Ní dhéanfaidh mé dearmad choíche ar Stiofán Ó Cualáin sa seomra bricfeasta ag fiafraí cén t-amhrán ab fhearr le casadh ag Corn Uí Riada!

Sa tsraith seo, ceistítear roinnt daoine aitheanta faoina gceangal le hOireachtas na nGael. An geábh seo, is í láithreoir nuachta TG4/RTÉ Eimear Ní Chonaola atá linn

Ní dhéanfaidh mé dearmad choíche ar Stiofán Ó Cualáin sa seomra bricfeasta ag fiafraí cén t-amhrán ab fhearr le casadh ag Corn Uí Riada!

1. Céard is cuimhin leat faoi do chéad Oireachtas?
Is cuimhin liom gurb é an tOireachtas a bhí sa Daingean an chéad Oireachtas ar ar fhreastail mé agus shíl mé go raibh sé iontach ar fad. Bhí seilbh glactha ar an mbaile beag agus chuile áit a raibh tú, más i mbialann nó i gceann de na siopaí a bhí tú, chastaí daoine dhuit a d’aithnigh tú agus chuir tú aithne ar dhaoine eile.

2. Céard é an rud is fearr faoin Oireachtas?
Is dóigh liom gurb é an rud is deise ar fad ná go dtagann pobal na Gaeilge agus na Gaeltachta ar fad le chéile, deis iontach castáil ar a chéile agus a fháil amach céard atá ag tarlú sna pócaí beaga ar fad – mar tá na ceantair Ghaeltachta an-scaipthe. Freisin ní dhéanfaidh mé dearmad choíche ar Stiofán Ó Cualáin as Leitir Mealláin sa seomra bricfeasta sa teach lóistín ina raibh mé – ag casadh cúpla stéibh d’amhrán dúinn, agus ag fiafraí cén ceann ab fhearr le casadh an oíche sin ag Corn Uí Riada. An chraic a bhí againn…. Is breá liom freisin dul ag Casadh an tSúgáin agus an bealach deas a bhíonn ag Máirín Uí Chéide le daoine a mhealladh le hamhrán a chasadh. Céard eile? Is breá liom a bheith ag éisteacht leis na canúintí éagsúla ar fad agus stáitse iontach a bhíonn ann don dream óg.

3. Céard é an rud is measa faoin Oireachtas?
Go gcuimhníonn tú ar dhaoine a gcastá leo go féiltiúil chuile bhliain agus atá anois imithe ar shlí na fírinne.

4. An tOireachtas ag filleadh ar Chill Airne– smaoineamh maith?
Is breá liom Cill Airne ach déarfainn go bhfuil sé fíordheacair ar dhaoine as Tír Chonaill agus as an Tuaisceart a mbealach a dhéanamh chomh fada sin ó dheas. A éileacht sin ar chúrsaí – níl an oiread Conallach ag teacht is a bhíodh agus is mór an feall é sin.

5. Cén chomhairle a chuirfeá ar dhuine atá ag freastal ar a chéad Oireachtas?
Déarfainn leo spraoi agus sult a bhaint as – ach gan a dhul fiáin amach is amach agus a chinntiú go ngabhfaidh siad ag an méid imeachtaí agus is féidir leo.

6. Club na Féile nó Corn Uí Riada?
An dá cheann – tuige nach bhféadfá? Is féidir a ghabháil ag Corn Uí Riada ar dtús agus ansin do bhealach a dhéanamh go dtí Club na Féile, áit a gcoinneoidh Pádraig Ó Sé agus a chuid leathbhádóirí ag damhsa go maidin thú.

7. Dá mbeifeá i bhfeighil ar an Oireachtas, céard iad na hathruithe a dhéanfá?
Ní bheinn in ann ag jab Liam Uí Mhaolaodha ná Mháirín Nic Dhonncha go deo – sin cinnte, mar go bhfuil ualach mór oibre i gceist.

8. Céard is comhartha Oireachtas maith ann?
Nuair a fhágann tú an áit maidin Dé Domhnaigh tuirseach traochta, ag fágáil slán le daoine sa teach lóistín a bhfuil tú théis aithne a chur orthu.

9. Céard iad na seifteanna atá agat le teacht slán as an Oireachtas?
Codladh luath chuile oíche agus neart uisce – a chomhairle fhéin do mhac Anna!

10. Cérbh é an tOireachtas ab fhearr leat agus cén fáth?
Thaitin an ceann sa Daingean agus an ceann i gCathair na Mart liom. Daoine amuigh ag damhsa ar bhairillí i lár an bhaile – aimsir bhreá agus ceol go maidin.

Fág freagra ar 'Ní dhéanfaidh mé dearmad choíche ar Stiofán Ó Cualáin sa seomra bricfeasta ag fiafraí cén t-amhrán ab fhearr le casadh ag Corn Uí Riada!'

  • Donncha

    ‘Oireachtas na nGael’????

    Nárbh ‘in an tOireachtas a bhíodh eagraithe ag Cearta Síbhialta na Gaeltachta, ag an am nach raibh Oireachtas na Gaeilge sásta bogadh amach as Bleá Cliath?