217 cás nua deimhnithe, an líon is mó cásanna a fógraíodh aon lá ó mhí na Bealtaine

Deir an Príomhoifigeach Leighis gníomhach gur líon an-ard cásanna a fógraíodh inniu ach go bhfuil an meán le cúig lá ‘réasúnta seasmhach’

217 cás nua deimhnithe, an líon is mó cásanna a fógraíodh aon lá ó mhí na Bealtaine

An Dr. Ronan Glynn, an Príomhoifigeach Leighis gníomhach. Pictiúr:: Sam Boal/Rollingnews.ie

Tá 217 cás nua den choróinvíreas fógartha ag an Roinn Sláinte inniu, an líon is mó in aon lá amháin ó lár mhí na Bealtaine.

Dúirt an Dr Ronan Glynn, an Príomhoifigeach Leighis gníomhach gur líon an-ard cásanna a bhí ann ach go raibh an meán le cúig lá réasúnta seasmhach ag 115 cás sa lá.

Tá os cionn 29,000 cás den Covid-19 deimhnithe ó dheas den teorainn ó thús na paindéime.

Ní raibh bás ar bith eile de dheasca Covid-19 le fógairt inniu.

Bhain 103 den 217 cás nua le Baile Átha Cliath, 25 cás a bhí i gCill Dara, 17 cás a bhí i Luimneach, 17 cás eile a bhí i dTiobraid Árann, seacht gcás a bhí i bPort Láirge, seacht gcás a bhí i gCill Mhantáin, sé chás a bhí i gcontae an Chláir agus cúig chás a bhí i gcontae Lú.

Bhain an 30 cás eile le deich gcontae eile, Corcaigh, Dún na nGall, Gaillimh agus contae na Mí ina measc.

Fágann sé sin gurb é contae Chiarraí an t-aon chontae Gaeltachta nach raibh cás nua den Covid-19 le fógairt ann inniu.

Deimhníodh chomh maith tráthnóna gur bhain 51% de na cásanna nua le ráigeanna den Covid-19 nó le daoine a raibh gartheagmháil acu le daoine eile a raibh tástáil dheimhneach don ghalar faighte acu. Bhain 19 cás nua inniu le scaipeadh sa phobal.

Bhí 70% de na daoine a bhí buailte faoi bhun 45 bliain d’aois.

“Cé go raibh an líon is airde cásanna ó mhí na Bealtaine againn inniu, tá an meán le cúig lá réasúnta seasmhach ag 115 cás sa lá,” a dúirt an Dr Ronan Glynn, an Príomhoifigeach Leighis gníomhach.

“Ar ndóigh is mór an líon cásanna é sin agus iarraim ar chuile dhuine géarú ar a n-iarrachtaí leis an scaipeadh a mhaolú – na lámha a níochán go rialta, coinneáil amach ó dhaoine, clúdaigh aghaidhe a chaitheamh nuair is cuí, áiteanna plódaithe a sheachaint, a bheith ar an eolas faoi chomharthaí sóirt an ghalair, leithlisiú a dhéanamh nuair is ceart sin agus dul i dteagmháil le dochtúir teaghlaigh má bhíonn aon imní ort,” arsa an Dr. Glynn.

“Le bhur dtoil ná casaigí ach le líon beag daoine go sóisialta ionas nach bhfaighidh an víreas seo deis scaipeadh níos measa.”

Níos luaithe inniu, d’fhógair Roinn Sláinte an Tuaiscirt go raibh 49 cás nua den choróinvíreas deimhnithe ach níor bhásaigh aon duine ón ngalar ansin.

2,337 duine a fuair bás de dheasca an ghalair in Éirinn ó thosach na paindéime,1,777 duine ó dheas den teorainn agus 560 duine ó thuaidh di.

36,319 cás den ghalar atá deimhnithe ag na húdaráis sláinte, 29,025 cás ó dheas agus 7,294 ó thuaidh.

Cuireadh rang iomlán scoile abhaile i mBaile Átha Cliath inniu nuair a fuarthas toradh dearfach ar thástáil don ghalar a cuireadh ar dhuine de na daltaí.

Cuireadh an rang abhaile mar bheart réamhchúraim bunaithe ar an gcomhairle faoin tsláinte phoiblí, a dúirt Príomhoide na scoile.

Dúradh nach sa scoil a tholg an páiste an Covid-19.

Cuireadh abhaile chomh maith inniu rang i mBunscoil Bhaile an Chláir in Ard Mhacha nuair a fuarthas toradh dearfach ar thástáil don ghalar a cuireadh ar dhalta. Dúirt príomhoide na scoile, Donal Keenan, go mb’fhéidir go mbeadh ar na daltaí go léir sa rang féinleithlisiú ar feadh 14 lá.

Dúirt an tOllamh Philip Nolan ón bhFoireann Náisiúnta um Éigeandáil sa tSláinte Phoiblí go mbeadh ar an uile dhuine gearradh siar ar an teagmháil a bhíonn acu le daoine eile go sóisialta an fómhar agus an geimhreadh seo.

Dúirt cathaoirleach an ghrúpa a dhéanann réamh-mheastacháin faoin eipidéim do shaineolaithe na Roinne Sláinte gurbh fhearr an cur chuige é sin chun dul i ngleic leis an ngalar ná a bheith ag brath ar an dianghlasáil logánta nó ar shrianta taistil.

Thug Nolan rabhadh do dhaoine gan a bheith ag dul “fiáin agus ligean don víreas scaipeadh” agus iad ag bualadh le cairde.

Ba chóir do dhaoine cloí leis na rialacha maidir le grúpaí de sheisear taobh istigh agus 15 taobh amuigh, a dúirt sé.

Dúirt an tOllamh Nolan gur léirigh cás Chill Dara, Laoise agus Uíbh Fhailí go n-éiríonn leis an dianghlasáil ar bhonn contae. Ní mór dá leithéid tarlú an-tapa, a dúirt sé, mar d’fhéadfadh 5-10 cás ardú go dtí 100-150 cás laistigh de roinnt laethanta.

Fág freagra ar '217 cás nua deimhnithe, an líon is mó cásanna a fógraíodh aon lá ó mhí na Bealtaine'