh an víris.

D’iarr sé ar an uile dhuine a chion a dhéanamh chun srian a chur le scaipeadh an ghalair.

Idir an dá linn, dúirt ceannasaí Ghrúpa an Euro, Mario Centeno, gur geall le cogadh atá le cur de ag geilleagar na hEorpa de bharr an choróinvíris agus go bhfuil comhrac fada i ndán dúinn.

“Tá a fhios againn nach bhfuil an víreas seo ina bhuaic go fóill. Ná cuirimis dallamullóg orainn féin,”  arsa Mario Centeno agus é ag caint roimh fhíschomhdháil ag airí airgeadais limistéar an euro.

Deir an WHO gur san Eoraip anois atá croílár na paindéime agus tá an Coimisiún Eorpach ag moladh go mbeadh cosc ar thaisteal neamhriachtanach chun an AE ó thíortha eile ar feadh 30 lá.

Phléigh Fochoiste Rialtas na hÉireann inniu reachtaíocht atá á hullmhú chun tacú le daoine atá as obair de bharr Covid-19 tráth a meastar a bpost a bheith caillte ag 140,000 duine de bharr scaipeadh an víris.

Rinneadh scrúdú freisin ar bhealaí le tacaíocht a thabhairt d’oibrithe cúram sláinte a bhfuil deacrachtaí acu maidir le cúram leanaí de bharr an ghalair.

Pictiúr: Sam Boal/Rollingnews.ie

I Sasana, dúirt Boris Johnson gur chóir do dhaoine gan aon teagmháil a bheith acu le daoine eile mura mbeadh fíorghá leis. Dúirt Príomh-Aire na Breataine gur chóir do dhaoine obair ón mbaile dá bhféadfaidís agus fanacht amach ó thithe tábhairne, clubanna agus amharclanna. Dúirt sé gur chóir do chlanna fanacht ag baile ar feadh 14 lá sa chás go mbíonn duine sa chlann tinn.

Dúirt Johnson go raibh an Bhreatain an-ghar don chéim “ardú gasta” ar an gcuar agus go raibh an scéal níos measa i Londain ná in aon áit eile sa tír. Fágann sin, a deir sé, go mbeidh líon na gcásanna ag dúbailt gach cúig lá.

Tá na húdaráis ó thuaidh ag cloí le treoir Shráid Downing maidir leis na beartais agus na srianta is gá chun dul i ngleic le scaipeadh an ghalair. Fágann sin, mar shampla, go bhfuil na scoileanna ó thuaidh den teorainn fós oscailte fad is atá siad dúnta ó dheas. Údar imní do mhórán an neamhréir seo ó thaobh polasaí idir an dá dhlínse agus shocraigh roinnt scoileanna ó thuaidh dúnadh as a stuaim féin.

Pictiúr: Leah Farrell/RollingNews.ie

 

Dúirt Príomh-Aire na hIodáile Giuseppe Conte inniu nach raibh an galar ina bhuaic fós sa tír sin.

“Tá na heolaithe á rá linn nach bhfuil a bhuaic sroichte ag an ngalar seo go fóill. Is iad na seachtainí beaga seo na cinn is dainséaraí agus caithfimid a bheith fíorchúramach,” a dúirt sé.

An Lombaird i dTuaisceart na hIodáile an ceantar is measa san Eoraip atá buailte ag an gcoróinvíreas, ach dúirt gobharnóir an cheantair go mb’fhéidir go bhfuil comharthaí ann go bhfuil scaipeadh an víris ag moilliú ansin. Tá 1,218 duine curtha den saol ag an ngalar sa gceantar. Tá daonra ard i réigiún na Lombairde agus is í cathair  Milano príomhchathiar airgeadais na hIodáile. Fuair 252 duine bás ón ngalar in dhá lá, Dé Sathairn agus Dé Domhnaigh, an líon is mó ó bhuail an aicíd an tír.

Sa Ghearmáin tá srianta curtha i bhfeidhm ar a teorainn leis an Ostair, an Danmhairg, an Fhrainc, an Eilvéis agus Lucsamburg in iarracht scaipeadh an choróinvíris a bhacadh, agus sa bhFrainc tá daoine á réiteach féin do na srianta níos déine a thiocfaidh i bhfeidhm amárach.

Dúirt ceannasaí sheirbhís sláinte na Fraince, Jérôme Salomon, go raibh an scéal “ag dul in olcas go han-tobann”.

Táthar ag iarraidh ar mhuintir na hÉireann tacú leis na bearta ar fad atá fógartha ag an Rialtas agus na húdaráis sláinte.

Táthar ag iarraidh ar gach duine a laghad teagmhála agus is féidir a bheith acu le daoine eile agus caidrimh shóisialta a sheachaint oiread agus is féidir. Táthar ag iarraidh chomh maith ar dhaoine an scoitheadh sóisialta (social distancing) a chleachtadh, is é sin fanacht dhá mhéadar amach ó dhaoine eile agus tú i gcomhluadar.

Táthar ag impí ar dhaoine leis a bheith san airdeall maidir leis na daoine is mó atá i mbaol ón ngalar seo. Baol ar leith an galar seo do dhaoine atá amach san aois, daoine a bhfuil galair ainsealacha orthu amhail diaibéiteas, fadhbanna croí nó scamhóige agus daoine a bhfuil a gcóras imdhíonachta lagaithe.

De ghnáth ní foláir do dhuine 15 nóiméad a chaitheamh i ngiorracht dhá mhéadar de dhuine a bhfuil an galar air chun go mbeadh sé i gcontúirt an galar a thógáil.

Tá cásanna den ghalar deimhnithe anois i 156 tír agus os cionn 6,500 duine curtha den saol aige.

Fág freagra ar '275 cás den choróinvíreas deimhnithe anois in Éirinn agus Plean Gnímh Náisiúnta fógartha'