‘20 Irish words that will make your soul sing’ -bagairt déanta ag fear Gaeltachta faoi liostaí ar líne

ASNC: Measann foinsí gar d’fhear Gaeltachta go bhféadfadh gur tráthnóna a mhúchfaidh sé an ríomhaire le barr cantail

‘20 Irish words that will make your soul sing’ -bagairt déanta ag fear Gaeltachta faoi liostaí ar líne

Tá bagairt déanta ag fear Gaeltachta go “múchfaidh sé an ríomhaire ar fad” má fheiceann sé oiread is alt amháin eile i mBéarla faoi chomh hálainn agus chomh diamhair is atá an Ghaeilge.

Ag labhairt dó le Ar Son na Cúise, dúirt an fear Gaeltachta, ar cainteoir laethúil Gaeilge lasmuigh, laistigh, lastuas agus laistíos den chóras oideachais é, gurbh é “buille maraithe na muice” an liosta a chonaic sé ar maidin de ‘20 Irish words you learned in school that will make your soul sing’.

Níorbh é an liosta seo amháin ba chúis leis an oiread sin cantail a bheith ar an bhfear Gaeltachta agus b’amhlaidh gur scata scéalta faoin nGaeilge a tháinig sna sála ar a chéile ba chúis lena bhagairt go múchfadh sé an ríomhaire ar fad.

Ar na scéalta sin bhí ‘This haunting Irish language version of Ed Sheeran will give you the chills’ agus ‘15 magical words for wind in Irish that will send a shiver down your spine’.

Dúirt an fear Gaeltachta le Tuairisc.ie go raibh a “dhá dhóthain déag” aige de na na liostaí, na físeáin, na scéalta agus tvuíteanna faoi chomh álainn is atá an Ghaeilge.

“Lig dom féin leis na daoine seo agus a gcuid ‘clickbait’. Ag stealladh magaidh chugainn atá siad agus b’fhearr liom go dtabharfaí thar n-ais Kevin Myers fhéin ná a bheith ag éisteacht le cuid acu.

“Chliceálas ar an gceann sin faoi Ed Sheeran ar maidin agus cad a bhí romham ach ainniseoir éigint ag meamhlachán agus gan de Ghaeilge aige ach an méid a chuirfeadh an cat amach. Scanraigh sé mé ceart go leor! Thabharfadh sé ba bodhra as coillte, bhí sé níos measa ná an bunleagan,” arsa an fear Gaeltachta atá ag bagairt a ríomhaire a mhúchadh ar fad.

Cé nár chuir sé leis an mbagairt sin go fóill, measann foinsí gar dó go bhféadfadh gur tráthnóna a mhúchfaidh an fear Gaeltachta an ríomhaire ar fad má thagann sé ar scéal áirithe nach bhfuil feicthe fós aige, ‘Conor McGregor has just said a cúpla focal in Irish and it’s hilarious’.

Fág freagra ar '‘20 Irish words that will make your soul sing’ -bagairt déanta ag fear Gaeltachta faoi liostaí ar líne'