10 scothleabhar Gaeilge na bliana 2021…

Is fearr tuairisc ná tóraíocht. Seo tuairim ár léirmheastóra den éadáil léitheoireachta arbh fhiú a bhreith leat ar an bhfoscadh agus dúluachair na bliana chugainn

10 scothleabhar Gaeilge na bliana 2021…

10

An Scéim: An Gúm 1926-2016, eag. Máirtín Coilféir, An Gúm, €12

Toradh ar chomhdháil lae faoi bhunú an Ghúim in 1926 é an cnuasach aistí seo. Pléann na húdair le gnéithe éagsúla de stair liteartha na Scéime agus tá díol spéise i ngach aon cheann acu. Déanann Gearóid Ó Tuathaigh dealú críonna ar chúrsaí cultúrtha agus sóisialta i mblianta tosaigh an stáit, tionchar bheartas Earnáin de Blaghd san áireamh. Is fiú go mór mionstaidéar Ghearóidín Uí Laighléis a léamh ar chaidreamh Sheosaimh Mhic Grianna leis an nGúm. Gné chriticiúil den fhoilsitheoireacht is ea an dearadh agus is iontach an scagadh atá déanta ag Muiris Ó Raghallaigh ar chlúdaigh na leabhar agus an tionchar a d’imir ealaíontóirí agus na fís-ealaíona ar na foilseacháin féin a chur i láthair an phobail. Maidir le léann liteartha 2021, is doiligh gan suntas a thabhairt do thacar mór aistí a bhfuil bail is críoch air: Léachtaí Uí Chadhain, eag. Liam Mac Amhlaigh & Caoimhín Mac Giolla Léith, €30, a d’fhoilsigh CLÓ, inphrionta nua eile, agus a chonách sin orthu.

9

TG4@25: 1996-2021, eag. Micheál Ó Meallaigh, Cló Iar-Chonnacht, €30

Léiriú físiúil ar stair TnaG/TG4 atá sa leabhar seo atá brataithe le grianghraif dhaite. Is furasta a bheith ag póirseáil tríd an ábhar ar fad chun léargas cothrom ionadaíoch a fháil ar na príomhsheánraí a chraoltar ar an gcainéal agus ar an bhforbairt mhór mhillteach atá curtha i gcrích ag an stáisiún. Déantar an tsúil eile a ríomh go díreach ó bhéal láithreoirí, léiritheoirí, stiúrthóirí, scríbhneoirí, aisteoirí, tuairisceoirí agus eagarthóirí ar craoladh saothar leo ó 1996 i leith. Má bhain dúshlán leis na gearrchuntais ghonta a thiomsú, b’iontach an tseift é le blaiseadh a thabhairt de bharr an bhainne, ceiliúradh a dhéanamh ar chruthaitheacht agus cás maoinithe a áitiú go meabhrach, misniúil.

8

Mé Suibhne, Feargal Ó Béarra, Leabhar Breac, €16

Is é an t-athrú nó an claochlú croí na scéalaíochta. Céard is cor don té a sheasann roimh leathadh na cumhachta agus céard a bhaineann dó? Spídiúlacht nó slánú? Sin iad na mórábhair thráchta a thagann chun cinn in imeacht scéal Bhuile Shuibhne agus teacht anois ar fhilíocht fhuinte agus leagan pras próis de, toradh ar athshamhlú críochnúil Fheargail Uí Bhéarra. Tá scrupall agus eitic i gcóiriú an uile fhocail agus sa dúthracht a dhéantar le scríobhaí Thír Oirill Dáibhidh Ó Duibhgeannáin. Is tráthúil gur thall sa mBruiséil atá cuid de bhloghra an bhunábhair – dánta a luaitear le Mo Ling san 11ú haois – agus éacht suntasach is ea an t-iarfhocal mar phíosa soilbhir léirmhínithe as féin. Is mór an áilleacht dearadh an chlúdaigh, an tiomnaithe agus na mbileog ceangail.

