23,909 cás nua den víreas fógartha, an Taoiseach muiníneach nach mbeidh srianta breise ag teastáil

D’fhógair Roinn Sláinte an Tuaiscirt inniu go raibh seisear eile a raibh an Covid-19 orthu tar éis bháis

23,909 cás nua den víreas fógartha, an Taoiseach muiníneach nach mbeidh srianta breise ag teastáil

23,909 cás nua den Covid-19 a d’fhógair an Roinn Sláinte tráthnóna, rud a d’fhág go bhfuil breis is milliún cás den víreas deimhnithe sa stát ó thús na bliana seo caite.

1,002,013 cás ar fad a deimhníodh ó thús na paindéime. 500,000 cás a bhí deimhnithe ar an 15 Samhain, rud a fhágann gur le dhá mhí anuas a deimhníodh breis is leath de na cásanna go léir.

1,464,883 cás ar fad atá deimhnithe in Éirinn ó thús na paindéime agus 462,870 cás eile atá cláraithe ag Roinn Sláinte an Tuaiscirt.

1,063 othar atá buailte ag an ngalar atá sna hospidéil ó dheas agus bhí 89 díobhsan in aonad dianchúraim.

D’fhógair Roinn Sláinte an Tuaiscirt inniu go raibh seisear eile a raibh an Covid-19 orthu tar éis bháis. 2,706 cás nua a fógraíodh ansin inniu.

387 othar Covid-19 atá in ospidéil an Tuaiscirt agus 31 díobhsan atá in aonad dianchúraim.

Idir an dá linn, tá easaontas idir NPHET agus an Taoiseach faoin vacsaíniú éigeantach.

Tuairiscíodh inniu go bhfuil an Fhoireann Náisiúnta um Éigeandáil sa tSláinte Phoiblí chun a machnamh a dhéanamh ar an vacsaíniú éigeantach a mholadh.

Ach dúirt an Taoiseach Micheál Martin gurb é an córas vacsaínithe dheonaigh a rogha féin agus nach raibh aon phlean ann córas éigeantach a thabhairt isteach.

Dúirt an Taoiseach chomh maith go raibh “muinín” aige nach mbeadh aon ghá le srianta breise a thabhairt isteach chun dul i ngleic leis an maidhm den chineál Omicron den víreas.

“Ar a shon sin agus uile, ba mhaith linn seachtain nó dhó eile a thabhairt dó. Níl an bhuaic againn go fóill – is mó cor agus casadh a bhí againn i scéal Covid, ach tá mé muiníneach go gcuirfimid an mhaidhm seo dínn má bhímid chomh díograiseach is a bhíomar go dtí seo.”

Tugadh vacsaíniú éigeantach isteach do dhaoine os cionn 50 bliain d’aois san Iodáil le déanaí agus tá plean chun an tsnáthaid a dhéanamh riachtanach á mheas sa Ghearmáin chomh maith.

Dúirt Paul Reid, Príomhfheidhmeannach an HSE, nach mbeadh sé ar son a leithéid. Cinneadh don Rialtas a bheadh ann sa deireadh, a dúirt Reid ar Morning Ireland ar RTÉ.

Tuairiscíodh ar an Irish Times ar maidin go bhfuil an Roinn Sláinte chun cáipéis a ullmhú ina ndéanfar scagadh ar na himpleachtaí dlí agus eitice a bhainfeadh leis an tsnáthaid éigeantach.

Tagraítear do cheist na snáthaide éigeantaí i miontuairiscí ó chruinniú a bhí ag NPHET ar an 16 Nollaig.

“Tugtar faoi deara go bhfuil sé i gceist ag NPHET plé a dhéanamh lá níos faide anonn ar cheist an vacsaínithe éigeantaigh agus gur cabhair don phlé sin a beidh i gcáipéis atá le teacht gan mhoill ón Roinn Sláinte faoi na ceisteanna eitice agus dlí éagsúla a bhaineann leis an ábhar seo.”

Baineann os cionn leath de na hothair Covid-19 atá in aonad dianchúraim leis an 5% den phobal nach bhfuil vacsaín faighte acu.

Tuairiscíodh chomh maith nach raibh baill áirithe de NPHET ar son tithe tábhairne agus bialanna a bheith á ndúnadh ag 8pm, beartas a tugadh isteach an mhí seo caite.

Idir an dá linn, dúirt Paul Reid, ceannasaí an HSE, go raibh laghdú suntasach ar chéatadán na ndaoine a bhí á gcur san ospidéal de dheasca na maidhme Omicron i gcomparáid leis na maidhmeanna eile roimhe seo. Bhí na figiúirí maidir le líon na n-othar in aonad dianchúraim seasmhach go maith, a dúirt sé.

Fág freagra ar '23,909 cás nua den víreas fógartha, an Taoiseach muiníneach nach mbeidh srianta breise ag teastáil'