11 duine eile básaithe, 420 cás nua den choróinvíreas le fógairt

Tá an tríú ráta scaipthe is airde sa tír i nDún na nGall faoi láthair agus 33 cás eile deimhnithe sa chontae inniu

11 duine eile básaithe, 420 cás nua den choróinvíreas le fógairt

D’fhógair an Roinn Sláinte tráthnóna go bhfuil 11 duine eile a raibh an Covid-19 orthu básaithe de dheasca an víris. 420 cás nua den ghalar a d’fhógair an Roinn Sláinte tráthnóna.

Maidir leis na básanna, bhain trí cinn acu le mí Aibreáin, bhain ceann le mí an Mhárta, bhain péire le mí Feabhra agus bhásaigh cúigear eile mí Eanáir nó roimhe sin.

190 othar Covid-19 a bhí sna hospidéil ar maidin agus bhí 53 díobhsan in aonad dianchúraim, an líon is lú i mbliana. Cuireadh 12 duine san ospidéal de dheasca an víris le lá anuas.

Dé Céadaoin seo caite bhí an chéad dáileog den vacsaín faighte ag 789,526 duine agus an dara dáileog faighte ag 331,477 duine.

Bhain 41 den 420 cás nua den Covid-19 a fógraíodh inniu le contae na Mí.

33 cás a bhí i nDún na nGall, 26 cás a bhí i nGaillimh agus 17 cás a bhí i gCorcaigh. Ocht gcás a bhí i bPort Láirge, níos lú ná cúig chás a bhí i Maigh Eo agus níos lú ná cúig chás freisin a bhí i gCiarraí.

Meánráta 199 cás in aghaidh gach 100,000 duine sa stát a bhí ann le coicís anuas. Ráta 179 atá i nDún na nGall, an tríú ráta is airde sa tír, agus tá an ráta i gcontae na Mí, 142, níos airde ná an meánráta náisiúnta freisin.

Ráta 91 atá i Maigh Eo, 83 atá i nGaillimh agus 72 atá i bPort Láirge. Ráta 50 atá i gCorcaigh agus 39 atá i gCiarraí.

Bás amháin de dheasca an Covid-19 a bhí le fógairt ag Roinn Sláinte Thuaisceart Éireann inniu.

119 cás nua den ghalar a deimhníodh. 69 othar Covid-19 atá in ospidéil an Tuaiscirt agus tá naonúr acusan in aonad dianchúraim.

Tá an chéad dáileog den vacsaín faighte ag 850,103 duine sa Tuaisceart agus tá an dara dáileog faighte ag 250,474.

6,964 duine atá básaithe in Éirinn go dtí seo de dheasca na paindéime, 2,133 duine ó thuaidh den teorainn agus 4,831 duine ó dheas di.

361,670 cás a deimhníodh in Éirinn go nuige seo, 242,819 cás ó dheas den teorainn agus 118,851 cás ó thuaidh di.

Fág freagra ar '11 duine eile básaithe, 420 cás nua den choróinvíreas le fógairt'