12,560 cás nua den víreas fógartha, 92 duine básaithe le seachtain anuas

9,348 duine a raibh Covid-19 orthu a bhásaigh ó thús na paindéime, 6,228 ó dheas den teorainn agus 3,120 ó thuaidh di

12,560 cás nua den víreas fógartha, 92 duine básaithe le seachtain anuas

5,940 cás nua den Covid-19 a d’fhógair an Roinn Sláinte tráthnóna, bunaithe ar thástálacha PCR.

Fógraíodh freisin gur chláraigh 6,620 duine a raibh toradh deimhneach antaigine faighte acu ar thairseach Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte.

D’fhógair an Roinn Sláinte go bhfuil 92 duine a raibh an víreas orthu básaithe le seachtain anuas. 49 duine a bhásaigh an tseachtain roimhe sin.

6,228 duine a raibh Covid-19 orthu a bhásaigh sa stát ó thús na paindéime.

3,120 duine a raibh an galar orthu a bhásaigh sa Tuaisceart, rud a fhágann gur 9,348 a bhí i gceist in Éirinn go dtí seo.

630 othar atá buailte ag an ngalar atá sna hospidéil ó dheas, seisear níos mó ná mar a bhí ansin inné. Bhí 65 díobhsan in aonad dianchúraim, duine amháin níos lú ná mar a bhí ann inné.

D’fhógair Roinn Sláinte an Tuaiscirt inniu go raibh cúigear eile ar a raibh an Covid-19 tar éis bháis. 4,769 cás nua a fógraíodh ansin inniu.

357 othar Covid-19 atá in ospidéil an Tuaiscirt agus 13 díobhsan atá in aonad dianchúraim.

Sásta go maith atá an Fhoireann Náisiúnta um Éigeandáil sa tSláinte Phoiblí (NPHET) le cúrsaí an Covid-19 sa tír faoi láthair ach mheabhraigh dúinn nár chóir dearmad a dhéanamh nach bhfuil an phaindéim thart go fóill.

Dúirt an Dr Tony Holohan gur scríobh sé chuig an gCoiste Comhairleach Náisiúnta um Imdhíonadh (NIAC) chun a fháil amach cad a dhéanfaí feasta ó thaobh vacsaíní.

Dúirt sé go bhféadfadh gurb amhlaidh a bheadh snáthaid bhreise le fáil againn níos annaimhe.

Ag caint dó ag Coiste Sláinte an Oireachtais, dúirt an Dr Holohan go mb’fhéidir nach mbeadh aon ghá le teanndáileog eile do chuile dhuine sa tír agus nach mbeadh teanndáileog le fáil sna míonna seo amach romhainn ach ag daoine atá leochaileach ó thaobh na sláinte.

Dúirt sé gur cosúil go bhfuil “seasamh maith” sa teanndáileog agus go raibh sí tábhachtach chun cuid den chosaint a bhí caillte ag daoine a chúiteamh.

Dúirt an Príomhoifigeach Leighis go mbeadh sé riachtanach “go fóill” cloí le cuid de na bearta sláinte phoiblí chun an baol don tsláinte a laghdú – masc a chaitheamh, mar shampla.

Ba cheart leanúint leis an bearta cosanta atá i bhfeidhm i mbunscoileanna agus in iarbhunscoileanna na tíre agus sna háiteanna eile ina bhfuil siad fós i bhfeidhm. Ní mór coinneáil orainn ag moladh do dhaoine na vacsaíní agus an teanndáileog a fháil.

“Beidh mascanna an-tábhachtach i gcónaí chun scaipeadh an Covid-19 a laghdú.

“Tá sé an-tábhachtach go gcaitheann daoine an masc is cuí dóibh féin agus don áit ina bhfuil siad, go bhfuil sé á chaitheamh i gceart acu agus go n-oireann sé i gceart dóibh.”

An 17 Feabhra a eiseofar athbhreithniú ar an treoir go gcaithfidh leanaí idir 9-12 bliain masc a chaitheamh, treoir a tugadh isteach mí na Samhna.

Táthar ag súil le moladh ón gCoiste Comhairleach Náisiúnta um Imdhíonadh (NIAC) faoi theanndáileoga do dhaoine faoi 15 bliain sa dó nó trí de sheachtainí seo chugainn.

Dúirt an Dr Holohan go gcaithfeadh an tír seo a bheith ábalta déileáil le  haon  “bhagairt” a thiocfadh chun cinn mar nach dóigh gurb é Omicron an cineál deiridh den Covid a fheicfimid.

Bhí an Príomh-Oifigeach Leighis, an Dr Holohan agus an Leas-Phríomhoifigeach Leighis, an Dr Ronan Glynn, agus an tOllamh Philip Nolan ó NPHET os comhair an choiste Oireachtais ar maidin.

Fág freagra ar '12,560 cás nua den víreas fógartha, 92 duine básaithe le seachtain anuas'