17,065 cás nua den víreas fógartha, ‘údar dóchais’ sna figiúirí

D’fhógair Roinn Sláinte an Tuaiscirt inniu go raibh ceathrar eile a raibh an Covid-19 orthu tar éis bháis

17,065 cás nua den víreas fógartha, ‘údar dóchais’ sna figiúirí

17,065 cás nua den Covid-19 a d’fhógair an Roinn Sláinte tráthnóna.

1,023 othar atá buailte ag an ngalar atá sna hospidéil ó dheas, 12 duine níos mó ná mar a bhí ansin inné. Bhí 83 díobhsan in aonad dianchúraim, naonúr níos lú ná mar a bhí i gceist inné.

Dúirt an Leas-Phríomhoifigeach Leighis, an Dr Ronan Glynn go dteastóidh seachtain eile chun figiúirí an Omicron a mheas sula mbeifear cinnte an bhfuil buaic na ráige seo den víreas sroichte againn in Éirinn. “Is cinnte go bhfuil muid i ngar do bhuaic na maidhme seo, fiú mura bhfuil sí curtha dínn againn go fóill,” a dúirt sé ar RTÉ inniu.

Dúirt sé go bhfuil údar dochais againn agus dea-chuma ar na figiúirí agus go mbeidh cruinniú ag NPHET an tseachtain seo chugainn chun cúrsaí a mheas.

Dúirt an Tánaiste Leo Varadkar inniu go mbeadh cruinniú ag an bhFoireann Náisiúnta um Éigeandáil sa tSláinte Phoiblí (NPHET) ar an 20 Eanáir agus go ndéanfadh an Rialtas cinneadh faoi na srianta reatha sna laethanta beaga ina dhiaidh sin.

Thug Príomhoifigeach Leighis na Roinne Sláinte, an Dr Tony Holohan, le fios nach raibh an teanndáileog in aghaidh an víris faighte ach ag 20% dóibh siúd a bhí in aonad dianchúraim agus an galar orthu.

Dúirt sé go raibh “an-tóir” ar an teanndáileog agus í faighte ag 59% de dhaoine fásta sa stát, i gcomparáid le 32% ar fud na hEorpa, ach mhol sé dóibh siúd nach raibh sí faighte acu coinne a dhéanamh in ionad vacsaínithe, le dochtúir teaghlaigh nó i gcogaslann.

D’fhógair Roinn Sláinte an Tuaiscirt inniu go raibh ceathrar eile a raibh an Covid-19 orthu tar éis bháis. 2,954 cás nua a fógraíodh ansin inniu.

402 othar Covid-19 atá in ospidéil an Tuaiscirt agus 30 díobhsan atá in aonad dianchúraim.

Fág freagra ar '17,065 cás nua den víreas fógartha, ‘údar dóchais’ sna figiúirí'