Níl an tAire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta nua Josepha Madigan sásta gealltanas a thabhairt go bhfoghlaimeoidh sí Gaeilge ar eagla nach n-éireodh léi a leithéid de ghealltanas a chomhlíonadh.
Ag tagairt di d’iarrachtaí an Aire Stáit Gaeltachta Joe McHugh an teanga a fhoghlaim, dúirt an t-aire sinsearach nárbh ionann a cás siúd.
“Well, you know Joe McHugh has dedicated statutory responsibility for the Gaeltacht. I’m not going to make a promise that I’m going to study Irish in case I can’t follow it through, but I’m obviously very passionate about languages in general,” a dúirt an tAire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta. Mhol sí McHugh as iarracht a dhéanamh an Ghaeilge a fhoghlaim agus dúirt sí gur “eiseamláir” é an Taoiseach Leo Varadkar maidir le foghlaim na Gaeilge agus go raibh an iarracht atá déanta aige i leith na Gaeilge dochreidte.
Ag labhairt di ar The Week in Politics ar RTÉ inné, dúirt an tAire go raibh Gaeilge ‘réasúnta líofa’ tríocha bliain ó shin aici tráth a raibh sí ag déanamh na hArdteiste. “Obviously I still have that Irish in me. I studied it for about twelve years at honours Irish level. I then did a degree in languages, French and German, before I studied law for twenty years, so language is something that is very important to me,” a dúirt Josepha Madigan.
Mhaígh sí nach raibh aon bhaint ag an líofacht a bheadh ag duine sa teanga agus an grá a bheadh acu di.
Dúirt sí go mbíodh sí ag freastal ar choláistí samhraidh nuair a bhí sí óg agus go ndéanann a clann féin amhlaidh agus go bhfuil ‘a great love of the language’ aici. Dúirt sí go raibh sí ag súil go mór le Bliain na Gaeilge 2018 agus thug sí le fios go mb’fhéidir go ndéanfadh sí iarracht cur leis an ‘mbeagán Gaeilge’ atá anois aici. “I probably will try and endeavour to make it a little bit stronger,” a dúirt an tAire nua.
Luadh ar an gclár chomh maith an cúpla focal Gaeilge a labhair Uachtarán na Comhairle Eorpaí Donald Tusk an tseachtain seo caite nuair a dúirt sé ‘Ní neart go cur le chéile’.
“If he can do it we can do it, “ a dúirt dúirt an tAire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta.
Ceapadh Josepha Madigan ina hAire sa Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta an tseachtain seo caite nuair a aistríodh Heather Humphreys go dtí an Roinn Gnó, Fiontair agus Nuálaíochta.
Ach an oiread le Heather Humphreys níl Gaeilge líofa ag an Aire nua i Roinn na Gaeltachta, rud a fhágann nár cuireadh cumas Gaeilge san áireamh don aireacht seo anois ó 2011.
D’fhógair an Taoiseach an t-atheagar de thoradh éirí as an Tánaiste Frances Fitzgerald mar gheall ar chonspóid chás an sceithire Maurice McCabe.
Ba mhinic eagraíochtaí Gaeilge cáinteach faoi easpa suime Heather Humphreys i ngné na Gaeltachta dá roinn agus í sásta an cúram sin a tharmligean ar fad d’aire stáit na Gaeltachta.
Beidh le feiceáil an mbeidh an cur chuige céanna ag Josepha Madigan i leith na Gaeilge agus na Gaeltachta.
Idir an dá linn, tá fáilte curtha ag Conradh na Gaeilge roimh cheapachán an Aire agus iad ag súil le bualadh léi go luath chun cás na Gaeilge agus na Gaeltachta a phlé léi.
Dlíodóir a bhfuil saineolas aici i réimse an cholscartha í Josepha Madigan ar toghadh ina comhairleoir contae do Dhún Laoghaire-Ráth an Dúin í nuair a sheas sí don chomhairle den chéad uair in 2014.
Bhí sí i mbéal an phobail an uair sin nuair chuir sí in aghaidh ionad staid don lucht siúil i gCnoc Anville agus í den tuairim gur “cur amú airgid uafásach a bheadh ann”.
