Grianghraif le Nick Brandt
Téacs le Zoë Lescaze
Dearadh le Julia Wagner
Hatje Cantz a d’fhoilsigh, 2024
120 lch
60 léaráid
Toisí: 12¼x13¼”
Is é seo an tríú leabhar i sraith scanrúil a bhaineann le daoine agus ainmhithe atá ag fulaingt de dheasca athrú aeráide.
Díríonn an t-imleabhar seo ar an Aigéan Ciúin Theas agus a bhfuil i ndán do na hoileánaigh ann.
Conas a ghlac Brandt grianghraif de na hoileánaigh agus iad faoi uisce? Éacht! Tugann gearrscannán YouTube léargas dúinn ar an bpróiseas.
Foraois agus ceo
DÉPERDITION
Réamhrá le Philippe Bresson
Images Plurielles Editions a d’fhoilsigh
35 grianghraf daite
Formáid: 15 x 22 cm
ISBN: 978-2-919436-67-5
Luach €25
An raibh coill nó foraois in aice leat le linn d’óige? Níl a fhios againn i gceart conas a théann an timpeallacht i bhfeidhm ar dhuine, ar shláinte an duine, ar shamhlaíocht agus ar mheon an duine. Samhlaigh an té nach raibh coill ná foraois in aice leis agus é ag éirí aníos agus nár léigh síscéal ar bith a raibh foraois ann – Cochaillín Dearg, cuir i gcás. Nach mbeadh rud éigin in easnamh ar an duine sin?
Sa Chorsaic a tógadh an dá ghrianghraf dhiamhra thuas.
Fág freagra ar 'MIONLÉIRMHEAS: Oileánaigh faoi uisce de dheasca athrú aeráide'