Údar bróid agus bróin ag Corcaigh arís, deis iontach ag Aontroim agus na Conallaigh sásta lena gcuid

Caitheann Tuairisc súil siar ar chuid de na scéalta suimiúla a tháinig chun cinn ó chluiche peile agus iomána an deireadh seachtaine

Údar bróid agus bróin ag Corcaigh arís, deis iontach ag Aontroim agus na Conallaigh sásta lena gcuid

Údar bróid agus bróin ag Corcaigh arís

Meascán den bhród agus den bhrón a bheadh ar lucht tacaíochta Chorcaí nuair a séideadh an fheadóg dheireanach i bPáirc Uí Chaoimh ag an deireadh seachtaine. Bhí baint mhór ag iománaithe an chontae le cluiche den scoth i gCraobh na Mumhan ach chaill siad arís sa deireadh.

Bhí an taispeántas in aghaidh an Chláir Dé Domhnaigh i bhfad níos fearr ná mar a bhí i gcoinne na nDéise an tseachtain roimhe ach bhí an toradh mar a chéile agus obair mhór le déanamh ag Corcaigh más leo teacht amach as an gcúige. Cluiche in aghaidh fhathaigh Luimnigh a bheidh acu an chéad lá eile agus cluiche in aghaidh Thiobraid Árann ina dhiaidh sin. Fiú dá n-éireodh le Corcaigh an dá chluiche sin a bhuachan, ní bheadh siad cinnte d’áit sna babhtaí díbeartha de Chraobh na hÉireann.

Tá dul chun cinn déanta ag Corcaigh faoi cheannas Pat Ryan le cúpla bliain anuas ach údar imní é do lucht na gcamán sa chontae go bhfuil an chosúlacht air nach bhfuil siad in ann na dianchoimhlintí a bhuachan.

Ó bhuail siad greadadh ar Phort Láirge ina gcéad chluiche i gCraobh na Mumhan anuraidh, tá cúig chluiche craoibhe imeartha acu. Chríochnaíodar ar comhscór le Tiobraid Árann sa chéad bhabhta eile anuraidh sular chaill siad le pointe in aghaidh chontae an Chláir agus le pointe amháin in aghaidh Luimnigh. Chaill siad a gcéad chluiche i bhfeachtas na bliana seo le rí phointe i gcoinne na nDéiseach an tseachtain seo caite sular sháraigh na Cláirínigh iad le dhá phointe.

Fágann sin uile nach bhfuil ach cluiche craoibhe amháin buaite acu ó tháinig Ryan isteach mar bhainisteoir. Mar sin féin, tá go leor a bheadh sásta bliain eile a thabhairt dó chun tógáil ar an obair atá déanta aige, cé go mbeidh tionchar ag na cluichí atá le teacht ar an dearcadh a bheidh ag daoine faoi ag deireadh an fheachtais.

Tá breis is 30 pointe, idir chúil agus phointí, géillte ag Corcaigh sna cluichí sin a chaill siad agus nuair a chuireann tú leis sin na cártaí dearga a taispeánadh do Damien Cahalane agus Seán O’Donoghue le cúpla cluiche anuas, tá sé soiléir go maith cad iad na háiteanna ina bhfuil gá le feabhas.

Bua mór ag Aontroim agus deis iontach rompu

Cé gur i Staid an Phiarsaigh a bhí na ceamaraí don chluiche idir Gaillimh agus Cill Chainnigh Dé Domhnaigh, foirne a chasfaidh le chéile arís i gcluiche ceannais Laighean, déarfá, is i bPáirc Uí Chorragáin an lá roimhe sin a bhí an toradh is tábhachtaí sa chúige, nuair a tháinig Aontroim aniar aduaidh ar Loch Garman.

Measadh ag tús na craoibhe gur idir Áth Cliath agus na Carmannaigh a bheadh an tríú háit i gCraobh Laighean, agus an áit i réamhbhabhtaí ceathrú ceannais na hÉireann a théann léi. Níor athraigh an tuairim sin nuair a chríochnaigh na contaetha céanna ar comhscór ina gcluiche sa chéad bhabhta de Chraobh Laighean, an lá céanna gur bhuail Cill Chainnigh Aontroim le 32 pointe.

