240 cás nua fógartha agus moladh déanta go n-aistreofaí Baile Átha Cliath go dtí Leibhéal 3

Fógraíodh gur bhain 16 cás den choróinvíreas le Dún na nGall inniu agus 15 cás nua a bhí i bPort Láirge

240 cás nua fógartha agus moladh déanta go n-aistreofaí Baile Átha Cliath go dtí Leibhéal 3

Tá 240 cás nua den Covid-19 curtha ar an taifead ag an Roinn Sláinte.

Bás amháin eile de dheasca an ghalair a d’fhógair siad tráthnóna.

Bhain 119 den 240 cás nua a fógraíodh inniu le Baile Átha Cliath, nó 50%.

Tuairiscítear go bhfuil moladh déanta ag NPHET go n-aistreofaí Baile Átha Cliath go dtí Leibhéal 3 faoin bplean nua le dul i ngleic leis an Covid-19.

Tá roinnt srianta breise eile molta acu do Bhaile Átha Cliath chomh maith agus ní osclófar na tithe tábhairne nach bhfuil bia ar fáil iontu san ardchathair, cé go bhfuil a leithéid ceadaithe ag Leibhéal 3.

Déanfaidh an grúpa nua maoirseachta atá bunaithe ag an Rialtas comhairle NPHET a phlé anocht agus pléifidh an Rialtas féin an scéal amárach.

Dúirt an Príomhoifigeach Leighis gníomhach, an Dr Ronan Glynn, tráthnóna:

“I mBaile Átha Cliath atá 50% de chásanna an lae inniu. Baineann cuid níos mó de na cásanna anois le daoine atá níos sine.  Déan gníomh anois chun beatha daoine a shábháil. Laghdaigh líon na dteagmhálaithe a bhíonn agat oiread agus is féidir. Déan tú féin a iompar amhail is go bhfuil an víreas ortsa agus ar na daoine a chastar ort, fan amach ó dhaoine agus déan do chuidse le daoine eile a choinneáil slán.”

Dá mbogfaí Baile Átha Cliath go dtí Leibhéal a Trí bheadh srianta taistil i gceist agus bheadh cosc iomlán ar theaghlaigh bualadh le chéile agus ar gach cineál ócáidí sóisialta agus teaghlaigh.

Bheadh cosc ar chluichí agus imeachtaí spóirt seachas i measc imreoirí ag an leibhéal is airde.

D’fhógair Roinn Sláinte an Tuaiscirt tráthnóna go raibh 149 cás nua deimhnithe acu. Ní raibh bás ar bith eile de dheasca an ghalair le fógairt.

40,803 cás atá deimhnithe in Éirinn go n-uige seo, 32,023 cás ó dheas den teorainn agus 8,780 cás ó thuaidh di.

2,362 duine a raibh an galar orthu a bhásaigh in Éirinn ó thús na paindéime, 1,789 duine ó dheas agus 573 ó thuaidh.

Bhí Dún na nGall agus Port Láirge i measc na gcontaetha inar deimhníodh an líon is mó cásanna arís eile.

Bhain 16 cás le Dún na nGall inniu agus 15 a bhí i bPort Láirge.

Bhí ocht gcás nua i gCorcaigh inniu agus bhí ar a laghad ceann i nGaillimh agus i gcontae na Mí.

Bhain 19 den 240 cás nua inniu le Cill Mhantáin, 17 a bhí i gCill Dara, deich gcinn a bhí i Luimneach, sé cinn a bhí i gcontae Lú agus cúig cinn a bhí i Loch Garman.

Tá sé deimhnithe gur bhain 47% de na cásanna nua le ráigeanna nó le duine a raibh gartheagmháil aige le duine a raibh sé deimhnithe cheana féin go raibh an galar air. Deimhníodh gur scaipeadh sa phobal ba chúis le 44 cás.

Bhí 61% de na daoine a buaileadh faoi bhun 45 bliain d’aois.

Níos luaithe inniu, d’fhógair an Roinn Sláinte go raibh ceithre thír curtha le Liosta Glas na dtíortha gur féidir leat cuairt a thabhairt orthu gan fanacht amach ó dhaoine ar fhilleadh abhaile ar Éirinn duit.

Tá an Chipir, an Ghearmáin, an Pholainn agus an Íoslainn curtha leis an liosta. Fanfaidh an Fhionlainn, an Laitvia agus an Liotuáin ar an liosta agus tiocfaidh an leagan nua de i bhfeidhm Dé Luain.

Tá an Eastóin, an Ghréig, an Ungáir, an Iodáil, an Iorua agus an tSlóvaic bainte de.

Ní gá do dhaoine a fhilleann ó na tíortha seo as seo go dtí Dé Luain féinleithlisiú a dhéanamh.

Tá an liosta nua cáinte ag Aer Lingus a deir gur chóir go mbeadh an Ghréig, an Iodáil agus an Iorua fágtha ar an liosta agus scata tíortha eile a bheith curtha leis, ina measc an tSualainn, Sasana, Albain, an Bhreatain Bheag, an Danmhairg, an Ísiltír, an Bheilg agus an Phortaingéil.

Déanfar uasdátú ar an liosta Glas gach Déardaoin feasta agus cuirfear leis tíortha ina bhfuil níos lú ná 25 cás den ghalar in aghaidh gach 100,000 duine le coicís.

Fág freagra ar '240 cás nua fógartha agus moladh déanta go n-aistreofaí Baile Átha Cliath go dtí Leibhéal 3'