18,904 cás nua den víreas fógartha, líon na n-othar sna hospidéil tite breis is dhá scór

D’fhógair Roinn Sláinte an Tuaiscirt inniu go raibh 14 duine eile a raibh an Covid-19 orthu tar éis bháis

18,904 cás nua den víreas fógartha, líon na n-othar sna hospidéil tite breis is dhá scór

18,904 cás nua den Covid-19 a d’fhógair an Roinn Sláinte tráthnóna.

1,011 othar atá buailte ag an ngalar atá sna hospidéil ó dheas, 44 duine níos lú ná mar a bhí ansin inné. Bhí 92 díobhsan in aonad dianchúraim, an líon céanna is a bhí i gceist inné.

Thug Príomhoifigeach an HSE, Paul Reid, le fios inniu go raibh laghdú mór tagtha ar líon na ndaoine a bhí á gcur sna hospidéil de bharr an Covid-19. Dúirt Reid go raibh ar suas le 50 duine as gach 1,000 a raibh an galar orthu anuraidh dul go dtí an ospidéal ach go raibh an figiúr sin anois tite go dtí idir cúigear agus deichniúr as gach 1,000.

Dúirt an Príomh-Oifigeach Leighis, an Dr Tony Holohan, inné go bhféadfadh go bhfuil buaic na maidhme Omicron bainte amach againn agus gur ag laghdú a bheidh líon na gcásanna feasta.

D’fhógair Roinn Sláinte an Tuaiscirt inniu go raibh 14 duine eile a raibh an Covid-19 orthu tar éis bháis. 2,980 cás nua a fógraíodh ansin inniu.

424 othar Covid-19 atá in ospidéil an Tuaiscirt agus 28 díobhsan atá in aonad dianchúraim.

Fág freagra ar '18,904 cás nua den víreas fógartha, líon na n-othar sna hospidéil tite breis is dhá scór'