185 iarrthóir toghcháin a chreideann nár bhuaigh Joe Biden

Níl deireadh ná baol air le Donald Trump agus leanfar den fheachtas le toradh thoghchán 2020 a chur ar neamhní

185 iarrthóir toghcháin a chreideann nár bhuaigh Joe Biden

Tá 185 iarrthóir ag dul san iomaíocht seachtain ón Mháirt seo chugainn i dtoghcháin lár téarma na Stát Aontaithe a chreideann nár bhuaigh Joe Biden toghchán na huachtaránachta in 2020.

Tá tacaíocht acu ó Donald Trump agus is cosúil go dtoghfar go leor acu. Cá bhfágfaidh sin an córas polaitiúil i Stáit Aontaithe Mheiriceá? Tá rud amháin cinnte – ciallaíonn sé nach bhfuil deireadh ná baol air le Trump agus go leanfar den fheachtas le toradh thoghchán 2020 a chur ar neamhní.

Sampla de na daoine seo is ea Anna Paulina Luna atá san iomaíocht don chomhdháil in Florida. Tá sé ráite cúpla babhta aici go gcreideann sí gur bhuaigh Trump an toghchán in 2020 agus go raibh caimiléireacht ar siúl. Tá chuile chosúlacht ann go dtoghfar ise ar an 8 Samhain.

Tá go leor eile mar í. De na hiarrthóirí ó Theach na nIonadaithe a cheistíonn toradh an toghcháin in 2020, léiríonn pobalbhreitheanna go bhfuil 70% acu san iomaíocht i gceantair atá dílis do Phoblachtánaigh agus dá réir, cinnte go maith go dtoghfar iad.

Níl an rath céanna ar iarrthóirí a mhaíonn go raibh an toradh mícheart ar thoghchán an tSeanaid agus na ngobharnóirí. Níl ach beirt den seachtar atá san iomaíocht ag seasamh i Stáit Phoblachtacha. Den ochtar atá ag seasamh don Seanad níl ach triúr – in Alabama, i Missouri agus in Oklahoma a bhfuil seans láidir ann go dtoghfar iad

Tá na huimhreacha i dtithe na Comhdhála chomh teann agus go gcomhaireann chuile vóta beo. Tá os cionn milliún caite cheana féin ag daoine agus cá bhfios céard a tharlóidh as seo go ceann deich lá le cor eile a chur sa scéal.

Tá an chuma ar an scéal sna laethanta atá fágtha go ndíreofar ar stáit ar leith ar nós Georgia agus Pennsylvania mar gheall ar a laghad atá idir an dá pháirtí go náisiúnta.

Idir an dá linn níl mórán ar bith cainte á dhéanamh faoin líon daoine atá ag seasamh sa toghchán a bhfuil sé ráite go hoscailte acu nach gcreideann siad san Uachtarán reatha ná ina réimeas.  Tagann an chaint atá déanta ag a bhformhór le sainmhíniú an fhoclóra ar ainriail! Agus tá Donald Trump sa chúlra i gcónaí ag faire. Beag beann ar chásanna cúirte tá tuairimíocht go rachaidh sé san iomaíocht don Uachtaránacht in 2024.

Do Joe Biden agus a rialtas is measa an scéal. Dá dhonacht dá bhfuil cúrsaí anois ó thaobh riaradh na Comhdhála agus cur i bhfeidhm reachtaíochta, ní bheidh seans ar bith ann má thoghtar Seanadóir no dhó breise ar son an pháirtí Phoblachtaigh.

Má thacaíonn na Seanadóirí breise sin le seasamh Donald Trump nach bhfuil aon bhunús Daonlathach le toghadh Joe Biden is deacair a rá cén riocht ina mbeidh polaitíocht na Stát Aontaithe sna míonna agus na blianta seo romhainn.

Fág freagra ar '185 iarrthóir toghcháin a chreideann nár bhuaigh Joe Biden'

  • Mac Billing(s) Dónall Mór

    *****************************************************************************************
    http://artpickle.com/Index.cfm?artpage=artistdetail&ID=11059
    *****************************************************************************************
    An t-Uasal Trump

    Tabhair seo faoi deara, ní chaithfidh an t-Uasal Trump lá amháin i bpríosún mar gheall ar a shaibhreas agus aicme.
    Ach féach ar an duine bocht, dá ghoidfeadh sé bullóg aráin nó pingin rua ón Roinn Leasa Shoisialta bheadh a bhricfeasta ag fanacht air i gcarcair.

    http://artpickle.com/index.cfm?artpage=webhome&webtab=testsite&webid=11059

    Agus i mo chás féin eist(an creatúr bocht !!) :—

    “Athraigh na Dlíthe i dtaobh na Gaeilge agus cruthaigh suim in aghaidh an chultúir Angla-Mheiriceánach in áit ag díol tuarastal agus ag cruthú scéimeanna faoin ‘Straitéis 20 Bliain na Gaeilge’ nach meallfadh daoine taobh amuigh den Ghaeltacht sa tír.

    Mar shampla :—-

    ” Ní dlí Bille ar bith go dtí go bhfuil leagan Gaeilge ar fáil sínithe ag an Uachtarán de réir ‘Bhunreacht na hÉireann’. (An Saorstát)

    Mar sin rinneadh éagóir ormsa nuair nach raibh leagannacha Gaeilge ar fáil de na ‘Achtanna’ ar cúiseadh mise fúthu’. Ní raibh an hAchtanna dlíthúil !!!

    Ach ba chuma leis an Stát ag an am mar bhí an ‘Chúirt Speisialta Chóiriúil’ (Pholaitiúil) faoi lán seoil (ó réimse Uí Choileáin) ag satailt ar chearta teanga, ar chearta daonna agus gearradh 10 mbliana ormsa.”

    An Poblachtach— ag fanacht go fóil ar a chearta daonna agus teanga d’ainneoin an Cultúr Angla-Mheiriceánach agus meon an ‘Rialtais’

    Ar aghaidh chun bua,

    Dónall Mór Mac Billing(s)
    Gaeltacht Phríosún Phort Laoise
    Ardán 1
    Bloc E

    Jailteacht/Gaeltacht Phríosúin Phort Laoise

    *****************************************************************************************
    http://artpickle.com/index.cfm?artpage=webhome&webtab=testsite&webid=11059
    *****************************************************************************************