RTÉ agus TG4 ‘thar a bheith sásta’ leis an éileamh ar thráchtaireacht i nGaeilge do na cluichí ceannais

Ba í seo an tríú bliain as a chéile a raibh a rogha tráchtaireachta, i nGaeilge nó i mBéarla, ag lucht féachana na gcluichí ceannais ar RTÉ

RTÉ agus TG4 ‘thar a bheith sásta’ leis an éileamh ar thráchtaireacht i nGaeilge do na cluichí ceannais

Tá RTÉ thar a bheith sásta leis an éileamh a bhí ar thráchtaireacht Ghaeilge an stáisiúin ar chluichí ceannais na hÉireann na bliana seo.

Is í seo an tríú bliain as a chéile a raibh a rogha tráchtaireachta, i nGaeilge nó i mBéarla, ag lucht féachana na gcluichí ceannais ar RTÉ agus tá curtha leis an tseirbhís sin ag an stáisiún i mbliana agus an rogha ar fáil anois ó na babhtaí ceathrú ceannais ar aghaidh.

Do chluiche ceannais peile na hÉireann Dé Domhnaigh seo caite, roghnaigh 2,379 duine as an 107,000 a rinne beoshruthú ar an gcluiche ar líne éisteacht leis an tráchtaireacht Ghaeilge ó Gary Mac Donncha agus Dara Ó Cinnéide.

Níl na figiúirí ar fáil do líon na ndaoine a roghnaigh an tráchtaireacht Ghaeilge ar an teilifís ach deir Grúpcheannasaí Gaeilge RTÉ, Rónán Mac Con Iomaire, gur ar theilifís is mó a roghnófaí an tráchtaireacht Ghaeilge. 1,137,500 duine a d’fhéach ar an gcluiche ceannais idir Baile Átha Cliath agus Maigh Eo, ach ní fios cé mhéad duine acu sin a roghnaigh an tráchtaireacht i nGaeilge.

“Tá muid thar a bheith sásta leis an éileamh a bhí ar an tráchtaireacht i nGaeilge ar chluichí CLG na bliana seo, agus muid tar éis an tseirbhís a chur ar fáil don líon is mó cluichí fós,” a deir Mac Con Iomaire.

“Cé nach bhfuil figiúirí againn den líon daoine a d’fhéach ar an gcluiche i nGaeilge ar RTÉ2, níl aon cheist ach gur ar an teilifís is mó i bhfad a tháinig daoine ar an tráchtaireacht i nGaeilge, agus é sin le feiceáil againn trí idirghníomhaíocht an phobail féachana ar na meáin shóisialta.”

Idir an dá linn, tá figiúirí féachana do chluiche ceannais na mionúr curtha ar fáil ag TG4 do Tuairisc.ie.

D’fhéach 162,000 duine ar an gcluiche ina raibh bua cuimsitheach ag Ciarraí ar Dhoire i bPáirc an Chrócaigh, sin sciar 21% den lucht féachana teilifíse in Éirinn ag an am.

B’in é an sciar céanna a bhí ag an stáisiún do chluichí ceannais peile agus iomána na mionúr anuraidh.

“D’éirigh an-mhaith leis an gcluiche daoine a mhealladh ag tabhairt san áireamh gur cluiche an-aontaobhach a bhí ann,” a dúirt urlabhraí de chuid TG4. 

Bhreathnaigh beagán níos mó daoine – 176,000 – ar chluiche ceannais iomána na mionúr ar TG4 i mbliana, agus sciar 24% den lucht féachana a bhí ag an gcluiche inar éirigh le Gaillimh an ceann is fearr a fháil ar Chorcaigh.

Fág freagra ar 'RTÉ agus TG4 ‘thar a bheith sásta’ leis an éileamh ar thráchtaireacht i nGaeilge do na cluichí ceannais'