‘Green glamour’ mar spreagadh do tháirgí cúram cnis atá saor ó thocsainí

Thug baol báis spreagadh d’Indie Lee tabhairt faoi dhúshláin nua ina saol le táirgí a chruthú a mbeadh maitheas seachas dochar ag baint leo

‘Green glamour’ mar spreagadh do tháirgí cúram cnis atá saor ó thocsainí

Baineadh stangadh as Indie Lee, Meiriceánach óg a bhí ag obair mar chomhairleoir airgeadais, nuair a mhínigh saineolaithe leighis di sa bhliain 2008 gur meall san inchinn ba chúis leis an tinneas a bhí uirthi roimhe sin agus nach mairfeadh sí mórán le sé mhí eile.

Cuireadh faoi scian í roinnt míonna ina dhiaidh sin, obráid a bhí fíorchontúirteach agus nuair a d’éirigh go hiontach leis an gcóir leighis agus nuair a tháinig sí chuici féin arís thug sí faoin saol mór le dearcadh nua – bhunaigh sí comhlacht cúram cnis atá bunaithe ar tháirgí sláintiúla a chur ar an margadh. 

Bhí sí den tuairim láidir gur tocsainí a bhí bailithe ina colainn in imeacht na mblianta ba chúis lena tinneas agus thuig sí nach ón mbeatha a bhíodh á ithe aici amháin a tháinig an t-olc sin ach ón smideadh agus an t-ábhar cúram cnis a bhíodh á úsáid aici.  Bhí sí ar an eolas gurb é ár gcraiceann an ball colainne is mó atá againn agus go súitear isteach 60% den ábhar a chuireann muid ar ár gcraiceann.  

Talcphúdar nádúrtha an chéad táirge a d’fhorbair sí tráth go raibh a deirfiúr ag súil le páiste. Glactar leis go forleathan gur ábhar tocsaineach é talc ach ba as comhábhar orgánach amháin a bhí an talcphúdar nua a d’fhorbair sí dá nia nuabheirthe

Indie Lee
Indie Lee

Ina cistin féin a bhíodh sí i mbun oibre ar dtús agus bhí baill dá teaghlach breá sásta na táirgí nua a thástáil di. Ach bheartaigh sí ansin a cuid saineolais mar chomhairleoir airgeadas a úsáid agus leas a bhaint as na blianta taithí a bhí aici le Ernst & Young agus HBO le gnó tráchtála a bhunú. Dhíol sí a cuid seodra le hairgead a fháil le hinfheistiú sa tionscnamh nua agus ó shin, tá iliomad táirgí nua curtha ar an margadh aicí agus bunús láidir gnó faoina bhfuil ar siúl aici.

Anois agus a cuid táirgí ar díol ar fud na Stát Aontaithe agus go hidirnáisiúnta i mbreis agus 50 siopa, tá foireann de dheichniúr ag obair di agus an branda ag fás lá i ndiaidh lae.

Ba é an buaicphointe ina saol gnó go dtí seo nuair a seoladh an branda i siopaí móra Henri Bendels agus Saks 5th Avenue. Ina dhiaidh sin thosaigh sí ag fáil tacaíocht iontach ó na meáin chumarsáide agus chuaigh an tionscnamh ó neart go neart.

Cuireann Indie Lee béim mhór ar tháirgí nádúrtha agus orgánacha agus úsáidtear an coincheap “green glamour” mar mhíniú ar an gceangal idir áilleacht agus an dúlra.

Tá eolas á scaipeadh aici faoin gcontúirt a bhaineann le cuid de na comhábhair a úsáidtear go minic i dtáirgí cúram cnis. Thug sí chun suntais go raibh 1,100 comhábhar a raibh cosc curtha ar a n-úsáid i dtáirgí cúram cnis ag an Aontas Eorpach de bharr baol ailse nó éalang ón bhroinn. Níl cosc i Meiriceá ach ar dhosaen de na táirgí céanna. “Time to get educated on your skin care products; after all, you are what you apply,” a dúirt sí.

Tá dhá liosta tugtha aici ar a suíomh gréasáin de chomhábhair a úsáidtear go forleathan i gcúrsaí cúram cnis – cinn mhaithe agus cinn dhona.   Mínítear go soiléir an chúis gur cheart nó nár cheart na comhábhair éagsúla sin a úsáid.

Thug mé féin suntas d’Indie Lee agus a cuid táirgí agus mé ag lorg eolais faoi tháirge ar a dtugtar squalane – ábhar é a thagann ó ológa agus a mholtar do gach cineál craiceann mar go súitear isteach láithreach é. Tá costas £29.95 ar an Squalane Facial Oil aici agus mholfainn go hard é. Agus is cosúil nach do mhná amháin é – is féidir le fir an táirge ceanna a úsáid mar lóis iarbhearrtha.

Tráth a bhfuil béim níos mó ná riamh ar tháirgí sábháilte a úsáid, is fiú go mór súil a chaitheamh ar a bhfuil ar siúl ag Indie Lee. 

 Tá táirgí Indie Lee le fáil ar www.abeautifulworld.co.uk, www.beautylish.com agus https://www.cosnatural.co.uk/indie-lee.

 

Fág freagra ar '‘Green glamour’ mar spreagadh do tháirgí cúram cnis atá saor ó thocsainí'