20 bliain ó shin a sheas mé ar bhus in Amsterdam a thabharfadh go hÉirinn mé…

Fiú agus leath dá shaol caite ar imirce ag ár gcolúnaí, tagann maoithneas air in aerfoirt agus ar ‘Lá an mhála mhóir’

Alex

Is maith is cuimhin liom an mhaidin, fiche bliain agus sé mhí ó shin anois, gur thiomáin mo mham go stáisiún na mbusanna Eurolines in Amsterdam mé. Bhí mé le seasamh ar bhus – ní raibh trácht ar bith ar aerthaisteal ar chostas íseal fós sna laethanta sin – a thabharfadh go hÉirinn mé, áit a raibh mé le bliain a chaitheamh ag Ollscoil na Gaillimhe.

Tháinig an tocht a tháinig ar mo mháthair ag stáisiún na mbusanna aniar aduaidh orm agus d’éirigh mé rud beag cantalach dá bharr: bhí eachtra mhór saoil romham, agus bhí sise buartha nach raibh aon lóistín socraithe agam. ‘Ach tá míle brú óige i nGaillimh, a mhamaí,’ a dúirt mise, gan dul thar fóir ach ar beagán. ‘Ach níl a fhios agamsa cá gcodlóidh mo mhac anocht,’ a dúirt sise.

Chuir mé i mbolg an bhus an mála droma mór a cheannaigh mo thuismitheoirí dom dhá shamhradh roimhe sin, nuair a thug mé aghaidh ar Ghleann Cholm Cille chun mo chéad fhocail Ghaeilge a fhoghlaim, d’fháisc barróg chiotach ar mo mham, agus d’aimsigh mo shuíochán. Sheas mo mháthair le taobh an bhus go dtí gur tharraing sé amach, agus faoin am sin, bhí aghaidh mo mháthar fliuch. Mhill sé cuid den eachtra orm; ní raibh coinne agam leis seo.

Ní raibh a fhios ag mo mháthair an mhaidin sin – ná agam féin, go deimhin – go gcaithfinn an chéad dhá bhliain déag eile in Éirinn agus go dtabharfadh gaoithe an tsaoil go dtí an taobh eile den domhan mé ina dhiaidh sin, go dtí an Bhrasaíl.

Is iomaí uair ó shin a thug mé cuairt abhaile, ar ndóigh, agus is iomaí uair ó shin a thug mo mháthair cuairt ormsa, i nGaillimh ar dtús agus anseo i gcathair Salvador ina dhiaidh sin. In imeacht na mblianta, bhaist muid ainm ar lá deacair, deireanach gach cuairte: ‘Lá an Mhála Mhóir’. Cat a bhíodh ag mo mham a tháinig aníos leis an ainm sin i ndáiríre; lá deireanach mo chuid cuairteanna abhaile, bhíodh sé de nós aige sin luí ar bharr mo mhála droma chun cur isteach ar mo chuid pacála. Thuig fiú an cat go raibh slán le fágáil in athuair.

Aréir, thug mé mo mháthair go dtí an t-aerfort anseo in Salvador tar éis di cúig seachtaine a chaitheamh ag stopadh liom. Shílfeá go mbeadh cleachtadh againn tar éis breis is fiche bliain ar ‘Lá an Mhála Mhóir’, ach níl sé éirithe pioc níos éasca slán a fhágáil ag a chéile. Éirimid maoithneach, rud beag cantalach, bíonn oiread le rá nach dtagann amach, de ghnáth, ach ‘an bhfuil tú cinnte go bhfuil do phas agat?’

Ar ndóigh, ní mé an t-aon mhac nó iníon amháin riamh a d’fhág slán ag máthair agus athair*, ag gaolta agus ag cairde, le dul ar imirce; tá na milliúin in Éirinn agus ar fud an domhain a thuigfeadh an maoithneas atá orm agus mé i mbun pinn maidin inniu go rímhaith. Cá bhfios, b’fhéidir go bhfuil a n-ainm féin baiste acu ar ‘Lá an Mhála Mhóir’.

Feicim ar an suíomh www.flightradar24.com go bhfuil mo mháthair tar éis leaindeáil anois díreach i gcathair Liospóin, í tar éis eitilt ocht n-uaire an chloig go leith a chur di. Beidh dhá uaire an chloig le meilt aici san aerfort sin. Bainfidh sí Amsterdam amach trí huaire an chloig ina dhiaidh sin, agus uair an chloig ina dhiaidh sin arís, beidh sí sa bhaile faoi dheireadh, í tar éis taisteal leath bealaigh timpeall an domhain chun a mac a fheiceáil.

Roimh Nollaig, scríobh mé ar na leathanaigh seo nár cheart d’aon imirceach aireachtáil ciontach as dul ar imirce agus seasaim leis sin; ina dhiaidh sin uilig, bíonn braistintí na ciontachta mar chuid den trí chéile a thagann orm ar ‘Lá an Mhála Mhóir’. 

Tá gaois agus sólás, áfach, i nath cainte a bhíonn ag máithreacha na Brasaíle: ‘Ní dúinn féin a thógaimid ár gclann ach don domhan mór.’ 

– Fuair m’athair bás bliain tar éis dom bogadh go hÉirinn, sin an fáth nach bhfuil tagairtí dó san alt seo.

Fág freagra ar '20 bliain ó shin a sheas mé ar bhus in Amsterdam a thabharfadh go hÉirinn mé…'

  • Seosamh Ó Cuaig

    Is minic ráite agam é gur iontach an deá-shampla é Alex do dhuine ar bith a bheadh ag iarraidh Gaeilge a fhoghlaim ná a scríobh.

  • ainenichleirigh

    thaitin an piosa seo liom

  • Seán Míchaèl O Donnchadaha

    Hi Alex,
    Alt deas tuisceanach.chabhraigh tú liom mo theanga féin a athfhoghlaim.
    Go MBA fada buan thú.

  • Aoife

    Go hálainn ar fad Alex. Bhí tocht im’ scornach. Tá bua na scríbhneoireachta agat agus cuireann tú le saibhreas litríochta na Gaeilge

  • Alex HIjmans

    Ní nós liom nótaí tráchta a chur ag bun mo chuid colún féin, ach go raibh maith agaibh ar fad as bhur dteachtaireachtaí deasa.

    Alex.

  • alan

    Tréaslaím leis an méid réamhráite, eiseamláir dúinn uile é an ‘Gall’ seo atá níos Gaelaí ná ár bhformhór mór.

  • Breathnóir

    Aontaím leis na tuairimí eile. Alt an-deas, agus comhghairdeas, a Alex, as cur go mór le litríocht na Gaeilge le do chuid leabhar.

  • Fionn

    Chuir sé seo i gcuimhne dom an uair a d’fhág mise Éire. Níos mó ná 20
    bliain ó shin a bhí ann. Fágadh ag aerphort BhÁC mé ag mo thuismitheoirí.
    Agus chonaic mé beagáinín deora i súile mo mháthar. Is trua é sin, ach
    sin mar atá an saol s’againne. Bhí mé ar mo bhealach go Páras na Fraince,
    chun stáidéar a dhéanamh.