Tá an tóin tite as vóta Fhianna Fáil i nGaillimh Thiar d’uireasa an iar-aire Gaeltachta Éamon Ó Cuív atá éirithe as.
De réir pobalbhreith a rinne TG4/Ipsos B&A sa dáilcheantar, an t-iarrthóir neamhspleách Catherine Connolly agus an t-aire stáit Hildegarde Naughton a bheadh ar cheann an chomhairimh i nGaillimh Thiar agus 13% acu beirt.
Sna sála orthu tá an neamhspleách Noel Grealish a bhfuil 12% aige. 17% an cuóta sa dáilcheantar cúig shuíochán.
7% an duine atá ag beirt iarrthóirí Fhianna Fáil, John Connolly agus Gráinne Seoige, agus an céatadán céanna acu eatarthu agus a bhí ag Éamon Ó Cuív féin in 2020 nuair a chríochnaigh sé ag ceann an chomhairimh le 14%. San iomlán, bhí 23% de na vótaí céadrogha ag Fianna Fáil in 2020 i nGaillimh Thiar, áit a mbíodh trí shuíochán acu tráth den saol.
Beidh seans an-mhaith ag Fine Gael ar dhá shuíochán sa dáilcheantar cúig shuíochán agus 10% ag an seanadóir agus iar-aire stáit Gaeltachta as Maigh Cuilinn, Seán Kyne. Údar sásaimh a bheidh sa phobalbhreith d’Fhine Gael agus fianaise acu go bhfuil speach curtha ag an Taoiseach Simon Harris sa pháirtí. Murab ionann agus áiteanna go leor eile sa tír, áfach, is iarrthóirí lena lán taithí a bhfuil aithne mhaith orthu atá ag Fine Gael i nGaillimh Thiar.
De réir na pobalbhreithe, a rinneadh Dé Luain agus Dé Máirt na seachtaine seo, 9% atá ag Mairéad Farrell ó Shinn Féin. Laghdú suntasach a bheadh ansin ar vóta Shinn Féin sa dáilcheantar. 14% a bhí ag Farrell sa toghchán deireanach.
Beidh dianchoimhlint don dá shuíochán deireanach idir Kyne, Farrell, an t-iarchomhairleoir de chuid Fhianna Fáil Noel Thomas ó Independent Ireland, a bhfuil 8% aige, agus beirt Fhianna Fáil.
Ar na hiarrthóirí eile i nGaillimh Thiar tá Pauline O’Reilly an Chomhaontais Ghlais atá ar 5%, Helen Ogbu Pháirtí an Lucht Oibre atá ar 4%, Eibhlín Seoighthe na nDaonlathaithe Sóisialta, Mike Cubbard, neamhspleách agus iarmhéara chathair na Gaillimhe, atá ar 3%.
2% atá ag Maisie McMaster Phobal Seachas Brabús agus Pádraig Lenihan ó Aontú. Níos lú ná o.5% atá ag Anthony Cahill ó Irish People agus Doran McMahon ón Irish Freedom Party.
Billy an Ghoirt
Catherine Connoly don Taoiseacht anois!
(Agus Uachtarán ina dhiadh sin).