Cinneadh le déanamh faoi mhaoiniú coláiste Gaeltachta do chainteoirí dúchais óga

Is iad Coláiste Chorca Dhuibhne a reáchtáil an cúrsa nua Aistear na nGael, a raibh mar aidhm aige daoine óga ó cheantair Ghaeltachta éagsúla a chur in aithne dá chéile agus féiniúlacht Ghaeltachta a chothú ina measc

Cinneadh le déanamh faoi mhaoiniú coláiste Gaeltachta do chainteoirí dúchais óga

Deir Údarás na Gaeltachta go bhfuil “ríméad” orthu go raibh rath ar chúrsa samhraidh do dhéagóirí na Gaeltachta ach nach bhfuil aon chinneadh déanta acu faoi mhaoiniú buan a chur ar fáil dá leithéid de chúrsa amach anseo.

Is iad Coláiste Chorca Dhuibhne a reáchtáil an cúrsa nua Aistear na nGael, a raibh mar aidhm aige daoine óga ó cheantair Ghaeltachta éagsúla a chur in aithne dá chéile agus féiniúlacht Ghaeltachta a chothú ina measc.

Ghlac 36 déagóir as ceantair Ghaeltachta Chiarraí, Chonamara, Mhúscraí, Dhún na nGall, Ráth Chairn, agus Phort Láirge páirt sa chúrsa Aistear na nGael a reáchtáladh i gCorca Dhuibhne an mhí seo agus bhí na déagóirí a labhair ar na meáin chraolta Ghaeilge an-tógtha lena dtréimhse i gCorca Dhuibhne.

 

 

Ag labhairt di le Tuairisc.ie dúirt Hannah Ní Chonghaile, duine de lucht eagraithe an chúrsa, gur éirigh “thar cionn” ar fad leis agus gur “spreagadh mór” a bhí ann don dream óg a ghlac páirt ann.

“Ceann de na gnéithe is fearr faoi ar fad ná gur cruthaíodh spás dóibh ina bhféadfaidís machnamh a dhéanamh faoina bhféiniúlacht Ghaeltachta agus faoin dtábhacht a bhaineann leis an nGaeltacht.”

“Deis a bhí ann do dhaoine óga ón nGaeltacht aithne a chur ar a chéile, nasc agus cairdeas a chruthú, le go dtuigfidís go bhfuil daoine óga eile i gceantair Ghaeltachta eile cosúil leo, a bhíonn ag labhairt na Gaeilge,” a dúirt sí.

Údarás na Gaeltachta a chuir an maoiniú ar fáil don chúrsa, faoina dtionscadal Glúin Z, atá dírithe ar ghlúin óg na Gaeltachta.

Mar chuid den chúrsa, reáchtáladh ceardlanna amhránaíochta, ióga agus imeachtaí siamsaíochta agus spóirt.

Ceann de na coinníollacha a bhain le maoiniú an Údaráis go ndéanfadh lucht Choláiste Chorca Dhuibhne agallamh le gach duine a rinne iarratas ar áit ar an chúrsa.

“Rud a tháinig amach go láidir sna hagallaimh a rinne muid leis na daoine a chur isteach ar an gcúrsa go raibh siad ag iarraidh fanacht i dteach le bean an tí.

“An-chuid acu mná tí a bhí ina máithreacha agus theastaigh uathu a bheith ina scoláirí agus bhí sé iontach go bhféadfaimis sin a dhéanamh.

“An tuiscint a bhí ann, dá n-éireodh leis an gcúrsa, go reáchtálfaí é i gceantar Gaeltachta eile an bhliain seo chugainn agus is cinnte gur éirigh leis,” a dúirt Ní Chonghaile.

Deir Údarás na Gaeltachta go bhfuil siad “thar a bheith ríméadach” gur éirigh go maith leis an gcúrsa agus gur bhain na déagóirí óga Gaeltachta “taitneamh agus tairbhe as”.

“Tá moladh mór ag dul do Choláistí Chorca Dhuibhne, a reáchtáil an cúrsa. Bheadh sé i gceist ag Údarás na Gaeltachta tacú le breis tograí ar an múnla seo amach anseo, mar chuid den choincheap Glúin Z, atá dírithe ar chothú agus ar chumasú ghlúin óg na Gaeltachta.

“Ag an tráth seo, áfach, níl cinntí ar bith déanta faoin tacaíocht a bheas muid a chur ar fáil do thograí ar leith sa réimse seo do 2024 nó níos faide anonn,” a dúirt urlabhraí ón Údarás.

Fág freagra ar 'Cinneadh le déanamh faoi mhaoiniú coláiste Gaeltachta do chainteoirí dúchais óga'

  • Seán ÓM

    Smaoineamh maith atá ann. Ní amháin chun rud éicint le déanamh a thabhairt do dhéagóirí – ach chun na ceantracha Gaeltachta a nascadh suas le chéile chomh maith.

    Is trua nár rith an smaoineamh le haon duine siar sna 90dí. Ach is fearr mall ná riamh!

  • Kevin Hickey

    Is mór an tógáil croí scéala an choláiste seo. Bíodh airgead ar fáil dó feasta gan cheist.