Mistéir le fuascailt i gcónaí sa dá chúige

Thuas seal, thíos seal a bhíonn cuid mhór de na foirne sa chraobh iománaíochta ach níl mórán ama fágtha acu chun a léiriú gur féidir brath orthu

Mistéir le fuascailt i gcónaí sa dá chúige

In airde brí a bhíomar oíche Dé Sathairn seo caite agus muid ag fágáil Páirc Uí Chaoimh agus Corcaigh fós san iomaíocht i gcraobh na Mumhan agus na hÉireann.

Thaispeáin an ‘tonn’ dearg a bhris isteach ar an bpáirc nuair a séideadh an fheadóg dheiridh an tábhacht a bhí leis an toradh agus an taispeántas sin i gcoinne Luimnigh. Dóchas seachas misneach a bhí againn roimh an gcluiche, dóchas bunaithe ar ár dtraidisiún sa spórt speisialta seo, ach ní fhéadfá a rá gur chreid tromlach na leantóirí go mbeadh an bua againn.

Amárach rachaidh Corcaigh go Durlas Éile le beagán muiníne agus níos mó dóchais. Tá bronntanas amháin tugtha ag na Tiobraid Árannaigh dúinn cheana féin leis an bpointe a ‘sciobadar’ ós na Déise coicís ó shin. An dtabharfaidh siad ceann eile dúinn amárach? Neosfaidh an aimsir.

Ag fanacht sa Mhumhain, beidh an bheirt Chláiríneach, Lohan agus Fitzgerald, in adharca a chéile nuair a chasfaidh an Clár agus Port Láirge ar a chéile in Inis amárach. Caithfidh go bhfuil an-mhuinín sa dá chontae i láthair na huaire. Tá trí seachtaine eile traenála déanta ag Tony Kelly agus Ryan Taylor agus má tá siad ullamh cuirfidh siad go mór le neart an phainéil. Chríochnaigh an Clár go láidir i gcoinne Chorcaí cúpla seachtain ó shin, rud nach ndearnadar i gcoinne Luimnigh sa chéad chluiche. I mo thuairim féin, is iad is fearr den ghrúpa beag foirne atá sna sála ar Luimneach ach tá na Cláirínigh fós ag iarraidh taispeántas cuimsitheach a mhaireann an 70 nóiméad a thabhairt.

Maidir leis na Déise, d’fhéadfainn a rá go bhfuil siad i bhfad níos fearr ná mar a bhí súil leis. Tá deis fós acu teacht amach as an gcúige ach tá dhá dhúshlán ollmhóra os a gcomhair. Bhí farasbarr dosaen cúilíní ag an Chlár nuair a chas na foirne ar a chéile anuraidh ach bhí an chéad dá chluiche caillte ag Port Láirge an uair sin agus easpa muiníne sa champa agus sa chontae. I mbliana, caithfidh go bhfuil an fhéinmhuinín láidir i measc na n-imreoirí. Fós bheinn ag súil go mbuafadh an Clár sa bhaile.

Bhí údar mór ceiliúrtha ag contae eile an tseachtain seo caite agus foireann agus leantóirí Cheatharlach ag fágáil Páirc Uí Chuilinn agus a gcluiche i gcoinne Cill Chainnigh críochnaithe ar comhscór. Tá Loch Garman ag taisteal thar teorainn chucu amárach.

Cad is féidir a scríobh faoi na Carmannaigh? Smaoinigh mé ar an gcur síos a bhí ag Winston Churchill ar an Rúis i 1939 – ‘Tomhas clúdaithe le mistéir taobh istigh de dhúcheist’ [A riddle wrapped in a mystery inside an enigma]. N’fheadar an féidir an cur síos céanna a dhéanamh ar iománaithe Loch Garman le tamall de bhlianta? Tá sé thar a bheith deacair léamh dhéanamh orthu ó chluiche go cluiche.

Le roinnt blianta anuas tá cúpla cluiche caillte acu cé go rabhadar mar rogha láidir na coitiantachta. Smaoinigh, mar sampla, ar an gcluiche a chailleadar i gcoinne na hIarmhí anuraidh nuair a bhíodar cúig chúilín déag chun tosaigh ag tús an dara leath. I mbliana, bhíodar chun tosaigh agus ag imirt go maith sa chéad dá chluiche a bhí acu ach níor éirigh leo Áth Cliath ná Aontroim a chloí sa deireadh. Ansin coicís ó shin, thugadar an-taispeántas sa chluiche a bhuadar i gcoinne na Gaillimhe, mar a rinneadar anuraidh i gcoinne Chill Chainnigh sa bhabhta deireanach.

Bhí Lee Chin ina laoch arís in aghaidh na Gaillimhe ach bhí cabhair aige an uair seo ó Liam Ryan a bhí tagtha ar ais ó ghortú agus leithéidí Eoin Ryan, Rory O’Connor, Damien Reck agus Conor McDonald ag imirt go maith freisin. Ar pháipéar, tá siad níos láidre ná Ceatharlach ach tá Ceatharlach ag imirt go maith agus iad an-mhuiníneach roimh an gcoimhlint seo. Níl mé cróga go leor a rá go mbeidh an bua ag Loch Garman ach ba cheart go mbeadh.

Le blianta fada, is maith a oireann cur síos Churchill do Ghhaillimh freisin. Is iomaí bréagmhaidneachan atá feicthe ag iománaithe an chontae sin. Tá an cháil chéanna ar chleas 2024 agus an t-iománaí is buacaí riamh i stair na hiomána i gceannas orthu. Tá Henry Shefflin ina thríú bliain le Gaillimh agus is deacair a rá go bhfuil mórán dul chun cinn déanta. Beidh siad i mBéal Feirste amárach agus leaideanna Aontroma in ísle brí i ndiaidh an ghreadta a fuaireadar san ardchathair seachtain ó shin. Bheinn ag súil go dtabharfaidh an Ghaillimh an dá phointe leo anseo.

Beidh an cluiche eile i gCúige Laighean suimiúil chomh maith, Áth Cliath ar bharr an tábla le Cill Chainnigh sa dara háit. Cé a chreidfeadh é? Seans nach mar sin a bheidh siad faoi dheireadh an lae amárach.

Fág freagra ar 'Mistéir le fuascailt i gcónaí sa dá chúige'