Toghadh chun na Dála í in 2016.
Ba í a chuir chun cinn an reachtaíocht nua a laghdaigh an tréimhse feithimh le colscaradh a fháil ó cheithre bliana go dhá bhliain. Bhí baint mhór aici le feachtas ceannaireachta Leo Varadkar i mbliana. Scríobh sí an t-úrscéal, a d’fhoilsigh sí féin in 2011, Negligent Behaviour. De réir bhlurba an úrscéil fhéinfhoilsithe ba scéal é faoi “sassy solicitor”.
Maire
‘I’m obviously very passionate about languages in general’ ….Oh yea?????????????
Liam
Bileog ar a’bhealach!
Gabriel Rosenstock
Jóc!
Eileen Nolan
Níl meas madra aici ar an nGaeilge ná ar an nGaeltacht is cosúil. Bhí sí ag caint san agallamh sin faoin nGaeilge mar ábhar scoile – céard faoin nGaeilge mar theanga bheo?
Buartha
Ach conas a éireoidh leis an Aire Madigan déileáil leis an iomaí litir a gheobhaidh sí ó mhuintir na Gaeltachta mura mbeidh sí líofa? Tá dhá nóta seolta agam féin chuici ó mhaidin ag fiafraí cén socruithe slándála treisithe atá beartaithe aici i gcomhair an Spidéil anois nuair atá bagairt níos mó ón gCóiré Thuaidh. Agus tá brath agam scríobh chuicu tar éis lóin ag tabhairt cuiridh di aitheasc a thabhairt ag oscailt oifigiúil sheidín na gcearc (díon nua) coicís ón Luan.
Micheál
Chuir mé agallamh ar an Aire Joe McHugh go gairid tar-éis dó tosnú ar dul i ngleic le ranganna Gaeilge cúpla bliain ó shoin agus bhí sé dian air. An tseachtain seo caite dhein mé agallamh eile leis, agus anois tá sé i bhfad níos mó ar a chompórd, agus tréaslaím leis as an obair atá déanta aige Gaeilge a fhoghlaim. Ní haon leithscéal é nach mbeidh am ag an Aire Madigan freastal ar ranganna Gaeilge, tá sé léirithe ag a comhpháirtí gur féidir an dá rud – ranganna agus post – a dhéanamh le chéile.
seainin
A ‘bhuartha’ a chara, an ndeanfa gar duinn agus i fein a shacadh isteach i seidin na gcearc freisin? Feadfaidh si bheith ag gagarlaigh lei ansin insan iliomad teanga iasachta ata ‘ar eolas’ aici i ngan fhios don saol agus ni bheidh tusa na muidne buartha a thuilleadh.
Aonghus
Cén taithí atá ag an mbean ar chúrsaí oidhreachta, cultúir nó Galetachta?
Más leor an grá chun aireacht sinsearach d’fháil sa Rialtas seans gur cosaint mhaith a bheadh ann i gcás cholscartha freisin; cuma cén díobháil a bheadh déanta agat ar do chéile fhad is bhfuil tú fós i ngrá leo?
‘All you need is love’ mar a deir an t-amhrán!
Liam Mac Lochlainn
‘ I am not making a promise that I will study Irish…..I probably will try and endeavour (sic) to make it a little stronger.’ Is socrú polaitiúil é an ceapachán mí-oiriúnach seo nach ndearnadh ar son an phobail nó ar son na teanga dár ndóigh. Maslach. Sotalach. Náireach. Mímhúinte.
Dáithí Ó hAoláin
This must be a new found love… I was involved in a recent enough campaign to establish a Gaelscoil in Stillorgan/ Goatstown which is in her constituency and she didn’t show much passion for language back then. Apart from a few words of support from her social media accounts she didn’t do much else. Coincidently she also supported the other campaigns… Catherine Martin and Sorcha Nic Cormac were the two polo Citi and who got behind that specific campaign and thankfully Gaelscoil Fuinseoige is now in operation.
Roibeárd
Tá díomá orm faoin gceapachán seo. Is mór an trua é. Is léir nach meas madra aici ar an nGaeilge…