10,571 cás nua den víreas dearbhaithe, an Taoiseach ag súil le tús scaoileadh na srianta an tseachtain seo chugainn

Fógraíodh inniu go mbeidh deireadh ag teacht le cuid de na srianta Covid-19 atá i bhfeidhm in earnáil an fháilteachais i dTuaisceart Éireann ón lá amárach

10,571 cás nua den víreas dearbhaithe, an Taoiseach ag súil le tús scaoileadh na srianta an tseachtain seo chugainn

5,523 cás nua den Covid-19 a d’fhógair an Roinn Sláinte tráthnóna, bunaithe ar thástálacha PCR.

Fógraíodh freisin gur chláraigh 5,048 duine a raibh toradh deimhneach antaigine faighte acu ar thairseach Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte.

896 othar atá buailte ag an ngalar atá sna hospidéil ó dheas, 14 duine níos lú ná mar a bhí ansin inné. Bhí 90 díobhsan in aonad dianchúraim, an líon céanna is a bhí ann inné.

D’fhógair Roinn Sláinte an Tuaiscirt inniu go raibh beirt eile a raibh an Covid-19 orthu tar éis bháis. 3,879 cás nua a fógraíodh ansin inniu.

402 othar Covid-19 atá in ospidéil an Tuaiscirt agus 24 díobhsan atá in aonad dianchúraim.

Fógraíodh tráthnóna nach mbeidh teastas Covid ag teastáil chun freastal ar thithe tábhairne agus bialanna ó thuaidh ó mheán lae Dé Céadaoin seo chugainn.

Beidh teastas fós ag teastáil do chlubanna oíche agus d’ionaid áirithe eile faoi dhíon.

Beidh cead ag níos mó ná seisear suí le chéile ag bord in ionad fáilteachais ó mheán lae amárach.

Bhí cruinniú ag an bhFoireann Náisiúnta um Éigeandáil sa tSláinte Phoiblí inniu chun comhairle a réiteach don Rialtas faoi na srianta sláinte phoiblí. Tá a lán cainte ann go scaoilfear na srianta ar earnáil an fháilteachais ó thaobh uaireanta oscailte. 

Dúirt an Taoiseach Micheál Martin ar maidin go raibh súil aige féin go mbeadh sé ábalta an treoir is déanaí faoi na srianta a fhógairt tráthnóna amárach. Dúirt sé go bhféadfadh gur an tseachtain seo chugainn a thosófaí ag scaoileadh na srianta seachas Lá le Bríde, mar a bhí beartaithe.

Fág freagra ar '10,571 cás nua den víreas dearbhaithe, an Taoiseach ag súil le tús scaoileadh na srianta an tseachtain seo chugainn'