Scannán de chuid TG4 ‘Song of Granite’ an chéad scannán a thaispeánfar ag Fleadh Scannán na Gaillimhe 2017 anocht

Seacht scannán ar fad a choimisiúnaigh TG4 a bheidh á dtaispeáint ag Fleadh Scannán na Gaillimhe i mbliana, an fhéile scannánaíochta is mó in Éirinn

Scannán de chuid TG4 ‘Song of Granite’ an chéad scannán a thaispeánfar ag Fleadh Scannán na Gaillimhe 2017 anocht

Is é an scannán Song of Granite faoin amhránaí clúiteach sean-nóis Joe Éinniú an chéad scannán a thaispeánfar ag Fleadh Scannán na Gaillimhe, a thosóidh inniu.

Choimisiúnaigh TG4 an scannán ina dtugtar léargas ar shaol Joe Éinniú, as Carna i gConamara, agus ar na hamhráin a chanadh sé. Anocht ag 7.30 in Amharclann na Cathrach a thaispeánfar an scannán, an chéad uair a dtaispeánfar é in Éirinn.

Scríobh Pat Collins, Eoghan Mac Giolla Bhríde agus Sharon Whooley script an scannáin agus is iad Macdara Ó Fatharta, Colm Seoighe agus na hamhránaithe sean-nóis Mícheál Ó Confhaola agus Pól Ó Ceannabháin atá sna príomhrólanna ann. Tá ceol le cloisteáil ann freisin ó Shéamus Ó Beaglaoich, Damien Dempsey, agus Lisa O’Neill.

Beidh seacht scannán ar fad a choimisiúnaigh TG4 á dtaispeáint ag Fleadh Scannán na bliana seo. San oíche amárach, taispeánfar Rocky Ros Muc, scannán beathaisnéise faoin dornálaí cáiliúil Seán Ó Mainnín as Ros Muc, atá bunaithe ar an leabhar a scríobh Rónán Mac Con Iomaire in 2013. Is é Mac Con Iomaire a scríobh script an scannáin seo agus bhí sé ina léiritheoir comhairleach chomh maith.

Beidh an scannán spóirt faoin tionchar a bhí ag an iomáint ar an haca oighir i gCeanada, Poc na nGael, á thaispeáint Dé Domhnaigh, agus beidh Turas na hAilse, scannán faoin aistear fada a bhíonn ar othair ailse as Dún na nGall chuig an ospidéal i nGaillimh, á thaispeáint Dé hAoine.

Is iad Ag Trasnú an Atlantaigh Dhuibh, agus It Tolls For Thee an dá scannán eile a choimisiúnaigh TG4 a bheidh á dtaispeáint le linn Fhleadh Scannán na Gaillimhe.

Is é seo an 29ú bliain don Fhleadh Scannán a bheith ar siúl i gCathair na dTreabh, agus tá sé anois ar an bhféile scannánaíochta is mó agus is tábhachtaí sa tír. Beidh sé ar siúl ón lá inniu go dtí an 16 Iúil.

Dúirt Ard-Stiúrthóir TG4, Alan Esslemont, gur “breá an rud é” an oiread sin scannán de chuid TG4 a bheith á dtaispeáint ag an bhféile i mbliana.

“Tá drámaíocht i gceartlár na físe atá ag TG4 dá lucht féachana ó bunaíodh an stáisiún agus tá léiritheoirí drámaíochta TG4 ag buachan gradaim náisiúnta agus idirnáisiúnta ó shin,” a dúirt Esslemont.

Fág freagra ar 'Scannán de chuid TG4 ‘Song of Granite’ an chéad scannán a thaispeánfar ag Fleadh Scannán na Gaillimhe 2017 anocht'