Ceiliúradh i nDún Chaoin ar cheann de na feachtais is cáiliúla i stair na Gaeltachta

Déanfar ceiliúradh i gCorca Dhuibhne an deireadh seachtaine seo ar cheann de na feachtais is cáiliúla i stair na Gaeltachta agus na teanga – an feachtas ar son oscailt Scoil Dhún Chaoin.

Ceiliúradh i nDún Chaoin ar cheann de na feachtais is cáiliúla i stair na Gaeltachta

Déanfar ceiliúradh i gCorca Dhuibhne an deireadh seachtaine seo ar cheann de na feachtais is cáiliúla i stair na Gaeltachta agus na teanga – an feachtas ar son oscailt Scoil Dhún Chaoin.

Caoga bliain ó shin, deireadh seachtaine na Cincíse 1973, a fuarthas an dea-scéal go raibh rath ar an bhfeachtas chun an scoil a choimeád oscailte.

Tharraing an tslí ar sheas an pobal is iargúlta sa Ghaeltacht an fód ar son a gcearta aird na tíre go léir ag an am agus déanfar ceiliúradh an deireadh seachtaine seo ar an spiorad agus an t-anam sin ar éirigh leis tabhairt ar an stát géilleadh agus Scoil Naomh Gobnait a athoscailt.

Deir Malachaí Mac Amhlaoibh, príomhoide na scoile, gur ar mhaithe le haitheantas a thabhairt dóibh siúd a throid ar son na scoile 50 bliain ó shin atá imeachtaí an deireadh seachtaine á n-eagrú.

“Ba mhaith linn cuimhneamh ar na daoine a chabhraigh linn an scoil a choimeád ar an bhfód. Murach na daoine a bhí páirteach sa bhfeachtas san ní bheadh an scoil anseo inniu.

“Tá rudaí go maith sa scoil agus tá borradh deas faoin bparóiste le cúpla bliain anuas. Táimid tar éis cead a fháil ón Roinn, agus cead pleanála a fháil cúpla seachtain ó shin, seomra a chur leis an scoil ach táimid ag iarraidh chomh maith clós deas a bheith ag an scoil mar sin táimid ag úsáid an deireadh seachtaine seo le tús a chur le feachtas bailiúcháin airgid,” a dúirt sé.

Seolfaidh Iarbhainisteoir Chiarraí, Eamonn Fitzmaurice, a chaith seal mar dhalta i Scoil Dhún Chaoin sna 1980idí ar scoláireacht Ghael Linn, imeachtaí an deireadh seachtaine in Ionad an Bhlascaoid anocht ag 7.30pm.

Tá ceolchoirm mhór i measc na n-ócáidí a bheidh ar siúl don cheiliúradh agus Liam Ó Maonlaí, muintir Uí Shnodaigh agus Muireann Nic Amhlaoibh i measc na gceoltóirí a bheidh ar stáitse in Ionad an Bhlascaoid istoíche Dé Domhnaigh. Cuirfear tús le himeachtaí tráthnóna inniu, Dé hAoine, le seoladh an leabhair Púcaí Schmúcaí agus taispeántas ó leanaí na scoile.

Beidh ceol agus cuideachta Tigh Kruger ina dhiaidh.

Beidh painéal cainteoirí sa scoil féin san oíche amárach ag trácht ar chúrsaí i 1973 agus in 2023 agus an t-iriseoir aitheanta Seán Mac an tSíthigh sa chathaoir do ‘Bóithrín na Smaointe I Scoil Dhún Chaoin’.

Beidh siúlóid seanchais leis an gcraoltóir Dáithí de Mórdha ar siúl ag meán lae Dé Domhnaigh.

Beidh taispeántas grianghraf den scoil le 50 bliain anuas agus den mhórshiúl go dtí Baile Átha Cliath ar son athoscailt na scoile i 1971 le feiscint i Scoil Naomh Gobnait i gcaitheamh an deireadh seachtaine.

Dúirt Mac Amhlaoibh gur deis iontach a bheas sa deireadh seachtaine scéal agus stair Scoil Dhún Chaoin a cheiliúradh.

“Tharla go leor mar chuid den bhfeachtas a reáchtáladh chun an scoil a choimeád ar an bhfód. Cuireadh ceirnín amach agus eagraíodh siúlóid ó Dhún Chaoin go Baile Átha Cliath i 1971.

“Ní ar son na scoile amháin a bhí an mórshiúl cáiliúil sin. Bhí sé dírithe ar chearta mhuintir na Gaeltachta a chaomhnú. Úsáideadh an scoil mar uirlis chun an scéal mór sin faoin nGaeltacht a chur i láthair an rialtais,” a dúirt Mac Amhlaoibh.

Fág freagra ar 'Ceiliúradh i nDún Chaoin ar cheann de na feachtais is cáiliúla i stair na Gaeltachta'