LÉIRMHEAS: Juno And The Paycock ‘don 21ú aois’ ag O’Rowe sa Gate

Tá Juno And The Paycock sa Gate ar an léiriú is suntasaí atá déanta ar aon dráma le Seán O’Casey le fada an lá…

Juno And The Paycock

Fadó fadó, siar i 1976, bhí sé d’ádh ormsa glaoch a fháil ó Mick McCarthy, ó Amharclann Everyman i gCorcaigh, chun páirt Harry Heegan a léiriú sa dráma Silver Tassie le Sean O’Casey. Nuair a ghabhtar duine in eangach an Chathasaigh, téann sé dian air éalú ón easarlaíocht a oibríonn draoi sin na bhfocal air!

Bhuaileas isteach ar oíche oscailte Juno And The Peacock sa Gate Theatre chun filíocht an Chathasaigh a bhlaiseadh arís. Ná bíodh aon amhras ort, tá Juno And The Paycock sa Gate ar an léiriú is suntasaí atá déanta ar aon dráma le Seán O’Casey le fada an lá.

Táid ann a ghabhann chun leadráin agus iad ag moladh Dónal McCann, Geraldine Plunkett agus John Kavanagh a ghlac páirt Captain Boyle, Juno agus Joxer Daly i léiriú Joe Dowling sa Gate sa bhliain 1986. Tuigim dóibh. Cé a d’fhéadfadh foirfeacht an triúir sin, ná spleodar an léirithe, a ligean i ndearmad?

Ach ní bhaintear puinn ó McCann, Plunkett, Kavanagh ná Dowling má deirim go bhfuil léamh ar an dráma seo atá feiliúnach don 21ú aois déanta ag Mark O’Rowe. Tréaslaím leis agus an chéad seáp stiúrtha seo tugtha aige i ngort na mórscríbhneoirí náisiúnta.

Nach maith atá sé in ann aige?

Tá rath an dráma Juno And The Paycock ag brath go mór ar an taibhsiú a dhéantar ar an gcarachtar Juno. Tugann Derbhle Crotty faobhar lasánta do phríomhcharachtar O’Casey ón tús. Bheifeá ag súil leis sin ó aisteoir chomh cumasach léi. Bheifeá ag súil freisin le tróp sin na mná céile atá crua ar a fear agus bog ar a mac. Ach is cumhachtaí agus is doimhne go mór an Juno a chuireann Crotty os ár gcomhair ar an stáitse.

Cuirtear fadfulaingeacht, téagar, agus uaisleacht na mná in iúl i mbealaí nach dócha a samhlaíodh dúinn go nuige seo. Agus ceansaíonn Juno Derbhle Crotty constaic ollmhór; is é sin taibhsí na mban a d’imigh roimpi sa ról céanna. Is minic a roghnaigh cuid acu bealaí le héalú ó bhunfhírinne dhráma Uí Chathasaigh.

Dar ndóigh, is é bun agus barr an scéil ná gur bean í Juno atá pósta le bodach fir. Is alcólaí briste é a fear agus déanann sé maistíneacht uirthi, amhail is dá mbeadh an ‘ceart’ sin aige mar fhear céile. Agus ní in éadóchas na bplódtithe amháin a tharlaíonn a leithéid sin d’iompair. Níl garráin dhuilleogacha na mbruachbhailte sócúla saor ón bhforéigean sin ach an oiread.

Ach tá sé de bhua ag Juno Derbhle Crotty nach ngéilleann sí go huile is go hiomlán don bhriseadh croí. Cailltear a mac, drabhlásaí brúidiúil is ea a fear agus tugann an fear céile bata agus bóthar dá n-iníon. Ach fiú más bean bhriste í Juno, ag deireadh an dráma braithimid go dtiocfaidh sí tríd an anfa atá roimpi le dínit agus le croíúlacht.

Ní shamhlóinn gur chuidigh Barry Fitzgerald puinn le Sara Allgood fadó a leithéid sin Juno a léiriú sa scannán a rinneadh i 1930.

Is fíor freisin do Declan Conlan gur chruthaigh sé bastard ceart de Captain Jack Boyle. Ní chuirimse fiacail ann. ‘Gurrier’ atá ann i mbéarlagair Bhléa Cliath nó ‘gutty-boy’ i mbéarlagair Chorcaí. Bullaí é seachas an rógaire traidisiúnta a chuirtear os ár gcomhair i scannán Barry Fitzgerald.

Tá taibhsiú Conlon cróga. Tá sé ionraic. Agus tá an léamh sin dílis don script freisin.

Níl aon easpa grinn sa léiriú, dála an scéil. Ach ag féachaint dom an athuair ar bhuntéacs an Chathasaigh, sílim go raibh an ceart ar fad ag Declan Conlan agus Mark O’Rowe.

I bhfianaise léiriú cróga Conlon ar Jack Boyle agus Juno feimineach Crotty, is éard atá againn anseo dáiríre ná Juno And The Paycock don 21ú aois. Tagann an t-anró a bhí á fhulaingt ag an gcosmhuintir ar sheas Larkin agus Connolly an fód dóibh chun cinn sa léiriú agus ní haon dochar, dar liom, an dubh sin san obair a shoilsiú.

Tagaim faoi dheireadh chuig Joxer Daly Marty Rea. Níl ach dornán beag aisteoirí ann ar féidir a rá go fírinneach fúthu go spreagann siad an t-anam. Is aisteoir beannaithe é Marty Rea. Níl bealach níos fearr ná sin agam le cur síos ar an áilleacht spioradálta a bhaineann leis.

 

Sceidhtéir agus lúbaire ceart is ea Joxer Daly – bobaire, sáilghiolla, táthaire gan náire. Ach sa Dara Gníomh, nuair a chliseann focail amhrán air le linn cóisire, téann sé dian orainn féachaint ar cé chomh leochaileach is atá Joxer Marty Rea. Ní ar mhaithe leis an ngreann a léiríonn Rea an mírín sin. Tá rud i bhfad Éireann níos suimiúla ná sin i gceist – móimint niamhrach síoraí ar an stáitse.

Éiríonn go hiontach le gach aon aisteoir sa dráma seo, agus tá gairmiúlacht ar leith ag baint le Mrs Maisie Madigan Ingrid Craigie agus Mrs. Tancred Bhríd Ní Neachtain chomh maith céanna.

Is iomaí bealach ann chun Éirí Amach na Cásca a cheiliúradh. Beidh daoine áirithe ag máirseáil. Beidh daoine eile ag léirsiú. Fágaimis bladar agus feimínteacht aos polaitiúil na linne mar atá sé – ar an leataobh.

Idir Mise Éire sa Cheolárus Naisiúnta le deireannas, Juno And The Paycock sa Gate, Cyprus Avenue sa Phéacóg agus The Plough And The Stars san Abbey i Mí an Mhárta – sin é mo chomóradhsa ar Éirí Amach na Cásca.

Fearaim fíorchaoin fáilte romhaibh ar an aistear seo liom ar Tuairisc.ie.