Jeffrey Donaldson cúisithe sa chúirt as 11 líomhain ghnéis

Cúisíodh sa chúirt san Iúr inniu iarcheannaire an DUP in 11 cúis ghnéasach a bhain le heachtraí stairiúla, cúis éignithe ina measc

Jeffrey Donaldson cúisithe sa chúirt as 11 líomhain ghnéis

Bhí iarcheannaire an DUP Jeffrey Donaldson os comhair na cúirte san Iúr inniu, mar ar cuireadh 11 cúis ghnéasach, a bhain leis an am atá caite, cúis éignithe ina measc.

Baineann ceann de na deich gcúis eile le ró-mhígheanas le páiste agus baineann naoi gcinn le hionsaí mígheanasach a dhéanamh ar bhaineann.

Beirt íospartach atá ann de réir na líomhaintí agus líomhnaítear gur tharla na heachtraí sa tréimhse 21 bliain idir mí Eanáir 1985 agus mí na Nollag 2006.

Tá na cúiseanna go léir séanta go láidir ag Jeffrey Donaldson.

Bhí bean Donaldson, Eleanor Donaldson, atá 58 bliain, os comhair na cúirte chomh maith agus ceithre chúis curtha ina leith. Baineann dhá cheann de na cúiseanna sin le cuidiú agus neartú le duine in éigniú agus ionsaí mí-ghnéasach, eachtraí a líomhnaítear a tharla idir an 1 Eanáir 1985 agus an 31 Nollaig 1991.

Baineann an dá líomhain eile le drochíde a thabhairt do pháiste faoi 16 bliain. Baineann ceann de na líomhaintí sin leis an tréimhse idir an 1 Eanáir 1985 agus an 31 Nollaig 1991, agus baineann an ceann eile leis an tréimhse idir an1 Eanáir 1998 s agus an 31 Nollaig 1991.

Tá na cúiseanna go léir séanta chomh maith ag Eleanor Donaldson.

Bhain Jeffrey Donaldson an Teach Cúirte amach ag 9.30am, áit a raibh slua mór iriseoirí, póilíní agus daoine eile ag fanacht roimhe. D’fhan Donaldson ina thost agus é ag déanamh a bhealach isteach.

Bhí Jeffrey agus Eleanor Donaldson le feiceáil le chéile sa chúirt dá n-éisteacht ag 10.40am. Mhair an éisteacht ocht nóiméad san iomlán agus rinneadh dhá leasú ar choinníollacha a gcuid bannaí.

Tá cead anois ag an lánúin teagmháil a dhéanamh lena chéile agus beidh Jeffrey Donaldson in ann filleadh ar a bhaile sa Droim Mór, Co. An Dúin. Go dtí seo bhí air fanacht ina árasán i Londain.

Rinneadh uasdátú freisin ar liosta na bhfinnéithe do chás an ionchúisimh agus tugadh le fios do na cúisithe nach féidir leo teagmháil a dhéanamh leo.

Chinn an breitheamh Eamonn King chomh maith nach mbeidh ar Jeffrey nó Eleanor Donaldson a bheith i láthair ag an gcéad éisteacht eile, a bheidh ar siúl ar an 22 Bealtaine. Luaigh sé an tsuim mhór atá á cur sa chás agus an cinneadh sin á fhógairt aige.

D’fhág Jeffrey Donaldson an teach cúirte ag meán lae. Arís bhí brútam iriseoirí agus lucht agóide ag fanacht taobh amuigh agus bhí ar na póilíní é a thabhairt go dtí a charr.

Fág freagra ar 'Jeffrey Donaldson cúisithe sa chúirt as 11 líomhain ghnéis'