Galar cráite an ghrá ag Gaeil

Beidh Má Thagann Tú/ If You Come..., seó bunaithe ar shaibhreas na ráiteas grá mar a fhaighimid sa traidisiún Gaelach iad, ar siúl i mBÁC an deireadh seachtaine seo. Roghnaigh an stiúrthóir Tristan Rosenstock na trí cinn de ráitis ghrá Ghaelacha is fearr leis féin

Dating image

“Grá, an ea?”, arsa mise. “Tá obair mhór romhainn, más ea”.

Nuair a bhí na duilleoga ag titim, thart ar an am seo anuraidh, tháining mé féin, m’athair Gabriel, agus an t-aisteoir Cathal Quinn le chéile chun togra úr a phlé. Stól ard an duine fúinn.

Theastaigh ó Ghabriel agus ó Chathal seó stáitse eile a chruthú lena gcomhlacht léiriúcháin Guthanna Binne Síoraí agus mise a tharraingt isteach sa scéal mar stiúrthóir. Ach seó stáitse bunaithe ar shaibhreas na ráiteas grá mar a fhaighimid sa traidisiún Gaelach iad? A leithéid de thaisce!

Nach bhfuil grá de shórt éigin i gceist i ngach aon dán? Grá colainne, grá do leanbh, grá do Dhia, grá don áit dhúchais, grá don phátrún; níl tús ná deireadh le dánta grá sa traidisiún Gaelach, a dhuine!

Tá an t-ádh orainn go bhfuil gort sin an ghrá á threabhadh ag scoláirí leis na cianta agus obair na gcapall déanta le leathchéad bliain ag Ciarán Mac Murchaidh, Seán Ó Tuama, agus go leor eile nach iad le díolaim ghrá a chur ar fáil dúinne, rómánsaithe!

Faighimid móramhráin na Gaeilge ina measc. Seoda atá á gcanadh amach os ard leis na céadta bliain. Amhráin atá ag gach éinne, cheapfá. Nó ba mhaith leat a cheapadh.

Ach ní fíor.

Níl na hamhráin seo cloiste ag tromlach na tíre agus is chuige sin a theastaigh uainn tabhairt faoin seó áirithe seo le móramhráin agus dánta grá na Gaeilge a chur i láthair an phobail ar bhealach físiúil dátheangach mealltach tarraingteach le go dtuigfeadh an té atá ar bheagán Gaeilge cad atá á chur in iúl.

Cad atá á chur in iúl, más ea? Nuair a bhreathnaíonn tú go géar ar roinnt de mhóramhráin an traidisiúin, chíonn tú gur líonmhar na tagairtí iontu don ghalar cráite sin: galar an ghrá.

“Galar is ea an grá ná leigheasann luibheanna”, mar a deir an seanfhocal. Galar cumhachtach is ea an galar céanna. Féach na samplaí seo a leanas:

 

  1. Dónal Óg

Bhuel, ní ligfeá in aice le do dheirfiúr é! “Players only love you when they’re playing”, a deir Stevie Nicks ón ngrúpa Fleetwood Mac san amhrán “Dreams”, a d’eisigh siad sa bhliain 1977, amhrán atá ina mhacalla ar Dhónal Óg.

Mealann an rógaire cailín óg lena bhinnbhriathra agus a bheola. Ach mór an trua nár dhiúltaigh sí don tríú póg uaidh:

“Is murach an phóg sin bheinn fós i mo mhaighdean”.

Sílim féin go ndéanann sé ceap magaidh di ina dhiaidh sin.

“Player”, a thabharfadh Stevie Nicks air, agus an ceart aici.

Feicimid an toradh atá ag an mbréag ar an mbean bhocht nuair a deir sí:

“Ochón, och ochón is ní le hocras/ uireasa bí, dí ná codlata/ fá ndear domhsa bheith tanaí triuchalga,/ ach grá fir óig is é bhreoigh go follas mé”.

Sin pian duit, a dhuine! Chímid an créatúirín agus an mearbhall ata uirthi: – “Bhain tú thoir agus bhain tú thiar dhíom”, agus níos measa arís “Is rímhór m’fhaitíos gur bhain tú Dia dhíom”.

Ní rud neamhghnách an t-urtheilgean i litríocht na Gaeilge ach féach mar a sciob Dónall Óg a hanam agus í fágtha gan faic na ngrást. Dán grá par excellence!

 

  1. Máirín de Barra

Fear atá i bpéin an babhta seo, an créatúr. Ach arís, tá an grá atá aige do bhean tar éis a shláinte a mhilleadh. Síleann sé gur marbh atá sé gan í, rud a fheicimid go minic sa traidisiún Gaelach:

“A Mháirín de Barra, do mhairbh tú m’intinn/ is do chuir tú beo i dtalamh mé gan fhios dom mhuintir;/ ar mo luí dhom ar mo leabaidh is ortsa a bhím ag cuimhneamh/ ‘s ar éirí dom ar maidin, mar do chealg tú an croí ionam”.

Nuair a bhí traidisiún an chleamhnais i réim in Éirinn – go dtí le gairid, i ndáiríre – ní mór an ról a bhí ag an ngrá i ngnás an phósta.

Tuigeann an fear bocht ag deireadh an amhráin go bhfuil Máirín chun fear darbh ainm Ó Floinn a phósadh: “ós é sin toil do mhuintire”. Tá an cleamhnas go tréan mar nós pósta in an-chuid tíortha inniu, agus is cinnte go bhfuil na milliún fear ar fud na cruinne a mhothaíonn cosúil leis an bhfear bocht tinn a chloisimid sa mhóramhrán grá seo.

 

  1. Leaba Shíoda – le Nuala Ní Dhomhnaill

Sa léiriú seo, tá dánta agus amhráin a chlúdaíonn tréimhse breis is míle bliain. Tá filí comhaimseartha na Gaeilge ag cur leis an taisce pléascach sin i gcónaí. Tugann ceol sacsafóin Éamonn Galldubh isteach i ndomhan earótach sinn agus ansin cloisimid dán earótach Nuala Ní Dhomhnaill Leaba Shíoda.

Is álainn an cur síos atá aici:

“Is bheadh do bheola taise/ ar mhilseacht shiúcra/ tráthnóna is sinn ag spaisteoireacht/ cois abhann”.

Ardaíonn Nuala an teas arís nuair a deir sí: “is ba mhór an pléisiúr dúinn/ bheith géaga ar ghéaga/ ag iomrascáil am lonnaithe na leamhan”.

Níl sa léiriú seo ach tús agus tógfar air arís san athbhliain.

Grá, an ea? Níl gá le faic eile, mar a dúirt na Beatles.

*Léireofar Má Thagann Tú/ If You Come...sa Back Loft ar Bhóthar Naomh Agaistín ar an Domhnach, 23 Samhain ar a 3 i.n. Saorchead Isteach.

Fág freagra ar 'Galar cráite an ghrá ag Gaeil'

  • Deasún ÓSeanáin

    Le Joanie Burton bearfaidh mé gort-an
    bhfuil le fáil i nGailearaí na nDiabhail nó
    an bhfuil fear géir ann in Uisce Éireann
    ag ceangail féar ann go lá mo bháis.