Taispeántais chumhachtacha, ach The Girl on the Train imithe de na ráillí

LÉIRMHEAS SCANNÁIN: D’fhéadfaí an casadh ag deireadh ‘The Girl on the Train’ a thuar i bhfad roimh ré agus ag an bpointe sin bhíomar in iomaire na seanchaiteachta

Taispeántais chumhachtacha, ach The Girl on the Train imithe de na ráillí

The Girl on the Train
Stiúrthóir: Tate Taylor
Cliar: Emily Blunt, Haley Bennett, Rebecca Ferguson, Justin Theroux, Luke Evans, Edgar Ramírez, Laura Prepon, Allison Janney.

‘I’m not the girl I used to be,’ a deir carachtar Emily Blunt linn go léargasach. B’fhíor di. Go deimhin tá claochlú tagtha ar Rachel sara gcímid í in aon chor agus tagann athrú ollmhór ar a meon i gcaitheamh an scannáin. Bean í atá ciaptha ag an saol. Cliste ar a pósadh le Tom (Theroux) mar gheall ar an ól, agus é anois buailte fé ina dteach le bean eile. ‘The bitch is living in my house,’ a deir sí go feargach, brónach agus í ag trácht ar an dua a chaith sí le dearadh agus maisiú an tí.

Ní haon ionadh go bhfuil sí luite leis an ól go hiomlán agus go bhfuil a saol ag titim ón tine chun na gríosaí. Leis an tarcaisne a chur i gceann na héagóra gabhann sí thairis ceantar gustalach, cluthair an tí is í ag taisteal chun hoibre. Ní crá croí go dtí é.

Cé gurbh í Rachel an príomhcharachtar is triúr ban tathagach atá mar mháithreacha leis an saothar. Anna (Ferguson) an bhean atá baiste mar bhitseach ag Rachel agus Megan (Bennett), an carachtar is suimiúla acu ar shlí.

Bean shuaite í Megan, eachtraí a bhain di ina hóige ag luí uirthi. Í míshocair inti féin agus ina pósadh le tíoránach d’fhear (Evans). Í faoi chúram síciatraí atá sí ag iarraidh a mhealladh. A cuid  monalóg leis ag léiriú mná atá ar imeall na haimléise. Í ag cur síos go deisbhéalach ar na rólanna difriúla atá aici ó striapach go bean tí. Tarlaíonn sé go bhfuil sí ag maireachtaint dhá dhoras síos ó shean-thigh Rachel, rud a chiallaíonn go mbíonn neart ag Rachel bocht a bheith ag gliúcaíl ar an dá theaghlach (atá foirfe, mar dhea), maidin agus oíche.

Nuair a théann Megan ar iarraidh, titeann súil an amhrais ar Rachel, a bhí ag déanamh ciapadh neafaiseach ar Tom agus Anna. Sinn siar is aniar le hiardhearcthaí i rith an ama agus dearcthaí na mban éagsúil á dtabhairt ar a seal.

Mistéir atá againn anseo ina bhfuil Rachel ag iarraidh a bealach a dhéanamh trí scamall na gcuimhní meisciúla. B’fhéidir gurbh í a dhúnmharaigh Megan?

Saothar é atá bunaithe ar úrscéal mór-ráchairte le Paula Hawkins a seoladh in 2015, agus ar chúis nach dtuigim tá an suíomh athraithe ó Londain go Nua-Eabhrac. Ní féidir éalú ós na comparáidí le Gone Girl, úrscéal a foilsíodh in 2012 agus ar deineadh scannán de dhá bhliain ó shin. Ach an oiread leis an táirge úd measaim go gcuaigh sé amach ón gcairt agus ba dheacair glacadh leis na comhtharlúintí agus an áiféis ar fad. D’fhéadfaí an casadh ag an deireadh a thuar i bhfad roimh ré agus ag an bpointe sin bhíomar in iomaire na seanchaiteachta.

Tugann an triúr ban taispeántais chumhachtacha uathu agus tacaíocht bhreá acu ó leithéidí Theroux agus Evans, mar aon le Prepon agus Janney i rólanna tánaisteacha.

Cuibheasach gan a bheith maíteach.

Fág freagra ar 'Taispeántais chumhachtacha, ach The Girl on the Train imithe de na ráillí'