‘Seoidín de leabhar’ ina labhraíonn an deilf Fungie linn le seoladh anocht

Seolfaidh Liam Ó Muirthile 'Labhraíonn Fungie' sa Lab sa Daingean san oíche anocht. Píosa aithriseoireachta ón bhfile Dairena Ní Chinnéide atá ann agus é clóbhuailte ar phreas Heidelman

Fungie

Anocht a sheolfar Labhraíonn Fungie ó pheann an fhile Dairena Ní Chinnéide sa Daingean i gCiarraí. Is é an comhlacht litirphreasa Ponc Press a chuir an leabhar i gcló ar chlóphreas Heidelberg ón mbliain 1955 nó mar sin.

Píosa aithriseoireachta atá in Labhraíonn Fungie atá roinnte ina chúig chuid. Déantar ceiliúradh ann ar an deilf cháiliúil Duibhneach agus is é an chéad fhoilseachán leis an gcomhlacht nua, Ponc Press, é.

Samhlaítear sa leabhar cad déarfadh Fungie dá mbeadh caint aige.

Is é seo an t-ochtú foilseachán filíochta le Ní Chinnéide. Eagrán teoranta sínithe atá i gceist le Labhraíonn Fungie ina bhfuil léaráidí a rinne an físealaíontóir áitiúil, Áine Ní Chíobháin.

“Cuireadh ceist orm sa bhliain 2013 dán a chumadh do chomóradh 30 bliain de Fungie a bheith sa Daingean. Ní raibh mórán cur amach agamsa ar dheilfeanna, mar sin dheineas mo chuid taighde agus labhras le go leor daoine a mheas go raibh rud éigin cneasta faoi – ní raibh aon rud diúltach le rá acu ina thaobh.

“Bhíos ag féachaint ar an scannán The Dolphin’s Gift a deineadh fé agus chuaigh sé i bhfeidhm orm. Tá spéis agam sa ghlór a bhíonn ag deilfeanna agus an dúil atá ag daoine sa ghlór agus thug sé sin ionspioráid dom,” a dúirt Ní Chinnéide do Tuairisc.ie.

Scríobhadh an dán don chomóradh agus dúirt Ní Chinnéide nár chuimhnigh sí mórán air ó shin, go dtí gur tháinig Ponc Press chomh fada léi.

“Bhí an clóphreas seo ceannaithe acu, an Heidelberg, agus d’fhiafraíodar díom fén ndán. Tá sé ana-shuimiúil mar phróiseas; déantar gach rud de láimh agus b’ealaín ann féin é sin, mheasas. Tá sé déanta ar pháipéar aoibhinn go slachtmhar acu agus is seoidín de leabhar é dáiríre,” a dúirt sí.

Ní chuirfear ach 200 cóip de Labhraíonn Fungie i gcló agus an uile cheann acu sínithe ag an bhfile. Tá sé i gceist go n-eiseofar leagan digiteach den leabhar freisin a chuirfear ar dhlúthdhiosca. Tá leagan Gaeilge agus leagan Béarla den dán fada sa leabhar agus an dá leagan ar aghaidh a chéile.

Dúirt Ní Chinnéide nach aistriúchán díreach atá sa leagan Béarla ar an dán mar theastaigh uaithi go mbraithfí gluaiseacht na deilfe, idir léim, chasadh agus snámh, ar an leathanach ar an gcaoi chéanna sa dá theanga.

Seolfaidh an scríbhneoir Liam Ó Muirthile Labhraíonn Fungie san oíche anocht sa Lab sa Daingean ag 19.00.

Fág freagra ar '‘Seoidín de leabhar’ ina labhraíonn an deilf Fungie linn le seoladh anocht'