‘Tá mé thar a bheith bródúil as an méid Gaeilge atá agam’ – Paul Mescal

Ag labhairt dó leis an iris Variety, deir réalta ‘Gladiator II’ gur fhreastail sé ar bhunscoil lán-Ghaeilge agus go bhfuil cuid den teanga fós ar a thoil aige

‘Tá mé thar a bheith bródúil as an méid Gaeilge atá agam’ – Paul Mescal

Tá an t-aisteoir clúiteach Paul Mescal “an-bhródúil” as an nGaeilge atá aige agus den tuairim go bhfuil borradh faoin teanga i láthair na huaire. Ag labhairt dó in agallamh físe leis an iris Mheiriceánach Variety, mhínigh fear Chill Dara gur fhreastail sé ar bhunscoil lán-Ghaeilge agus go bhfuil cuid den teanga fós ar a thoil aige agus é an-bhródúil as an méid sin.

Bhí Mescal faoi agallamh ag Variety mar gheall ar an scannán nua Gladiator II atá á thaispeáint i bpictiúrlanna na hÉireann ón Aoine. Cuireadh sraith ceisteanna ar Mescal faoina thír dhúchais agus na míthuiscintí a bhíonn ar mhuintir Mheiriceá fúithi.

Nuair a fiafraíodh den aisteoir cé acu an mbaineann nó nach mbaineann an focal ‘Gaeilge’ le hÉirinn, dúirt sé gurb í an Ghaeilge “teanga náisiúnta” na hÉireann agus go bhfuil smeadar den teanga fós aige óna laethanta scoile i nGaelscoil Uí Fhiaich i Maigh Nuad.

“Is í an Ghaeilge ár dteanga náisiúnta. Labhraítear inniu í i gceantair ar a dtugtar ‘an Ghaeltacht’, pócaí den tír inarbh í an teanga í a d’úsáidfeá ar scoil nó sna siopaí, abair. Ach is dóigh liom go bhfuil aiséirí ann le blianta beaga anuas, nuair a fheicim buachaillí Kneecap ag úsáid na teanga ina scannán agus a leithéid. Tá aiséirí ann agus is iontach an rud é sin mar bhí sí ag meath ar feadh soicinde ansin.

“Tá ruainne beag Gaeilge agam féin. Ba scoil lán-Ghaeilge í an bhunscoil ar fhreastail mé uirthi agus rinne mé an Teastas Sóisearach – ní hionann é sin agus an SAT ach scrúdú ag leibhéal níos ísle – i nGaeilge ar fad. Ach cosúil le teanga ar bith eile, imíonn sí nuair nach n-úsáidtear í ach tá mé thar a bheith bródúil as an méid Gaeilge atá agam,” a dúirt Mescal.

Fiafraíodh ceisteanna eile a bhaineann le hÉirinn agus leis an Éireannachas den aisteoir óg le linn an agallaimh, agus thug sé míniú beacht ar choincheap an ‘lock-in’, ‘an chraic’, agus ‘Cumann Lúthchleas Gael’.

Tá agallaimh i nGaeilge déanta ag Mescal cheana. Labhair sé leis an láithreoir Caitlín Nic Aoidh ó TG4 ar an gcairpéad dearg ag na gradaim BAFTA in 2023 nuair a ainmníodh don aisteoir is fearr é dá scannán Aftersun. Luaigh sé an uair sin go mbeadh an-spéis aige scannán i nGaeilge a dhéanamh amach anseo.

Tá an príomhról ag Mescal sa scannán Gladiator II mar Lucius Verus, carachtar a bhí ina bhuachaill óg (Spencer Treat Clark) sa scannán Gladiator le Russell Crowe a rinneadh 24 bliain ó shin.

Fág freagra ar '‘Tá mé thar a bheith bródúil as an méid Gaeilge atá agam’ – Paul Mescal'

  • Mícheál Ó Flaithearta

    Meastú an dtabharfaidh Michael D bonn óir nó cáca seacláide dó?