2,605 cás nua fógartha, líon na n-othar sna hospidéil tite

1,122 cás a dheimhnigh Roinn Sláinte an Tuaiscirt tráthnóna agus deimhníodh go raibh naonúr eile a raibh an Covid-19 orthu tar éis bháis

2,605 cás nua fógartha, líon na n-othar sna hospidéil tite

Tá 2,605 cás eile den víreas fógartha ag an Roinn Sláinte tráthnóna.

487 othar a bhí buailte ag an ngalar a bhí sna hospidéil maidin inniu, síos ó 503 inné, agus bhí 99 acusan in aonad dianchúraim, beirt níos lú ná mar a bhí ansin inné.

1,122 cás a dheimhnigh Roinn Sláinte an Tuaiscirt tráthnóna agus deimhníodh go raibh naonúr eile a raibh an Covid-19 orthu tar éis bháis. 2,684 duine ar fad a raibh an víreas orthu atá básaithe ó thuaidh den teorainn ó thús na paindéime.

349 othar Covid-19 atá in ospidéil an Tuaiscirt inniu, ceathrar níos mó ná inné, agus tá 34 díobhsan in aonad dianchúraim.

Níos túisce tráthnóna, dúirt an Taoiseach Micheál Martin nach bhfuil aon ghlacadh aige leis an moladh go gcuirfí dianghlasáil ghearr ghéar i bhfeidhm ar feadh scaithimh, ‘scoradán ciorcaid’ mar a thugtar air, le líon na gcásanna Covid-19 i measc leanaí scoile a chur faoi smacht arís.

Faoin moladh sin chuirfí síneadh le saoire seo na Samhna ach tá an Rialtas ar a mine ghéire ag iarraidh na scoileanna a choinneáil oscailte, a deir an Taoiseach.

D’admhaigh sé áfach nach bhfeadfaí aon rud a chur as an gcomhaireamh sna míonna amach romhainn.

Agus é ag trácht ar an ardú tobann atá le sonrú i measc leanaí idir 5 bliana agus 12, dúirt an Taoiseach gurb é an saineolas atá ag teacht ón bhFoireann Náisiúnta um Éigeandáil sa tSláinte Poiblí (NPHET) gur sa bpobal atá an víreas ag scaipeadh.

Tá imní á léiriú le laethanta beaga anuas faoin ardú mór ar líon na gcásanna den ghalar. Dúirt an Taoiseach nár cuireadh aon chomhairle ar an Rialtas gur chóir srian a chur ar imeachtaí leanaí taobh amuigh den scoil.

Dúirt Micheál Martin gur theastaigh uaidh cultúr nua a spreagadh ina ndéanfadh daoine iad féin a thástáil agus chuige sin go mbeadh teacht níos éasca ar thástálacha antaigine.

Ón lá inniu ar aghaidh seolfar tástálacha antaigine saor in aisce amach chuig aon duine a ainmníodh mar ghartheagmhálaí do dhuine ar deimhníodh an Covid-19 a bheith air.

Aon ghartheagmhálaí a bhfuil comharthaí sóirt an ghalair air nó nach bhfuil an vacsaín iomlán faighte aige, cuirfear le haghaidh gnáth-thástáil PCR é.

Cuirfear bosca cúig thástáil antagaine chugat más gartheagmhálaí thú a bhfuil an vacsaín iomlán faighte agat. Caithfidh tú trí thástáil a dhéanamh – an chéad cheann ar fháil na tástála duit, an dara ceann dhá lá ina dhiaidh sin agus an tríú ceann i gceann dhá lá eile.

Sa gcás go mbeidh an tástáil antaigine sin deimhneach caithfidh tú tástáil PCR a chur in áirithe. Más diúltach an toradh, cuir sin in iúl d’Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (HSE) ar a láthair ghréasáin.

D’fhógair an Taoiseach go raibh sé i gceist ag an Rialtas feachtas cumarsáide a sheoladh maidir le ceartúsáid na dtástálacha antaigine.

“Ag an tráth seo den fheachtas táimid ag díriú ar na gartheagmhálaithe. Ba chóir dúinn cultúr na féintástála a fhorbairt, rud a dhéanfadh daoine go rialta agus ag an am ceart agus ar an gcomhairle cheart.”

Fág freagra ar '2,605 cás nua fógartha, líon na n-othar sna hospidéil tite'