‘Taibhse’ na bpinsean ag bagairt ar an Stát

Cén chaoi a mbeidh an saol againn sa todhchaí? Ní rómhaith é má leantar leis an éagóir i gcúrsaí pinsin

‘Taibhse’ na bpinsean ag bagairt ar an Stát

Tá taibhse ag faire ar mhaorlathas an stáit, taibhse a luaitear os íseal ó am go chéile ach nach féidir a dhíbirt.  Sea, ardóidh líon na bpinsinéirí in Éirinn faoi thrí sna tríocha bliain seo romhainn.

Tá an chosúlacht air go mbeidh dhá mhilliún duine in aois an phinsin faoi 2050. Cé a íocfaidh astu agus conas?

Cé go bhfuil an ráta breithe in Éirinn ar na rátaí is airde san Eoraip táimid ag cailliúint daoine i gcónaí le heisimirce. Tá súil ag roinnt eacnamaithe go mbeifear in ann an bhearna a líonadh le hinimircigh – ó Oirthear na hEorpa, ón Afraic is ón Meánoirthear.

Is éard atá i gceist leis sin i ndáiríre, go gcreidtear go bhfuil inimircigh sásta oibriú ar phá níos ísle fad is atá daoine oilte na hÉireann bailithe leo thar lear.

Mar shampla, tá altraí nuacháilithe ag obair ar bheagán le cois céad euro sa tseachtain sa mbaile, nuair is féidir leo a thrí oiread sin agus níos mó a fháil i Sasana, i gCeanada nó san Astráil. Agus má dhéanann siad iarracht filleadh abhaile, is ar éigean gur féidir leo morgáiste a fháil le háit chónaithe a chinntiú. Fágtar iad i lúb chíosa na dtiarnaí talún: sampla eile de mhífheidhm an stáit seo.

An chaoi a bhfuil cúrsaí anois tá muid ag daoradh na mílte chun an bhochtanais ina seanaois. Mar murar féidir le daoine tithe a cheannach nó áit chónaithe ar cíos a fháil ó na húdaráis áitiúla, beidh orthu an praghas iomlán ar chíos príobháideach, mar a shocraíonn an margadh é, a íoc as pinsean laghdaithe.

Ní hamháin go bhfuil roinnt mhaith daoine, san earnáil phríobháideach, nach bhfuil pinsean gairme faoi leith acu, ach tá an brú mór seo ar an bpinsean stáit.

Tá muid ag caitheamh €7 mbilliún sa bhliain ar phinsin seanaoise, agus beidh an costas sin ag dul in airde de réir mar a ardaíonn an líon daoine ar phinsean.

Chun an fhadhb sin a mhaolú, 68 an aois scoir oifigiúil a bheidh againn faoin mbliain 2028, ach faoi láthair 66 atá ann (67 in 2021). Is í an fhadhb leis sin, ámh, ná go mbíonn iallach ar dhaoine éirí as obair ag aois a 65 go hiondúil, de réir a gconarthaí fostaíochta.

San idirlinn caithfidh siad dul ar liúntas cuardaitheora poist – íocaíocht atá i bhfad níos lú ná an pinsean stáit.

Agus anuas air sin, tá an córas féin lochtach is míchothrom.

Ón mbliain a dtosaíonn duine ag obair (‘ar stampaí’ mar a déarfá) caithfidh sé méad áirithe creidiúintí a fháil le haghaidh gach bliain (48 don phinsean iomlán).  Duine a chaitheann tamall ag dul don oideachas, ní bheidh aon chreidiúintí aige/aici do na blianta sin.

Tá an éagóir sin níos soiléire fós i gcás na mban. Níl aon chreidiúintí le fáil ar na blianta a chaitheann duine ag tabhairt aire do pháistí, agus meastar go gcailleann 40% de mhná na tíre cuid shuntasach dá bpinsean stáit mar gheall ar an riail sin.

Tá an scéal seo ardaithe ag Tionól na Saoránach agus é ráite go gcaithfear athbhreithniú iomlán a dhéanamh ar an gcóras pinsin, lena chinntiú nach féidir le fostóirí scéimeanna pinsin a sheachaint nó a stopadh.

Dúradh chomh maith go bhfuil sé práinneach deireadh a chur leis an éagóir ar mhná a chaith seal ag tabhairt aire do pháistí ag baile.

Seachas díriú ar an éagóir sin, is amhlaidh a bhíonn oibrithe poiblí á n-ionsaí go leanúnach de bharr go bhfaigheann siadsan pinsean faoi bharántas ón stát. Deir tráchtairí is eacnamaithe a labhraíonn thar ceann na bhfostóirí gur éagóir an ceart seo ag oibrithe poiblí ar oibrithe san earnáil phríobháideach.

Ní smaoiníonn siad in aon chor gur cheart don earnáil phríobháideach pinsin chearta a chinntiú dá bhfostaithe mar a dhéantar san earnáil phoiblí.

Nuair a bhreathnaíonn muid ar an gcóras seo, an chastacht dhothuigthe nach bhfuil riachtanach, an éagóir ar mhná agus ar dhaoine a théann le hoideachas is eile, is léir go bhfuil an córas lochtach is éagothrom ó bhun go barr.

Ach ní phléann na saineolaithe a leithéid sin.  Creideann an ESRI gur féidir costas an chórais a mhaolú tríd an aois scoir a ardú go 70. Níl faic á rá acu, áfach, faoin éagóir bhunúsach.

Ní taobh le fadhb na bpinsean atá muid. Tithíocht, sláinte, oideachas, fostaíocht – is fadhbanna iad uilig nach bhfuil aon réiteach á mholadh ag an rialtas orthu ná ag an gcóras riaracháin, an státseirbhís.

Ach mura gcuirfidh muid deireadh leis an mífheidhm seo san oiread sin réimsí den saol, cén chaoi a mbeidh an saol againn sa todhchaí?