10 n-ábhar cainte i ndiaidh olltoghchán Westminster

Cothóidh toradh an olltoghcháin sa Ríocht Aontaithe idir chinnteacht agus éiginnteacht

10 n-ábhar cainte i ndiaidh olltoghchán Westminster

Príomh-Aire na Breatain, Boris Johnson. PictiúrL Leah Farrell/RollingNews.ie

Bímis buíoch, ar dhóigh amháin. Tá deireadh leis an éiginnteacht in Westminster agus rialtas láidir ag dul i gceannas. Beidh Boris Johnson ábalta an margadh a rinne sé leis an Aontas Eorpach i mí Dheireadh Fómhair a dhaingniú agus a chur i bhfeidhm ar an 31 Eanáir.

Is féidir a bheith cinnte mar sin go gcuirfear tús gan mhoill leis an dian-idirbheartaíocht a theastaíonn chun teacht ar chomhaontú faoin mbuanchaidreamh idir an tAontas agus an Ríocht Aontaithe roimh dheireadh 2020.

Faraor, is deacair smaoineamh ar aon ábhar eile a bhaineann le toradh an olltoghcháin a chothódh cinnteacht, cé gur féidir teacht ar chorrchúis dóchais ainneoin na héiginnteachta atá follasach anois ar an dá thaobh de Mhuir Éireann:

1. Ní léir fós cén Boris Johnson a bheidh i gceannas ar an idirbheartaíocht leis an Aontas Eorpach. Príomh-Aire a mbeidh Breatimeacht crua agus saoirse iomlán trádála agus caighdeán á lorg aige? Nó ceannaire a iarrfaidh garchaidreamh leis an AE a laghdóidh na fadhbanna a bhainfidh leis an mBreatimeacht ar fud an oileáin seo?

2. Ní léir ach oiread cén cineál córas seiceála agus deimhnithe idir an Tuaisceart agus an Bhreatain a shásóidh an rialtas nua i Londain agus an tAontas Eorpach – córas a mhéadódh costais agus castacht na hoibre, nó córas réasúnta simplí nach gcuirfeadh isteach go mór ar thrádálaithe ná ar lucht iompair?

3. Beidh saothar iontach déanta ag ionadaithe na Breataine agus an AE má éiríonn leo margadh a dhéanamh roimh dheireadh na bliana seo chugainn maidir le cúrsaí Thuaisceart Éireann agus maidir le cúrsaí casta eile (cearta iascaigh mar shampla). Tá sé ráite ag go leor ceannairí Eorpacha nach féidir comhréiteach dá leithéid a dhéanamh agus a dhaingniú in imeacht bliana.

4. Cad a dhéanfaidh Boris Johnson más léir faoi shamhradh na bliana seo chugainn nach féidir bailchríoch a chur ar chomhaontú nua roimh an spriocdháta? Dúirt sé arís agus arís eile roimh an olltoghchán nach n-iarrfadh sé síneadh ama ón 31 Nollaig 2020, an dáta ar a gcríochnóidh tréimhse shealadach ballraíochta a thíre san AE? An gcloífidh sé lena fhocal, nó an gcuirfidh sé geallúint eile i leataobh go mínáireach? Nó an amhlaidh gur crua-Bhreatimeacht a theastaíonn uaidh dáiríre ón 1 Eanáir 2021?

5. An mbeidh an Taoiseach agus ceannairí eile an AE ábalta gnó a dhéanamh le Johnson, ainneoin é a bheith soiléir nach gcuireann insint na mbréag aon náire air? Mar shampla, shéan sé le linn an fheachtais toghcháin go mbeadh seiceáil “ar bith” á déanamh ar earraí a bheadh á gcur anonn nó anall idir an Tuaisceart agus an Bhreatain. Tá a mhalairt ráite ag an aire Breatimeachta ina rialtas féin, ag Simon Coveney, agus ag urlabhraithe ón gCoimisiún sa Bhruiséil, agus an fhírinne á hinsint acusan (mar is léir do dhuine ar bith a léann téacs an chomhaontaithe).

 6. Cuirfear tús le cainteanna idirpháirtí in Stormont an tseachtain seo chugainn, agus toil léirithe acu go léir, agus ag an DUP go háirithe, iarracht a dhéanamh an feidhmeannas a athbhunú. An mbeidh Boris Príomh-Aire Johnson, má iarrtar air labhairt leis na rannpháirtithe, toilteanach agus ábalta déileáil leo ar bhonn cothrom muiníneach?

7. Ainneoin gach dea-fhocal a chualathas ó thuaidh agus comhráite na seachtaine seo chugainn á bplé tar éis an toghcháin, ní féidir a bheith cinnte go mbeidh siad ábalta teacht ar chomhthuiscint, maidir le hAcht na Gaeilge mar shampla.

8. Dúirt Leo Varadkar sa Bhruiséil Dé hAoine gur léir, i bhfianaise thorthaí an olltoghcháin ó thuaidh, nach bhfuil móramh níos mó ag aontachtaithe ná ag náisiúnaithe i dTuaisceart Éireann. B’fhearr dó breathnú arís ar na torthaí. Toghadh naonúr náisiúnaithe (idir Shinn Féin agus an SDLP) agus ochtar aontachtaithe mar fheisirí parlaiminte. Cothaíonn séanadh na fírinne éiginnteacht.

9. Ní mian le Fine Gael ná le Fianna Fáil tionól saoránach a reáchtáil go luath chun todhchaí bhunreachtúil na tíre a phlé. Ach má mholann móramh d’fheisirí parlaiminte an Tuaiscirt go gcuirfí tionól, an mbeidh na príomhpháirtithe i dTeach Laighean ábalta an chluas bhodhar a thabhairt dóibh ar feadh i bhfad?

10. Cén uair a vótálfar in olltoghchán ar an taobh ó dheas den teorainn? B’fhearr le Fine Gael agus le Fianna Fáil fanacht go dtí an Cháisc, ar a luaithe. Níl ach rud amháin cinnte: níl smacht ag ceachtar acu anois ar chríochdháta na Dála. Beidh éiginnteacht iomlán i réim i dTeach Laighean go dtagann deireadh a ré.

Fág freagra ar '10 n-ábhar cainte i ndiaidh olltoghchán Westminster'