7

Scéalta Draíochta Mhicí Sheáin Néill, eag. Caitlín Nic Niallais, Éabhlóid, €15

Baineann scéalta draíochta, deirtear linn, le heachtraí i dtreo an ghrá agus an phósta agus ní hiontas mar sin go raibh éileamh mór orthu agus éisteacht dá réir. Ealaín bhéil a bhí sa scéalaíocht thraidisiúnta agus tugtar a cheart do Mhicí Sheáin Néill Ó Baoill (1901-1981) as Rann na Feirste mar shárscéalaí sa mbailiúchán 18 scéal seo, in aiste ghéarchúiseach an eagarthóra agus sa réamhrá tuisceanach le Jim McCloskey. Ba mhór i gceist Mac Rí na hÉireann tráth ach beidh trácht arís is go buan air de bharr scéalta agus friotal sainiúil an chnuasaigh seo atá curtha in eagar go pointeáilte, cruinn ó thús go deireadh.

6

Aisteoirí Ghaoth Dobhair 1931-1981, Noel Ó Gallchóir, €20

Stair na ndaoine agus iad i mbun ealaíne atá sa taisce speisialta, tobar eolais agus cartlann bheo seo a ligeann do mhuintir Ghaoth Dobhair breith ar an iliomad dráma a léiríodh ina measc idir 1931 agus 1981. Baintear úsáid leitheadach as grianghraif stairiúla, sleachta ó sheanchláir, gearrthóga nuachtáin, clófhoireann mhaisiúil agus dearadh glan glinn ar an iomlán. Tugtar aitheantas ar leith don obair gan staonadh a rinne Áine Nic Giolla Bhríde (1910-99) sa chuntas bríomhar, spéisiúil a thugann Noel Ó Gallchóir ar léirithe, drámaí, amharclanna, geamaireachtaí agus óige an pharóiste i gcaitheamh 17 gcaibidil. Tá sonraí iomlána leis na grianghraif, beathaisnéisí gairide ar na mórphearsain agus cuimse aguisíní tagartha i ndeireadh an tsaothair.

5

Rúin Oscailte, Áine Ní Ghlinn, Coiscéim, €7.50

Obair an fhile focail a chur ar ábhair nach gcaintítear orthu agus a bháitear sa tost. Pléitear rabharta téamaí cumhachtacha – urchóid, leatrom, náire, cumha, uaigneas – amach os ard agus ní chliseann riamh ar chumas Áine Ní Ghlinn dul go dúshraith agus sin a dhéanamh go healaíonta, teanntásach. Tagann lorg na géarchéime aeráide (Deireadh an Domhain) agus sláinte (2020, Coraintín) chun cinn ach is sna dánta faoi chaidrimh linn féin (Gnúis an tSaoil, Scáthán, Guthanna) agus lena chéile (Rún Oscailte, Reoite, Slán) is grinne a fhaightear léargas ar thocht téagartha na filíochta, stair fholaithe ár gcroíthe. An saol baile a thugtar go barr uisce sa gcnuasach is nua ó pheann Louis de Paor, Obair Bhaile, LeabhairComhair, €12, a bhfuil 16 dhán úra ann ina cheann ar rogha théamúil dá shaothar, mar aon le haiste bhreá chritice le hEimear Nic Conmhaic.

