Ní ón ngrian amháin a fhaightear dath na gréine níos mó. Tá rogha leathan ar fáil anois de tháirgí donnaithe bréige agus bealaí difriúla lena n-úsáid. Is cuma cén rogha a dhéanfaidh duine is gá i gcónaí scamhadh maith a thabhairt don chraiceann roimh ré agus maothóir a úsáid chuile lá ina dhiaidh sin chun cuma dheas a choinneáil ar an donnú bréige.
Tá na cinn atá roghnaithe agamsa anseo ar fáil i Boots nó i siopaí poitigéara maithe ar fud na tíre.
‘Bondi Sands Express 1 Hour Tanning Foam’ ar €24.99
Cúr a úsáidim féin go hiondúil don donnú bréige agus is é an branda ‘Bondi Sands’ is fearr liom. Tá an ceann seo iontach má bhíonn deifir ort.
‘Isle of Paradise Self-Tanning Water’ ar €16.66
Branda réasúnta nua é seo agus is uisce atá sa donnú bréige seo. Táirge nuálach go maith é seo mar go gcoinníonn an t-uisce an craiceann maoth chomh maith le dath a chur air.
‘St. Moriz Dry Oil Self-Tanning Mist’ ar 12.99
D’úsáid mé donnú bréige le hola thirim den chéad uair le gairid agus tá mé an-tógtha leis. Tá sé thar a bheith éasca le húsáid agus ní thriomaíonn sé an craiceann rómhór. Ní gá an táirge seo a níochán díot in aon chor agus mar sin is féidir leat éadach a chur ort féin ar an bpointe tar éis é a úsáid.
‘Isle of Paradise Self-Tanning Drops’ ar €16.66
Seo táirge spéisiúil eile ón mbranda Sasanach ‘Isle of Paradise’. Meascann tú cúpla braon den donnú bréige seo leis an maothóir is fearr leat féin chun dath breá a chur ort féin. Fút féin atá sé cinneadh a dhéanamh cé chomh dorcha agus is mian leat an donnú a dhéanamh, ag brath go hiomlán ar an méid den táirge a mheascann tú leis an maothóir.
‘St.Tropez Gradual Tan’ in Shower Lotion ar €13.33
Lóis atá sa cheann seo le húsáid sa chith agus tá sé molta agam le fada mar an ceann is fearr ar an margadh. Tá sé seo an-éasca le cur ort agus ar fheabhas más dath éadrom donn atá uait.
‘Bellamianta Luxury Velvet Mitt’ ar €9.99
Shíl mé i gcónaí gur chuma cén cineál miotóige a d’úsáidfeá chun ann donnú bréige a chur ort féin ach, a luaithe agus a bhain mise úsáid as an gceann seo ó Bellamianta, bhí m’intinn athraithe agam. Ní úsáideann mé aon cheann eile anois agus tá an ceann seo ar fheabhas le stríoca a sheachaint.
‘Dove DermaSpa Summer Revived’ ar €9.99
Seo ceann maith don té gur mhaith leo an donnú bréige a dhéanamh deas mall, céim ar chéim. Fillim ar an gceann seo go rialta agus ní ceann é seo a d’fhágfadh dath ró-oráiste ort riamh.
‘Clarins Liquid Bronze Self-Tanning’ ar €26
Má tá donnú bréige uait do d’aghaidh, seo an ceann is fearr go cinnte. Níl le déanamh ach é a chuimilt ort féin agus cuirfidh sé dath álainn ort. Tá sé beagáinín daor ach maireann sé an-fhada agus is fiú go mór é dá bharr sin.
‘Vita Liberata Body Blur’ ar €37.50
I gcás práinne nuair nach bhfuil aon donnú bréige agat is féidir an táirge seo a úsáid le dath a chur ort ar an toirt. Meascán de dhonnú bréige agus de smideadh coirp atá ann agus rogha de thrí dhath ar fáil.
‘BPerfect Self Tan Eraser’ ar €14.99
Seo táirge maith le donnú bréige atá ag dul i léig a bhaint díot agus tú a fhágáil réidh don donnú nua. Seo rogha mhaith seachas a bheith ag tabhairt sciúradh crua do do chraiceann.
Fág freagra ar '10 dtáirge a choinneoidh dath na gréine ort le linn an tsamhraidh in Éirinn'