Niall Murphy agus Conal Bohill. Pictiúr: INPHO/Leah Scholes

Agus laoch an chontae Neil McManus éirithe as an imirt i mbliana, bhí an chuma ar an scéal go raibh drochbhliain i ndán d’fhoireann Darren Gleeson agus níor tharla aon mhaolú ar an tuairim sin nuair a chailleadar gach ceann de na cúig chluiche a bhí acu sa tsraith.

In ainneoin an amhrais thug na hUltaigh taispeántas láidir uathu i mBéal Feirste Dé Sathairn chun Loch Garman a bhualadh, agus tá deis iontach acu anois na babhtaí díbeartha de chraobh na hÉireann a bhaint amach.

Tá cluiche ollmhór roimh Aontroim faoi cheann cúpla seachtain nuair a a bheidh siad i bPáirc Pharnell le haghaidh a thabhairt ar Áth Cliath. Cé gur bhuaigh fir na príomhchathrach an cluiche sraithe idir na foirne seo mí Feabhra, ní raibh ach an t-aon phointe amháin eatarthu, agus d’fhéadfadh Aontroim an bhearna sin a dhúnadh go héasca a bhuíochas don spreagadh agus an mhuinín a bhain le bua an deireadh seachtaine seo.

Jim McGuinness. Pctiúr: INPHO/Lorcan Doherty

Na Conallaigh in áit mhaith agus iad ag ullmhú do chluiche ceannais Uladh

Ba cheart go mbeadh Jim McGuinness an-sásta ag tús na seachtaine seo. Ní hamháin go bhfuil Dún na nGall ag ullmhú do chluiche ceannais Uladh ach bhuaigh a fhoireann ar Thír Eoghain cé nach raibh a chuid imreoirí ar a gcompord ceart.

Leis an bhfuilibiliú a bhí ann tar éis do na Conallaigh Doire a bhualadh an tseachtain seo caite, seans gur rud maith a bhí ann gur le dua a fuair siad an ceann is fearr ar Thír Eoghain. Dá mbeadh Tír Eoghain, foireann a bhfuil neart deacrachtaí cruthaithe acu do Dhún na nGall le roinnt blianta anuas, curtha de dhroim seoil go héasca ag Dún na nGall d’fhéadfadh an gleo a bheadh ann faoi fhilleadh McGuinness cur isteach ar an bhfoireann.

Mar a tharla, thóg sé tamall fada ar na Conallaigh an ceann is fearr a fháil ar a gcéilí comhraic i bPáirc na gCeilteach Dé Domhnaigh ach ní haon drochrud é sin ach an oiread. Léirigh Dún na nGall teacht aniar chun an cluiche a thabhairt go ham breise agus bhíodar cuid mhaith níos fearr ná Tír Eoghain sna 20 nóiméad breise sin agus cuma spíonta ar fhoireann Brian Dooher, cé go dtuigfeá dóibh agus iad tar éis am breise a imirt in aghaidh an Chabháin an tseachtain roimhe sin chomh maith.

Bhí Dún na nGall d’uireasa Shaun Patton ach d’éirigh go maith le Gavin Mulreany sa chúl, cé nár mhór an brú a cuireadh air. Ábhar imní a bheadh ann do lucht tacaíochta Dhún na nGall freisin nár tháinig Patrick McBrearty ar ais ar an bpáirc don dara leath ach bhí sé sách aclaí chun filleadh d’am breise agus cúpla pointe cinniúnach a scóráil, rud a thabharfaidh dóchas don lucht tacaíochta agus cluiche ceannais an chúige in aghaidh Ard Mhacha rompu.

Fág freagra ar 'Údar bróid agus bróin ag Corcaigh arís, deis iontach ag Aontroim agus na Conallaigh sásta lena gcuid'