Ní leor fianaise brathadóra chun baill den UVF agus iarphóilíní a chúiseamh…

Buille trom d’íobartaigh [Cur amú Ama agus Acmhainní a thug]

Ní leor fianaise brathadóra chun baill den UVF agus iarphóilíní a chúiseamh…

Bhíothas á rá le híobartaigh áirithe le blianta go dtabharfaí dúnmharfóirí a muintire os comhair cúirte agus go mbeifí in ann iad a chiontú. Chinnteodh fianaise ó Gary Haggerty, iarcheannaire ar an UVF a bhí iompaithe ina “ollbhrathadóir” é sin.  Ciontóir cuiditheach a thugtar ar a leithéid anois ó tarraingíodh droch-cháil ar chóras na n-ollbhrathadóir tríocha bliain ó shin.

Tá an córas ina chiseach arís agus buille mór eile tugtha do dhaoine a bhí ag súil leis an gcóir.

Dé Céadaoin d’fhógair An Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí, Barra McGrory, nach dtabharfaí chun cúirte trí dhuine dhéag a raibh eolas tugtha don PSNI fúthu ag an mbrathadóir Gary Haggerty. Ba 11 ball den UVF iadsan, iar-chomhghleacaithe le Haggerty agus beirt iarchomhaltaí den RUC a láimhseáil Haggerty mar ghníomhaire don Bhrainse Speisialta ar feadh na mblianta. Mhaígh Haggerty go ndearna na póilíní neamhaird de choireanna, dúnmharú san áireamh. Ní raibh fianaise ar fáil mar thaca le líomhaintí Haggerty agus chinn an tSeirbhís Ionchúiseamh nach n-éireodh le cásanna cúirte cheal fianaise thacaíochta.

Tá cinneadh fós le fógairt ag an Stiúrthóir faoi thriúr amhrastach eile ón UVF atá luaite le dhá eachtra inar maraíodh triúr. Mharaigh an UVF beirt Chaitliceach, Gary Convie agus Eamonn Fox, ar láthair thógála i dtuaisceart Bhéal Feirste i 1994. Tá fear amháin ainmnithe ag Haggerty i dtaca leis an ionsaí sin. Tá beirt luaite aige le dúnmharú an Phrotastúnaigh, John Harbinson, i 1997 i dtuaisceart na cathrach freisin. Fógróidh an tIonchúiseamh an éistfear na cásanna sin taobh istigh de dheich lá. Tá cinneadh fúthu riachtanach roimh an 25 den mhí seo nuair atáthar chun pianbhreith a ghearradh ar Haggerty féin as liodán scanrúil de choireanna atá admhaithe aige.

Chuirfeadh an liosta cionta alltacht ar éinne. 202 coir ar fad. Ciontaíodh Haggerty, 45 bliain d’aois, sa Mheitheamh seo caite i gcúig dhúnmharú, cúig iarracht dúnmharaithe, cuidiú le dúnmharú, 23 comhcheilg dhúnmharaithe, 61 cion i leith airm agus armlón a bheith ina sheilbh, móide fuadach agus coireanna eile a rinneadh agus é ina ghníomhaire ag póilíní agus i gceannas ar an UVF i Mount Vernon, a ndúnáras i dtuaisceart Bhéal Feirste.

Tá trí bliana caite aige ar a choinneáil chosanta agus é ag roinnt eolais leis an PSNI a bhí in ainm is a chinntiú go nglanfaí scata mór den UVF de shráideanna Bhéal Feirste. Cífimid ag deireadh na míosa nuair a ghearrfar pianbhreith air cén luach saothair a fuair sé as a chuid faisnéise. Maíonn daoine áirithe go scaoilfear saor é, faoi choim, gan mhoill. Faoin gclár tearmann finnéithe beidh sé in ann maireachtáil faoi ainm nua in áit éigin thar lear ar a chompord.

D’admhaigh an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí nach raibh faoiseamh ná sólás le fáil ag íobartaigh. Bhí sé toilteanach bualadh leo chun a chinneadh a mhíniú dóibh. Ba í an cheist a bhí ag a lán acu, ar mheasa triail a dteipfeadh uirthi? Nó arbh fhearr deis a fháil cúisithe a fheiceáil os comhair cúirte fiú dá nglanfaí iad? Dúirt daoine amhail Ciarán Fox, mac le Éamonn Fox, go raibh sé deacair glacadh leis nach ndéanfadh Haggerty ach tréimhse ghearr i bpríosún.

Go dtí seo is é Haggerty an t-aon duine a bhain tairbhe as an gcás seo. Tá faoiseamh i ndán dó, laghdú ollmhór ar a théarma príosúin agus sábháilteacht (fad is nach dtagann aon iarchomhghleacaí ón UVF ar lorg díoltais air). Ní hamháin nach bhfuair íobartaigh tada ach ba chostasach é an caidreamh idir an PSNI agus Haggerty. Rinneadh 1,000 agallamh, bailíodh 12,000 leathanach d’fhianaise/líomhaintí. Sa mhullach ar am agus acmhainní an PSNI, chaith an tSeirbhís Ionchúiseamh am agus dua ag scrúdú an eolais. Áirítear gur chosain sé na milliúin punt. Ach bheadh cás cúirte níos costasaí fós agus airgead amú a bheadh ann dá dteipfeadh air.

An bhfuil sé réalaíoch a bheith ag dul i muinín brathadóirí? Cuireadh na sluaite i bpríosún sna hochtóidí de bharr fianaise ollbhrathadóirí agus b’éigean iad a ligean amach nuair a d’athraigh brathadóirí a scéal. Éiríodh as an gcleachtas ansin. Bunaíodh córas nua na gciontóirí ‘cuiditheacha’ dhá bhliain déag ó shin. Tá teipthe go hainnis air. Chinn breitheamh in 2012 nach raibh focal na mbrathadóirí Robert agus Ian Stewart in aghaidh an UVF inmhuiníne.  Tá siadsan i gclár tearmainn mar atá Neill Hyde, brathadóir faoin LVF i dtaca le dúnmharú an iriseora Martin O’Hagan. Chinn an tIonchúiseamh nach raibh a líomhaintí inmhuiníne agus dhiúltaigh siad a dhul chun cúirte.

Is léir mar sin go bhfuil an ceart ag McGrory fianaise chomhthacaíochta a éileamh. Ach is beag seans atá ann ar a leithéid i gcásanna paraimíleatacha mura mbíonn fianaise theicniúil, fhóiréinseach ar fáil. B’fhearr éirí as an gcóras brathadóireachta ar fad agus an t-ollchostas a ghabhann leis ná a bheith ag cothú dóchais gan údar agus ag cur acmhainní amú.

Fág freagra ar 'Ní leor fianaise brathadóra chun baill den UVF agus iarphóilíní a chúiseamh…'