Titim mhór ar éileamh ar choláistí samhraidh

Tá titim thubaisteach tagtha ar líon na scoláirí a fhreastalaíonn ar na coláistí samhraidh sna ceantair Ghaeltachta le sé bliana anuas. Léirionn anailís atá déanta ag Tuairisc.ie ar fhigiúirí nua gur thit líon na scoláirí 25% ón mbliain 2008 agus go bhfuil an cás níos tubaistí fós i nGaeltacht Chorcaí

summer-college

Tá titim thubaisteach tagtha ar líon na scoláirí a fhreastalaíonn ar na coláistí samhraidh sna ceantair Ghaeltachta le sé bliana anuas. Léirionn anailís atá déanta ag Tuairisc.ie ar fhigiúirí nua gur thit líon na scoláirí 25% ón mbliain 2008 agus go bhfuil an cás níos tubaistí fós i nGaeltacht Chorcaí, áit a bhfuil titim 56% i gceist. Bhí laghdú beagnach 50% i gceist i gCúige Mumhan i gcoitinne.

Tá ós cionn €2 mhilliún euro in aghaidh na bliana a shábháil i gcaiteachas an Stáit de thoradh ar an laghdú sna figiúiri freastail agus d’fhéadfadh go bhfuil cailleadh de €10 milliún gach bliain i gceist do gheilleagar na Gaeltachta.

De réir figiúirí oifigiúla a tháinig chun cinn i gceist Dála ón Teachta Dála Éamonn Ó Cuív (FF), d’fhreastail 21,081 scoláire ar chúrsaí Gaeltachta i mbliana, laghdú 7,031 ó 2008.

I gCúige Mumhan, i gceantair Ghaeltachta Chiarraí, Chorcaí agus na nDéise, thit líon na scoláirí a d’fhreastal ar choláistí samhraidh go leanúnach ó 6,101 sa bhliain 2008 go 3,116 i mbliana.

Tititm níos mó ná aon trian (37%) a bhí i gceist i nGaeltacht Thír Chonaill le linn na tréimhse céanna. Is chuig ceantair Ghaoth Dobhair, Rann na Feirste agus Ghort a’ Choirce a théann formhór na bhfoghlaimeoirí a bhfuil cónaí orthu sna sé chontae.

Níl an lagdú sna figiúirí chomh tubaisteach céanna i nGaeltacht na Gaillimhe. Go deimhin, is chuig colaistí i nGaeltacht Chonamara a chuaigh duine as gach beirt scoláirí ar chúrsaí Gaeilge i mbliana. Fós féin, tháinig laghdú 13% ar líon na scolairí a tháinig go contae na Gaillimhe le sé bliana anuas.

Níl dea-scéal sna figiúirí ach do dhá chondae – an Mhí agus Maigh Eo.

Méadú beag a bhí i gceist i Maigh Eo – ó 2, 734 go 2, 742 scoláíre – ach méadú suntasach – ó 194 go 345 scoláire – a bhí gceist i Rath Chairn na Mí.

Dúirt urlabhraí thar ceann Chomhchoiste Náisiúnta na gColáistí Samhraidh (CONCOS ), Máire Denvir, go bhféadfaí go leor den mhilleán a chur ar bhás an Tíogair Cheiltigh. “Ó 2008 dáiríre, tá muid i ngéarchéim eacnamaíochta sa tír agus ní nach ionadh, ghoill sé agus goilleann sé ar na coláistí Gaeilge cosúil le chuile thionscal eile. É sin ráite, is miorúilt nár thit siad i bhfad níos mó ná mar atá siad tite”, a dúirt sí.


 

table

 


 

Ag labhairt di le Tuairisc.ie, dúirt Máire Denvir gur ar na coláistí féin agus ar na pobail ina bhfuil siad a bhraitheann a bhfuil i ndán dóibh. “Is é an chéad rud atá ag teastáil le go gcoinneoidh tú coláiste Gaeilge ná go gcaithfidh an gasúr agus an tuismitheoir luach maith a fháil ar a gcuid airgid, agus is é an príomhrud ansin ná go mbeadh Gaeilge sa gcoláiste agus go mbeadh Gaeilge sa bpobal thimpeall air.”

Titim “ollmhór” a thug an Teachta Dála Éamonn Ó Cuív, Iar-Aire na Gaeltachta, ar na figiúirí nua seo. Cháin sé Aire Stáit na Gaeltachta as líon na leapacha do scoláirí Gaeilge sa nGaeltacht a laghdú. Dúirt sé freisin go raibh tábhacht thar na bearta sna coláistí samhraidh do chur chun cinn na teanga. “Tógann siad an Ghaeilge ó theanga a d’fhoghlaim siad ar scoil gan aon úsáid aisti, go teanga gur féidir leo í a labhairt, ciall a dhéanamh inti, agus úsáid a bhaint aisti le haghaidh ghnóthaí an lae”, a dúirt sé.

Tá an lagdú tagtha ar na figiúirí d’ainneoin ardú a bheith ar na marcanna a bhronntar ar scoláirí sa bhéalscrúdu Gaeilge san Ardteist.