16 comhartha gur gúrú gramadaí Gaeilge tú…

Bíogann caint faoi DNTLS d’anam Gaelach agus 15 comhartha eile gur gúrú gramadaí Gaeilge thú

16 comhartha gur gúrú gramadaí Gaeilge tú…

1) Is dóigh leat gurb é ‘Amhrán an Ghaeilgeora Mhóir’ le Tadhg Mac Dhonnagáin an t-amhrán grá is fearr agus is brónaí a scríobhadh riamh. Ní thuigeann tú cén fáth a measann daoine greann a bheith ann. Seoid de chuid an réalachais shóisialta atá i gceist. Insint dhuairc dhírbheathaisnéiseach ar chás eisiach ghúrú na gramadaí Gaeilge.

 

2) Ceartaíonn tú os ard botúin ar RnaG agus TG4. Fágann seo cuma aisteach ort agus tú ar an mbus ach níl neart agat air. Deir tú rudaí leithéidí, ‘Bíonn sé sin anois ar an Raidió féin acu…’ agus líonann do chroí le brón nach bhfuil aon insint bhéil air.

 

3) Bíogann caint faoi DNTLS d’anam Gaelach.

 

4) Cuireann daoine fearg ort do d’ainneoin féin. Daoine a deir ‘ach go háirithe’ nuair is ‘go háirithe’ atá i gceist acu. Daoine a chuireann clabhsúr ‘le’ rudaí seachas ‘ar’ rudaí. Daoine a thugann droim láimhe do ‘rudaí’ seachas ‘le’ rudaí. Daoine a chuireann béim sa chaint ar an ‘g’ in ‘ag’ an ainm briathartha agus an tAire ‘ag fógairt’ acu seachas ‘a’ fógairt’. Daoine a deir ‘an CLG’ nuair is léir don dall gur ainm dílis atá i gceist le CLG. Daoine ar beag a mbeann ar an mbriathar saor agus a chuireann an aidiacht bhriathartha ag obair ina áit go mínáireach. Daoine a mhaíonn gur ‘ceist chanúna’ atá ann nuair is ceart nó mícheart an cheist. Gach duine, déanta na fírinne.

 

5) Creideann tú in aon Chaighdeán uilechumhachtach amháin, seachas nuair a easaontaíonn tú féin leis.

 

6) Dar leat nach mbeadh daoine chomh dian céanna ar na Bráithre Críostaí dá dtuigfidís áille shaolta agus pléisiúr Dé a nGraiméar Gaeilge.

 

7) Ag profléitheoireacht atá tú anois seachas á léamh seo. Galar is ea é. Ní thugann tú leat teachtaireacht an fhógra tábhachtach sláinte sa chlinic mar gheall ar an riastradh a chuireann earráidí, meancóga, dearmaid agus botúin ort. (Agus ní hionann agatsa na tuaiplisí sin ar fad). Ní éiríonn leat riamh guaim a choimeád ort féin. Bíonn litriú ‘cruthaitheach’ an Chadhnaigh á cheartú agat agus tú ag léamh Cré na Cille.

 

8) Tá machnamh domhain déanta agat ar cheist na n-acrainmneacha agus na ngiorrúchán sa Ghaeilge.

 

9) Bíonn tú ag ligean ort féin go bhfuil suim agat i gcúrsaí eile seachas gramadach na Gaeilge, ach níl. Le linn an chomhrá sin faoi na hainmniúcháin Oscar ar ball ba ag smaoineamh ar ainmfhocail chinnte agus éiginnte agus foirm an ainmnigh in ionad an ghinidigh a bhí tú.

 

10) Ar an gcuma chéanna go gcreideann daoine eile go gcaithfear an fód a sheasamh in aghaidh Donald Trump, creideann tusa go gcaithfear an fód a sheasamh i gcoinne na neamhréire maidir le húsáid an fhleiscín atá sa treis ar na saolta seo.

 

11) Thit tú amach le cara leat uair amháin nuair a d’éirigh eadraibh faoin lagiolra sa chéad díochlaonadh. Níor labhair tú leis arís nó gur admhaigh sé go raibh sé mícheart.

 

12) Réitíonn an aidiacht cháilíochta leis an ainmfhocal ó thaobh inscne, tuisil agus uimhreach. Ní thuigeann tú ó thalamh an domhain cén fáth go mbíonn deacracht ag daoine an méid sin a thuiscint.

 

12) Tá ardmheas agat ar chaint na ndaoine, ach i do chroí istigh creideann tú gur droch-Ghaeilge go leor di.

 

14) Is fada leat an lá go n-aithneoidh GaelSpell comhfhocail.

 

15) Is eagal leat go bhfuil an cath caillte, ach leanfaidh tú ort ag troid agus is maith sin. Fan inti! Ólaimis ar an lá speisialta seo sláinte theanga ársa íonghlan Bhríde le gloine beorach i ngloine bheorach!

 

16) Thug tú faoi deara nár cuireadh i bhfeidhm ar cheannteideal an ailt seo an córas maidir le bunuimhreacha a scríobh ina bhfigiúirí a mholtar sa Chaighdeán Oifigiúil 2016.

Fág freagra ar '16 comhartha gur gúrú gramadaí Gaeilge tú…'

  • Mícheál Ó Máirtín

    Ar fheabhas ar fad….

  • file

    Tá meancóg ghramadaí in uimhir a seacht.