Gradam idirnáisiúnta bronnta ar scrúduithe TEG in Ollscoil Mhá Nuad

Bronnadh an ‘Q-mark’ ar an Teastas Eorpach Gaeilge tar éis don Association of Language Testers in Europe measúnú a dhéanamh ar chaighdeáin na scrúduithe

Emyr Davies, Cathaoirleach, Association of Language Testers in Europe, agus Siuán Ní Mhaonaigh, Ionad na dTeangacha in Ollscoil Mhá Nuad
Emyr Davies, Cathaoirleach, Association of Language Testers in Europe, agus Siuán Ní Mhaonaigh, Ionad na dTeangacha in Ollscoil Mhá Nuad

Tá an Association of Language Testers in Europe (ALTE) tar éis gradam idirináisiúnta a bhronnadh ar scrúduithe Theastas Eorpach na Gaeilge (TEG) a chuireann Ionad na dTeangacha in Ollscoil Mhá Nuad ar fáil.

Tá breis agus 4,000 iarrthóir tar éis tabhairt faoi scrúdú de chuid TEG in Éirinn agus ar fud an domhain ó cuireadh an scrúdú ar bun deich mbliana ó shin. Tabharfaidh grúpa foghlaimeoirí Gaeilge faoin scrúdú i Sydney na hAstráile den chéad uair riamh i mbliana.

Tá cúig scrúdú ann i gcóras TEG agus leibhéil na scrúduithe sin bunaithe “go ginearálta” ar an bhFráma Tagartha Comónta Eorpach do Theangacha, doiciméad a thugann treoir d’institiúidí teanga ar fud na hEorpa maidir le córais mheasúnaithe teanga a fhorbairt.

Cuireadh ALTE ar bun i 1989 agus ó shin i leith tá an eagraíocht tar éis caighdeáin chomónta a fhorbairt le haghaidh tástálacha teanga ar fud na hEorpa. Tá cuid de na heagraíochtaí measúnaithe teanga is iomráití ar domhan ina mball de ALTE faoi láthair, Cambridge English Language Assessment, an Goethe-Institut agus Charles University ina measc.

“Is aitheantas idirnáisiúnta é seo agus barántas breise d’iarrthóirí, d’fhostóirí agus do pháirtithe leasmhara eile maidir le caighdeán agus iontaofacht scrúduithe TEG,” a dúirt Anna Ní Ghallchóir, Stiúrthóir Ionad na dTeangacha in Ollscoil Mhá Nuad.

Fág freagra ar 'Gradam idirnáisiúnta bronnta ar scrúduithe TEG in Ollscoil Mhá Nuad'