Scríbhneoireacht Chruthaitheach 07 – ‘Taisteal’ (Cartlann)

Scríbhneoireacht Chruthaitheach 07 - Déan na gníomhaíochtaí agus ansin léigh an saothar

Scríbhneoireacht Chruthaitheach 07 – ‘Taisteal’ (Cartlann)

 Gníomhaíocht 1: 

An teideal: Taisteal

  • Tarraing ciorcal i lár an leathanaigh agus cuir an teideal isteach ann.
  • Déan gach smaoineamh atá agat a chur ar an leathanach. Is cuma cé chomh haisteach is atá siad.
  • Déan na smaointe sin a roinnt le do pháirtí.
  • Déan iad a phlé/roinnt leis an rang.

 Gníomhaíocht 2: 

  • Déan na smaointe/topaicí is fearr a roghnú.
  • Anois caithfidh tú slacht a chur orthu.
  • Struchtúr Ginearálta Aiste:
  1. Tabhair comhthéacs/réamhrá
  2. Labhair faoi ghnéithe difriúla den teideal (alt do gach ceann).
  3. Conclúid

Smaoinigh ar na nithe thíos agus tú ag pleanáil na haiste.

a) Cúlra/stair
b) Cad is cúis leis?
c) Cad deir daoine faoi?
d) Na tuairimí atá agat féin faoi
e) Eispéiris phearsanta
f) Buntáistí/míbhuntáistí
g) Réiteach/Moltaí – céard ba cheart a dhéanamh
h) Dúshláin/fadhbanna
i) Tréithe atá ag rud
j) Céard a tharlóidh amach anseo
k) An bhfuil rudaí go maith/go dona nó sásúil/míshásúil

 Gníomhaíocht 3: 

Déan iarracht teacht ar stór focal cuí. Cuimhnigh ar chruinneas agus saibhreas na Gaeilge. Úsáid www.focloir.ie, www.tearma.ie, www.teanglann.ie. Seo cúpla focal/nath:

  1. seolta a ardú
  2. eispéiris nua
  3. cúngaigeanta/leathanaigeanta
  4. deis a thapú
  5. a bhlaiseadh
  6. dúshlán
  7. fonn bóthair
  8. costasach
  9. ‘An té a bhíonn siúlach bíonn sé scéalach’
  10. aghaidh a thabhairt

Tosaigh ag scríobh

 Gníomhaíocht 4: 

Déan an méid atá scríofa agat a roinnt leis an duine in aice leat.

 Gníomhaíocht 5: 

Seo an chéad alt as aiste samplach. An bhfuil tú in ann na bearnaí a líonadh.

 Gníomhaíocht 6: 

Ag obair leis an duine in aice leat déan iarracht a thuar cad a tharlaíonn ina dhiaidh seo.

Déan deich bpointe/n-abairt a scríobh.

 Gníomhaíocht 7: 

Seo cuid den alt deireanach, an bhfuil tú in ann é a chur in ord?

 Gníomhaíocht 8: 

Sula léann tú an saothar is féidir leis an múinteoir é a phriontáil agus a ghearradh suas de réir na n-alt difriúil. Déanfaidh tusa agus do pháirtí iarracht an scéal a chur in ord.

An Taisteal

Trump agus an balla, campa teifeach Calais, an ghráin atá ag teacht chun cinn d’inimircigh agus an Breatimeacht. Tuigtear dom go bhfuil tíortha ar fud an domhain ag éirí níos cúinge agus níos cúngaigeanta. Anois níos mó ná riamh tá gá le taisteal. Tá gá ag daoine le cultúir nua, dhifriúla a bhlaiseadh agus dúshlán a meon aigne féin a thabhairt. Ceol, bia, nósanna, traidisiúin, teangacha agus dearcadh saoil. Is iomaí rud atá le fáil as an taisteal ach an toil agus an t-airgead a bheith ann dó.

Cónaímid ar oileán beag mara ach ina ainneoin sin tá dearcadh níos dearfaí againn i leith an taistil ná mar atá ag go leor tíortha ar fud an domhain. Nach é an fonn taistil agus eachtraíocht a spreag Naomh Breandán lena bhád a threorú siar agus Meiriceá Thuaidh a aimsiú (is cuma cad deir lucht leanta Leif Erickson agus Christopher Columbus). Ar feadh na mblianta, áfach, ba í an eisimirce a thug ar dhaoine a seolta a ardú agus bualadh fúthu i dtíortha ar fud an domhain ón Astráil go dtí an Airgintín agus ó Cheanada go dtí Muir Chairib. Ina ainneoin sin, nó dá bharr b’fhéidir, tá fonn bóthair ar na hÉireannaigh i gcónaí.

Gach aon bhliain tugann na mílte mac léinn Éireannach aghaidh ar Mheiriceá ar an víosa J1. Deasghnáth aistrithe saoil é seo a thugann deis do dhaoine cúpla pingin a thuilleamh mar aon le lán a gcuid súl a bhaint as iontais Mheiriceá ó Nua-Eabhrac go San Diego. Ós ag caint ar dheasghnátha mé, nach ceann eile é an turas timpeall an domhain, an bhliain shaor úd le go leor ama á chaitheamh san Astráil agus sa Nua-Shéalainn? An bhfuil aon tír eile ar an domhan go bhfuil an taisteal chomh lárnach sin san aistear ón déagóir go dtí an duine fásta?

Is féidir le haon duine, is cuma cén aois, oideachas, inscne nó meon atá acu, éirí róshócúil. Dar liom go bhfuil sé riachtanach duit tú féin a bhrú le heispéiris nua a lorg. Bíonn tú níos leathanaigeanta agus níos tuisceanaí dá bharr. Déan barr Machu Picchu a dhreapadh, éist le dreas ceoil in Havana, bí ag labhairt Fraincise i bPáras, téigh ar safari san Afraic Theas agus déan tú féin a bhá i seandálaíocht na hÉigipte. Nach boichte i bhfad iad na daoine seo a bhfuil doicheall taistil orthu.

Gan amhras is furasta a bheith ag caint agus ní bheathaíonn taisteal na bráithre, le casadh a bhaint as seanfhocal. Le teacht aerlínte ísealchostais agus forbairtí eile tá an taisteal i bhfad Éireann níos saoire agus níos indéanta ná mar a bhí blianta ó shin. Go deimhin nach mbíonn sí mar chomórtas ag cumainn in ollscoileanna áirithe iarraidh a mbaill dul chomh fada ó bhaile agus is féidir ar phócaí folmha. Fonn a níos fiach!

Mise á leat go ndéanfaidh mé gach deis taistil a bheidh agam a thapú. Rachaidh mé ar chúl éaga agus go lár na gcathracha is taibhsiúla. Foghlaimeoidh mé teangacha, éistfidh mé le ceol diamhair agus íosfaidh mé bia aduain. B’fhéidir go gcosnódh sé airgead orm ach beidh mé níos oscailte agus níos eolgaisí mar dhuine dá bharr.