Ná bac le Fifty Shades of How’s Your Father…

Gan aon mhór is fiú ná bréag ann, fíorscannán grá é ‘Pelo Malo’ (‘Droch Ghruaig’)

Pelo5

Is cosúil gur mairg don mbean de phór Mheirceá Theas nuair is gruaig chatach, an ‘pelo malo’, a thugtar di. Beidh saothar saoil roimpi á díriú. Brú aicme, brú ciníoch, brú inscne is cúis leis seo. Idir mhnáibh. Ach, nuair is ábhar tinnis í an cheist chéanna do Junior (Samuel Lange Zambrano) – buachaill óg naoi mbliana d’aois – ardaítear sceon ina mháthair óg bhaintrí, Marta (Samantha Castillo), atá i bhfad níos bunúsaí ná frois frais na gruaige. ‘Canann sé, agus scuabann sé a chuid gruaige an lá ar fad. ‘Bhfuil sé aerach?’ – b’shin an cheist chráite a chuireann sí ar an dochtúir.

Tá leanbh eile ag Marta, bean atá gan obair, gan móran dóchais. Má tá cruas an mharthanóra óig dhathúil á chreimeadh – cruas na bochtaineachta dhíshealbhaithe – ní ghlacann sí bealach easca an óstaí sráide, munarb ionann, braitheann tú, agus a lán eile timpeall uirthi. Déanfaidh sí pé rud is gá chun a jab d’fháil ar ais, agus deineann, ach sin an méid. Bean uaibhreach, ag déanamh a díchill.

Tugann bruachbhailte suaracha Caracas an suíomh dúinn. Blocanna ollmhóra árasáin, ailtireacht bhrúdúil nua-aoise Le Corbusier, Eilbhéiseach – ‘réiteach Útóipeach’ na gcaogaidí nárbh aon réiteach in ao’ chor ar ghéirchéim tithíochta na mbocht. Seit ildate, admhaím, na tithe i dtraipisí anois. Ach fós táid ag cur thar maoill le beatha den uile chineál.

Cuireann Junior figiúirí beaga – lúbtha as cipíní solais – i gcillíní na mblocanna bros ar an mbalcóin. Pobal na gcipíní solais, i bpríosún na mblocanna coincréide, ag faire amach ar a macsamhail dhaonna ar thaobh eile na cearnóige amach rompu. Ní aon teora le raon na meafar reatha.

Cloistear fuaimrian mhórscéal na bliana sin – an Laoch-Uachtarán, Hugo Chavez, i ngleic leis an ailse – ó chuile theilifíseán sa mbloc. Taispeántar cloigne a lucht leanúna, bearradh maol i mbeart comhbhróin, ag geataí Phálás an Uachtaráin. Tuairiscítear fear eile a mharaigh a mháthair mar íobairt nó go dtiocfadh an tUachtarán slán!

Tá Junior ag fás suas, an cholaíocht ar imeall na dúiseachta ann. Níl aon éaló uaidh sin sna plódárasáin seo ach an oiread. Roghnaíonn sé comhluadar La Nina (Maria Amelia Sulbarán), an cailín óg béal dorais, thar gháirsiúile na mbuachaillí sráide. Breathnaíonn siad ar chomórtas ‘Miss Venezuela’ ar an dteilifís gach lá. Bíonn orthu beirt ciúnas a choimeád nuair atá cliant ag plé le máthair an chailín. Bean, dála an scéil, a eagraíonn ciorcail urnaithe ar son sláinte an Uachtaráin, nuair nach ag cleachtadh a ceirde atá sí, nó ag feidhmiú mar fheidhlí linbh aon uair go bhfuil jab suarach éigin faighte ag Marta is go mbíonn uirthi Junior agus an leanbh a fhágaint fána cúram.

Nuair nach bhfuil Junior ag iarraidh a chuid gruaige a dhíriú, tá aire á thabhairt aige dá dheartháir óg linbh. Cloistear urchair gunnaí – ‘Luigh síos,’ arsa Junior leis an leanbh sa chliabhán, ‘tá babhta lámhaigh ar siúl.’ Bagairt laethúil an fhoréigin, gunnaí agus gnéas, bochtaineacht, áiféis, greann agus croíúlacht san aon ollcharn daonna amháin.

‘Sea, tá an domhan seo iomlán as a riocht, is léir. Agus ligtar do chuile mheafar reatha a rás féin a rith.

Tá a bhrionglóid dho-shroiste féin ag gach duine i gCathair seo Dhé. Marta – go bhfaigheadh sí a jab arís mar gharda slándála ag ionad saoire plaisteach logánta; Junior – pop-réalta damhsóra na gruaige dírí; La Nina – go gcaithfidh sí coróin ‘Miss Venezuela’ lá éigin; Carmen (Nelly Ramos), máthair chríonna Junior – go dtabharfadh Marta Junior di le tógaint, mar nach bhfuil meas mada aici ar a banchliamhain mar mháthair. Mar is eol dúinn go léir, ní raibh aon bhean a shiúl ar thalamh an domhain riamh inchurtha le haon mhac máthar – fiú dá mba mhionchoirpeach amadánta é a slaíodh le piléar na ndrongaí drugaí, beart a d’fhág a bhean is a bheirt mhac mar chuid den raic dhaonna, caite suas ar thrá fholamh míchothromaíocht Mheirceá Laidinigh.

Ar nós foirgintí Le Corbusier – ach ar maos le grá agus croiúlacht, murab ionann agus boscaí Le Cosbusier – milseog ilsraitheach ghoirt meala a chuireann Mariana Rondón ar thábla romhainn. Gan aon mhór is fiú, cur i gcéill, ligint uirthi, ná bréag. Is fada ‘Pelo Malo’ ón ngnáth mí-ionramháil éadaoin, shaorga, sheasc. Ná bac le Fifty Shades of How’s Your Father…

– San IFI faoi láthair

 – Blaisín de ‘Pelo Malo’