Tá turas 1,000 míle romham ar mo rothar – tá mé ag súil go mór leis

Tá cur síos ag ár ndialannaí taistil ar a thuras rothair 1,000 ciliméadar, ó na hAille i gCois Fharraige go dtí an Camino de Santiago

Tá turas 1,000 míle romham ar mo rothar – tá mé ag súil go mór leis

“Ach an dtaitníonn sí leat?”

“Cén rud?”

“An rothaíocht mhór sin?”

Ba mhaith an cheist a bhí curtha ag mo chara orm ansin. Bhí mé díreach tar éis a rá leis go raibh sé i gceist agam tabhairt faoi Chonair Shéamuis Naofa arís an mhí seo – ach an uair seo tosóidh an chonair ag doras mo thí féin sna hAille in Indreabhán i nGaeltacht Chonamara agus is ar dhroim an chapaill iarainn a bheidh mé ag tabhairt faoin turas.

Shiúil mé Camino de Santiago cothrom an ama seo cúig bliana ó shin. An uair sin chuaigh mé trí Shasana, faoi Mhuir nIocht go Páras na Fraince, agus ar an traein ardluais go Saint Jean Pied-de-Port sular thosaigh mé ar an siúl ceart. Sé mhí roimhe sin, chuaigh mé ar an rothar as Baile Átha Cliath go Sliabh Oilimpeas na Gréige – turas trí mhíle go leith ciliméadar trí thrí thír déag.

Ar ndóigh, taitníonn an rothaíocht mhór liom. Ní dhéanfainn í mura dtaitneodh. Ach chuir ceist mo charad ag smaoineamh mé – céard go díreach a thaitníonn liom faoi na turais mhóra seo.

Tagann na freagraí éasca go barr uisce ar dtús: is maith liom mé féin a choinneáil aclaí; ‘tríd an rothaíocht is fearr a fhoghlaimítear cruth tíre’, mar a dúirt Hemingway; agus tá sé go maith don chomhshaol. Ní hiad sin na freagraí cearta, mar sin féin.

Ba é Waldo a dúirt “ní hé an ceann scríbe ach an turas ann [atá tábhachtach]”. Th’éis mo mhachnamh a dhéanamh ar an gceist agus an ghaoth mhór a bhí le mo dhroim do mo sheoladh soir as Indreabhán go Port Omna, shocraigh mé nár aontaigh mé go huile is go hiomlán leis an bhfealsamh Meiriceánach (rud a chuirfidh gliondar ar chroí mo mháthar a cheap riamh gur meon thar a bheith neamh-Chaitliceach a léiríodh sa ráiteas sin).

Taitníonn na turais liom beag beann ar an áit a bhfuil mé, ar an aimsir atá ann, agus go deimhin ar an gceann scríbe atá amach romham. Is iad na daoine a chastar orm a thaitníonn liom, agus ní thaitneodh aon turas liom mura ndéanfainn cara nua ar an mbealach.

Údar magaidh é an nós atá agam ‘seanleaids a bhailiú’, mar a chuirtear i mo leith nuair a thagaim abhaile ó thuras mór. Tá fírinne ann. Tá súil agam castáil arís an geábh seo le cara a rinne mé an uair dheireanach a raibh mé ar an gCamino – Jim (74) as Nua-Eabhrac a chuirfidh tús arís le aistear trasna na Spáinne ar an lá céanna liomsa. Ó casadh ar a chéile muid cúig bliana ó shin, tá na céadta mílte focal scríofa againn i litreacha móra fada dá chéile agus tá trí chuairt tugtha againn ar a chéile – mé féin i Nua-Eabhrac faoi dhó agus Jim agus a bhean anseo in Éirinn uair amháin.

B’amhlaidh an scéal nuair a chuaigh mé chuig an nGréig – tá mé fós i dteagmháil le cuid de na daoine iontacha a casadh orm ar an mbealach, agus fiú na daoine iontacha nár chuala mé uathu riamh arís, tá mé sásta gur casadh ar a chéile muid agus gur roinn muid cuid den turas. ‘Ní fiú an sonas mura roinntear é’, mar a scríobh Christopher McCandless ar a chóip de Dr Zhivago.

Níl an Camino seo ach ina thús agam agus na focla seo á scríobh agam i dteach deas lóistín i bPort Omna, ach tá mé ag súil leis an turas atá amach romhainn – na háiteacha, an aimsir, agus thar rud ar bith eile na cairde nach bhfuil aithne orthu fós.

Port Omna – 94km.

Fág freagra ar 'Tá turas 1,000 míle romham ar mo rothar – tá mé ag súil go mór leis'

  • Páid Ó Donnchú

    Go néirí an bóthar leat a Mhaitiú

  • Ruadhruí O'Drisceoil

    Ard fhear Maitiú. Bain sult as an turas ar fad, táim in éad leat. Bheadh suim agam cloisint faoin turas maidir leis an aimsir, an rothar féin (polltana etc) agus an fad san lá a rothaíonn tú. Tá má ró-aosta anois chun turas mar sin a dhéanamh ach táim fós ag spaisteoireacht timpeall na tíre seo. Tá sloinne oiriúnach agat don “Camino”!