GAILEARAÍ: Cnuasach nua gearrscéalta le Pádraic Breathnach seolta i nDurlas Éile

Sheol an Dr Laoise Ní Cheallaigh leabhar nua ó Phádraic Breathnach, 'Póg mo Thóin agus Scéalta eile' mar chuid de chlár Chomhdháil Roinn na Gaeilge Choláiste Mhuire Gan Smál ar Champas Dhurlas Éile le déanaí. Cló Iar-Chonnacht a d'fhoilsigh. Is é seo an chéad chnuasach nua gearrscéalta ó pheann an Bhreatnaigh le beagnach fiche bliain. Pictiúir: Seán Ó Mainnín

An t-údar Pádraic Breathnach ag seoladh a leabhair nua gearrscéalta Póg Mo Thóin agus Scéalta Eile, ag Campas Phádraig i nDurlas Éile

 

An Dr Laoise Ní Cheallaigh, léachtóir i gColáiste Mhuire gan Smál, ag seoladh an leabhair

 

An t-údar Pádraic Breathnach agus Micheál Ó Conghaile, bunaitheoir Chló Iar-Chonnacht, a d’fhoilsigh leabhar Phádraic

 

Cuid den slua a bhí i láthair ag an seoladh

 

Ag éisteacht leis na cainteoirí

 

Liam Ó Páircín, Roinn na Gaeilge, Coláiste Mhuire gan Smál

 

Cathal de Paor lena chóip den leabhar

 

Pádraic Breathnach

 

Údar grinn ag an lucht éisteachta

 

Micheál Ó Conghaile, bunaitheoir Chló Iar-Chonnacht, ag caint ag seoladh Póg Mo Thóin agus Scéalta Eile
Comhghleacaithe i gColáiste Mhuire Gan Smál i Luimneach, Pádraic Breathnach agus Máire Ní Neachtain

 

Proinsias Ó Drisceoil agus Pádraic Breathnach

 

Foireann Choláiste Mhuire Gan Smál, Eimear Nic Conmhaic, léachtóir i Roinn na Gaeilge, Breandán Ó Cróinín, Ceann Roinne agus Cathal de Paor, léachtóir san Oideachas

 

Stiofán Newman, léachtóir, Coláiste Mhuire gan Smál agus an tOllamh Alan Titley

 

Eoin Mac Cárthaigh, Coláiste na Tríonóide, agus Máire Ní Neachtain

 

Pádraic Breathnach agus Micheál Ó Conghaile

 

Pádraic Breathnach agus an Dr Laoise Ní Cheallaigh

 

Anne Breathnach, bean chéile Phádraic, agus Mary McMahon

 

Pól Ó Cearbhalláin agus Laoighseach Ní Choistealbha

 

Fág freagra ar 'GAILEARAÍ: Cnuasach nua gearrscéalta le Pádraic Breathnach seolta i nDurlas Éile'