Port Láirge, Corcaigh agus Loch Garman – súil ar thánaistí an tsamhraidh

JOHN ALLEN: Bheadh an moladh ‘Dul chun cinn déanta’ ag dul do thrí fhoireann i mbliana agus céim chun tosaigh tugtha acu ar fad

Port Láirge, Corcaigh agus Loch Garman – súil ar thánaistí an tsamhraidh

An tseachtain seo caite bhronnas grád A ar iománaithe na Gaillimhe. Inniu tabharfaidh mé amach Gradaim na dTánaistí agus iad á roinnt agam ar thrí chontae.

Is dócha go mbeadh an ráiteas ‘Dul chun cinn déanta’ ag dul do bhuaiteoirí an ghradaim seo. Ní fhéadfaí gan ceann a bhronnadh ar Phort Láirge agus cé go bhfuil díomá ar an bhfoireann tuigeann a lucht leanúna dílis agus a lucht bainistíochta go ndeachadar céim eile suas an dréimire i mbliana. Ná déanaimis dearmad gur chuireadar tús thar a bheith lag leis an gcraobh ina gcluiche i gcoinne Chorcaí agus go raibh diancheisteanna á gcur arís fúthu agus faoin mbainistíocht. Ach diaidh ar ndiaidh tháinig feabhas orthu agus bhaineadar cluiche ceannais na hÉireann amach.

Chun a bheith dáiríre faoi is beag seans a bhí acu an corn a thabhairt leo agus neart agus cumhacht na Gaillimhe rompu. Bhí a fhios ag an saol Fódhla go raibh an Ghaillimh róláidir dóibh. Tá súil agam go bhfanfaidh an lucht bainistíochta leo mar tá éacht déanta acu. Dream eagraithe cliste iad atá dírithe go hiomlán ar na himreoirí, ar na cluichí agus ar an mbua a fháil.

Tá mórán foghlamtha acusan agus ag na himreoirí ó chuireadar chun bóthair ceithre bhliain ó shin.

Is iontach an rud go bhfuil beirt imreoirí leo, Jamie Barron agus Kevin Moran, ar an ngearrliosta d’imreoir na bliana agus Conor Gleeson ar liosta d’imreoir óg na bliana.

Ach an féidir leo an chéim dheireanach a thabhairt? Bhuel, sin í an ceist agus táim féin amhrasach. N’fheadar an bhfuil painéal láidir go leor acu? Anuas air sin, tá siad ag brath rómhór ar fad ar Kevin Moran agus Brick Walsh agus dá fheabhas iad níl an bheirt sin i mbláth na hóige níos mó. An bhfaighidís níos mó as Austin Gleeson mar leathchúlaí láir agus ar cheart Maurice Shanahan a thosú an chéad séasúr eile? Neosfaidh an aimsir, is dócha.

Tá a gcomharsana Corcaigh in aice leo ar liosta na dTánaistí. Is beag duine dá lucht leanúna a thug aon seans do Chorcaigh ag tosach an tséasúir.

Nuair a deineadh an tarraingt do chraobh na Mumhan, seaimpíní an chúige agus na hÉireann, Tiobraid Árann a bhí roimh Chorcaigh sa chéad bhabhta. Bheadh Port Láirge ag feitheamh ar an mbuaiteoir. An bhliain seo caite chuir taispeántas thar a bheith lag sna babhtaí cáilithe i gcoinne Loch Garman críoch le feachtas iománaithe Chorcaí. Bhí caint arís faoi ghorta agus an t-éadóchas sa treis cois Laoi.

Bhuel, cad é mar athrú a tharla!

Chuireadar isteach feachtas sraithe measartha ar dtús agus thángadar slán ón dícháiliú. Ní raibh aon duine sa chontae ag súil leis an méid a tharla ina dhiaidh sin. Spiorad agus paisean – sin uile a raibh a lucht leanúna ag súil leis. Ach faoi dheireadh an tsamhraidh ba iadsan curaidh na Mumhan, agus, cé gur bhuaigh Port Láirge orthu sa chluiche ceannais, tá meas ag daoine arís ar iománaithe Chorcaí agus ar an iomáint cois Laoi.

Is iad Loch Garman an tríú foireann atá i measc na dTánaistí agam.

Cad é mar athrú atá tagtha ar shaol na hiomána sa chontae ó tháinig an slánaitheoir Davy Fitzgerald ina measc. Mhúscail sé na himreoirí agus na leantóirí. Cé a dhéanfadh dearmad ar na pictiúir de pháistí, seandaoine, ainmhithe agus foirgnimh agus iad go léir feistithe i ndathanna an chontae ó thosach na sraithe ar aghaidh. Níl aon dabht ach go ndearna Davy FitzGerald éacht agus chreid na himreoirí ann gan mórán ceistiúcháin.

Díol suntais liosta na n-éachtaí –buaiteoirí roinn 1B na sraithe, áit i gcluiche ceannais chraobh Laighean agus an ceann is fear faighte acu ar Chill Chainnigh faoi dhó.

Sea, bliain chorrach fhónta a bhí ag na Carmannaigh agus gradam na dtánaistí tuillte go maith acu i dtuairisc 2017.