Tá daichead duine áirithe i ‘gcroíphobal’ na Gaeilge ar Twitter — cé hiad féin?

De réir anailís nua, tá 40 duine gníomhach ar Twitter a chuireann teachtaireachtaí amach go rialta agus i nGaeilge go príomha

Tá daichead duine áirithe i ‘gcroíphobal’ na Gaeilge ar Twitter — cé hiad féin?

Tá liosta de na giolcairí Gaelacha atá i ‘gcroíphobal’ Gaeilge Twitter curtha ar fáil ag an Ollamh Kevin Scannell, a bhíonn ag coinneáil súil ar fhás agus ar fhorbairt na Gaeilge ar líne.

Ó tháinig Twitter ar an bhfód 11 bliain ó shin, tá an t-ardán meán sóisialta seo á úsáid ag cainteoirí Gaeilge ó cheann ceann na tíre agus ar fud an domhain ar líne le teagmháil a dhéanamh lena chéile.

Ach cé go mbíonn na mílte cuntas ag úsáid na Gaeilge anois agus arís ar Twitter, níl ach 40 cuntas pearsanta ag croí an phobail sin a úsáideann an Ghaeilge go príomha agus go rialta.

Ba í an tslat tomhais a d’úsáid Kevin Scannell le teacht ar an liosta seo ná cuntas pearsanta le duine aonair nach mbíonn ag giolcaireacht thar ceann eagraíochta agus a mbíonn 66.6% nó níos mó dá theachtaireachtaí i nGaeilge. Chun a bheith áirithe mar chuntas gníomhach, ní foláir ar a laghad giolc amháin a chur amach in aghaidh na seachtaine.

Is giolcairí Gaeltachta, daoine a tógadh nó atá anois lonnaithe sa Ghaeltacht, iad 13 (33%), de na cuntais; tá cúigear (13%) lonnaithe thar lear (i Sasana, Stáit Aontaithe Mheiriceá agus Hong Cong); tá ceathrar (10%) lonnaithe ó thuaidh; agus an 18 eile (45%)  scaipthe ar fud na tíre. Tá 26 fear agus 14 bean ar an liosta.

An Liosta:

@AilbheOM      Ailbhe Ó Monacháin
@AineEibhlin       Áine Ní Bhreisleáin
@AnRiabhach       Mike Ravey
@BBhreathnach   Bridget Bhreathnach
@Cabrinid     Cabrini de Barra
@CriostoirOF       Criostóir Ó Faoláin
@Curraighin     Shane Ó Curraighín
@DannyThiar       Danny Brown
@Duibhlinneach  Norman Pramister
@EibhlindeBhails    Eibhlín de Bhailís
@FMJONeill     Fergus Ó Néill
@Gaelgory     ’T-Rex Ó Saurus’
@GoitseAnseo      ‘GoitseAnseo’
@Gormfhlaith      Gormfhlaith Ní Thuairisg
@Iarla_Mac_Aodha    Iarla Mac Aodha Bhuí
@Iasan_Riabhach   Iasán Ó Riabhaigh
@JamieOTuama  Jamie Ó Tuama
@Jimigogola     Breandán Delap
@KingDonncha1  Dennis King
@LeitirSean      Seán Ó Corráin
@OrfhlaithNicBhr   Órfhlaith Nic Bhriain
@PolReamonn      Pól Réamonn
@SorchaNiR     Sorcha Ní Riada
@Suilleabhanach Séamus Ó Súilleabháin
@Tuigim            ‘Tuigim’
@aonghusoha       Aonghus Ó hAlmhain
@bisonasasta        Edel Ní Bhraonáin
@brianofearraigh Brian Ó Fearraigh
@caitlinpheaits Caitlín Ní Chualáin
@drabhlas     Gearóid Ó Mórdha
@ediennico       Dara Ó Cinnéide
@kscanne      Kevin Scannell
@mairinhurndall Máirín Hurndall
@maitiuocoimin  Maitiú Ó Coimín
@milseogmhilis   ‘An Saoiste Gan Náire’
@murchadhmor   ‘Murchadh Mór’
@nimhurchusile  Síle Ní Mhurchú
@oisinmor    Oisín Mór
@raymondkieran Réamonn Ó Ciaráin
@uathachas      ‘Uathachas’

Fág freagra ar 'Tá daichead duine áirithe i ‘gcroíphobal’ na Gaeilge ar Twitter — cé hiad féin?'

  • Lelia Ní Chinneide

    So? An scéal mór é seo dóibh siud nach mbacann leis an gniolcaireacht? Mar a dúirt an amhrán ‘Cad é sin don té sin nach mbaineann sin dó?’

  • An Gealún

    So, ní ceart tagairt d’aon scéal ná baineann le gach uile dhuine?

  • Pól Réamonn

    Tá mé cáiliúil……..faoi dheireadh.

  • Tuigim

    Mór an trua nach bhfuair Twitter réidh le cuntas @milseogmhilis fós! An-damáiste déanta aige lena chiníochas is fuath ban! An Saoiste gan Náire, an t-ainm a roghnaigh sé. Tweetanna uaidh gránna gan náire. Cuntas is measa ar an liosts.

  • Liam Ó Briain

    nil fhios agam caidé mar if fearr teagmhail a dhéanamh leis na mílte duine eile a bhfuil suim acu sa teanga–ní saineolaí ríomhaaireachta mé