4

Madame Lazare, Tadhg Mac Dhonnagáin, Barzaz, €15.95

Thug Máire Ní Fhinneadha ‘leabhar don oíche airneáin nó don latte i gcaifé idirnáisiúnta’ ar an úrscéal snasta seo: sách ráite agus lán an chirt aici. Ar choigríoch mhór na hEorpa, sráideanna Londain agus cladaí Chois Fharraige is Árann a chuirtear na carachtair i láthair agus iad in árach le hanacair ghéar féiniúlachta. De réir a chéile a sceitear na scéalta rúin agus is cumasach mar a éiríonn le ciútaí beaga an léitheoir a ghríosadh agus a gheafáil in eangach na buaice. Bainfidh an sciolladh ríbheacht ar aos ollscoile gáire asat agus tá ábhar marana sa bplé a dhéantar ar an mbréag agus an fhírinne ann. Is é an tóir ar an dúchas – breac, bán is ballach – is mó a chuirtear faoi chaibidil agus sin go hoilte. Tús tréan tionscnaimh ó inphrionta nua. Ach sin a bheith léite agat, tarraing chugat malairt stíle agus ábhair mar atá le fáil san úrscéal gairid galánta An Loch, Pól Ó Muirí, LeabhairComhar, €10.

3

Colm Ó Caodháin: An Irish singer and his world, Ríonach uí Ógáin, Cló Ollscoile Chorcaí, €39

Seo an chomaoin is deireanaí atá curtha ag Ríonach uí Ógáin ar éigse Iar-Chonnacht agus scagadh sármhaith déanta aici ar stór amhrán fhonnadóir mór Ghlinsce, Colm Ó Caodháin (1893-1975). 33 amhrán dá chuid atá curtha in eagar, aistriúcháin phaiteanta orthu ina cheann ar aistí spéisiúla agus nótaí eolais in imeacht cheithre mhórchaibidil. Tá luach breise leis an leabhar de bhrí go bhfuil taifeadtaí stairiúla na n-amhrán féin ar dhlúthdhiosca. Is maith an oidhe ar cháil Choilm Uí Chaodháin agus litríocht bhéil Iorras Aithneach an bharrshamhail léinn seo. Más spéis leat traidisiún amhránaíochta na Mumhan, tá fáil ar atheagrán méadaithe de stór amhrán Bess Cronin as Múscraí: The Songs of Elizabeth Cronin: Irish Traditional Singer, eag. Dáibhí Ó Cróinín, Four Courts Press, €26.95

2

Súil an Daill, Darach Ó Scolaí, Leabhar Breac, €18

Is iad flaitheas agus formad téamaí síoraí an úrscéil seo. Scagadh céadach ar cheisteanna comhaimseartha ceannais agus cultúir atá ann, faoi chló Chroinicí na nUltach sa 16ú céad. Amhail Hilary Mantel nó David Simon, cuirtear ardán gnímh agus fearann machnaimh os coinne an léitheora ina léirítear laige an duine, gliceas na mban agus fústar na bhfear. Agus Conn Bacach Ó Néill, Tiarna Thír Eoghain, ag obair i dtreo bhuanú na cumhachta i gcónaí, mar dhia, ceistítear brí agus feidhm na béascna, téad thréitheach sheasta i saothar Dharach Uí Scolaí. Tá an teannas scéalaíochta ar fheabhas agus cuidíonn éascaíocht stíle le rosc rua ropanta a dhéanamh den phrós. Togha úrscéil.

1

An Cheathrú Rua agus na hOileáin sa Naoú hAois Déag, Áine Ní Chonghaile, Cló Iar-Chonnacht, €20

Is gaisce gléineach taighde é seo a tharraingeofar den tseilf go mion is go minic i dtithe ar fud Chonamara agus i seomraí seimineáir na n-áras léinn. Is é bua mór na staire atá scríofa ag Áine Ní Chonghaile ná an líofacht anailíse ar cháipéisí agus ar chultúr na ndaoine araon. Is é toradh na léirthuisceana go bhfuil teacht ar scéal na muintire agus insint éirimiúil, nádúrtha ar fáil dúinn uile ó threoraí údarásach. Seoltar an léitheoir isteach ar ábhar casta go réidh, agus ar thréimhse chorraitheach go siúráilte, a bhuíochas den slacht scríbhneoireachta. Spreagfar tuilleadh ransaithe i ngeall ar shaibhreas sonraí agus foinsí an tsaothair. Craobh léitheoireachta na bliana, dar liom.

Fág freagra ar '10 scothleabhar Gaeilge na bliana 2021…'